TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Inis Oírr
Dara Ó Conaola Dara Ó Conaola

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Dara Ó Conaola ar Inis Oírr, amach ó chósta na Gaillimhe.

Íomhá
Íomhá
Caisleán na mBrianach
Íomhá
Radharc ar Chaisleán na mBrianach ón trá

Tá tionchar áithrid ag an turasóireacht ar an saol in Oileáin Árann le fada an lá. Ós rud é gur tionscal séasúrach atá i gceist níl an tionchar sin rómhór, go fóill ar aon chaoi.

Tagann go leor cuairteoirí go dtí an t-oileán seo mar gur dóigh leo gur áit ar leith atá ann. Tá láithreacha seandálaíochta anseo againn, iarsmaí ón luath-Chríostaíocht ann go flúirseach agus cultúr na nGael le blaiseadh ann.

Thart ar trí chéad duine atá ina gcónaí in Inis Oírr, an ceann is lú de thrí Oileáin Árann. Tá sé timpeall dhá mhíle go leith ar fhad agus thart ar an tomhas céanna ar leithead. Is é an t-oileán is faide soir é de na trí cinn, mar is léir ón seanleagan den ainm Inis Oirthir. Tá sé cóngarach go leor do Chontae an Chláir, timpeall sé mhíle ó Dhúlainn. Mar sin féin is páirt de Chontae na Gaillimhe é Inis Oírr mar tá sé suite i gCuan na Gaillimhe.

On tseanaimsir i leith ba é Cuan na Gaillimhe an príomhbhealach isteach go dtí cathair na Gaillimhe. Dhá bharr sin, bhí tábhacht mhór le hOileáin Árann mar ionaid faire agus cosanta ariamh anall, ach go mór mór sna meánaoiseanna. De réir cuntais scríofa, bhí socrú déanta ag ceannaitheoirí na Gaillimhe dhá thonna dhéag fíona a íoc le tiarnaí na nOileán chun an cuan a chosaint. Bhí na Brianaigh ina dtiarnaí ar thrí oileán Árann ar feadh 450 bliain go dtí 1585, tráth a bhfuair na Flaitheartaigh an ceann is fearr orthu. Bhí na Flaitheartaigh iad féin cloíte go maith de bharr an chogaidh sin agus is iad monarcaí Shasana a rialaigh na hoileáin go dtí 1922. Ach mar sin, tá Caisleán na mBrianach go buacach le feiceáil ar bharr an aird go dtí an lá atá inniu ann.

Is idir Contae an Chláir agus Inis Oírr a sheoladh na soithí ar a mbealach isteach go Gaillimh agus ba ghnách leo píolótaí ón oileán a thógáil ar bord le hiad a threorú isteach sa gcuan. Bhí deireadh tagtha leis an gcóras sin, is cosúil, i ngeimhreadh na bliana 1960, nuair a chuaigh an Plassy ar charraig. Tárrtháladh an criú ach fágadh an bád ina luí ar an gcladach. Tá sí le feiceáil ann go fóill. Agus tá scéalta faoi eachtraí na hoíche dhá n-inseacht go fóill.

Traidisiún scéalaíochta

“Má tá bréag ann, bíodh,” a deireadh Joe Mháirtín Ó Flaithearta. “Ní mise a chum ná a cheap é.” Seanchaí cáiliúil a bhí ann a fuair bás i 1965 agus a bhfuil bailiúchán mór scéalta tógtha síos uaidh. Bhíodh m’athair ar cuairt aige nuair a bhí sé féin óg agus dúirt sé go raibh sé tugtha suas dhó a bheith ar an scéalaí ab fhearr a bhí sa gceantar seo lena linn. Ina leabhar faoi scéalaíocht na hÉireann dúirt Myles Dillon faoi Joe Mháirtín: “He was the best storyteller I ever met, and gesture and intonation added much to his performance. Even after the long interval of time I can still hear his voice in passages, when I read again.” Bhí dealbh de Joe Mháirtín leis an dealbhóir James Power ar taispeáint ag Taispeántas Ealaíne an Oireachtais sa mbliain 1992. Tá an dealbh sin le feiceáil sa Teachín Ceanntuí, Ionad Oidhreachta Inis Oírr, faoi láthair.

Áiseanna agus lóistín

Chomh maith leis na seanáiteanna, tá áiseanna nua-aimseartha ar fáil san oileán freisin. Tá trí theach ósta, ceardsiopa, teach oidhreachta, ionad ealaíne agus oifig an phoist ann, agus tá rothair le fáil ar cíos. Is féidir le daoine fanacht i dtithe lósitín, leaba agus bricfeasta, nó tithe a fháil ar cíos.

Tá bunscoil agus meánscoil san oileán agus tagann dochtúir ar cuairt uair sa tseachtain.

Ceol agus cultúr

áibhéil a rá go bhfuil bua an cheoil agus na hamhránaíochta ag muintir Inis Oírr. Ar chláracha TG4 “Geantraí” agus “Abair Amhrán” le deireanas cloiseadh an t-amhránaí Lasairíona Ní Chonaola, atá ar an dlúthdhiosca “Lights In The Dark” agus a bhfuil albam nua dá cuid ullmhaithe agus le foilsiú i rith an tsamhraidh; na ceoltóirí Pádraig agus Máirtín Ó Domhnaill; Mícheal Ó hAlmhain, atá gníomhach go náisiúnta i gComhaltas Ceoltóirí Éireann agus atá ina chónaí anois le fada in Inis Oírr.

Bealaí taistil

Tá seirbhisí laethúla aeir www.aerarann.ie agus báid go dtí an t-oileán. Fágann bád Ros a’ Mhíl i gConamara chuile mhaidin ag 10.30 a.m. i rith na bliana uilig. Is féidir bád a fháil as Dúlain i gContae an Chláir chuile lá i rith an tsamhraidh.

An Ghaeilge

Tá an teanga Ghaeilge go láidir ag sean agus óg san oileán seo agus is mór an gradam dúinn gurb é Inis Oírr a bhuaigh an phríomhdhuais i gcómortas Ghlór na nGael i mbliana.

Buille scoir

Tá an timpeallacht go deas glan agus aer folláin na Teiscinne móire dhá gcumhdach. Ina theannta sin tá na radharcanna go haoibhinn. Is féidir liom a rá go bhfuil saol breá againn san oileán.

Is múinteoir agus scríbhneoir é Dara Ó Conaola. Beidh sé ag tabhairt ceardlann scríbhneoireachta in Inis Mór mar pháirt de Cúirt: Féile Idirnáisiúnta Filíochta agus Litríochta go luath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.