AR NA SAOLTA SEO
Infheistíocht mhór i ndán don tuaisceart
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Má éiríonn le páirtithe polaitíochta na Sé Chontae teacht ar chomhréiteach an mhí seo beidh an-rath i ndán do phobal an chuige, a deir Robert McMillen.

Íomhá
Gordon Brown, Seansailéir an Státchiste
Íomhá
An tAire Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern
Íomhá
Martin McGuinness, Sinn Féin

Beidh na páirtithe polaitíochta uilig – Sinn Féin agus an DUP san áireamh – i Sráid Downing ag tús na míosa seo ach ní ólfaidh siad tae uimhir a deich ach gheobhaidh siad brioscaí agus deoch béal dorais, in uimhir a 11, Sráid Downing, áit chónaithe Gordon Brown.

55 lá roimh an Nollaig, beidh siad ansin le hiarraidh ar Santa – aka Seansailéir an Státchiste - £5 bhilliún a thabhairt dóibh, £1 bhilliún in aghaidh na bliana.

Ach ní thagann Santa chuig páistí dalba. B’fhéidir nach bhfaigheadh bunadh na Sé Chontae ach stoca lán guail mura n-aontaíonn na páirtithe ar dhul chun cinn i gcúrsaí póilíneachta agus cirt agus ar roinnt na cumhachta.

Is é a bheas ar liosta mianta na bpáirtithe nuair a bhuailfidh siad le chéile ná airgead a chuirfidh feabhas ar an infrastruchtúr, a ndearnadh neamart ann le linn bhlianta na dTrioblóidí.

Lena chois sin, iarrfaidh siad ar an Uasal Brown moill a chur ar chur i bhfeidhm táillí úra uisce agus laghdú a dhéanamh sa ráta cánach corparáidí a íocann comhlachtaí ó thuaidh. (Measann na páirtithe go meallfadh ráta laghdaithe cánach corparáidí níos mó infheistíochta ó thar lear. Faoi láthair, is é 30% an ráta ó thuaidh i gcomparáid le 12.5% ó dheas. Meastar go bhfuil rath an Tíogair Cheiltigh bunaithe, i measc rudaí eile, ar ráta íseal cánach corparáidí.)

Ag breathnú ar gheilleagar na Sé Chontae, tá cuma mhaith ar an scéal. Tá an dífhostaíocht níos ísle anois ná mar a bhí sé le 26 bliana agus tá níos mó jabanna ar fáil ná mar a bhí riamh. Ach taobh thiar de na fíricí sin, tá scéal eile i gceist.

an leibhéal is airde dífhostaíochta fadtéarmaí sa Ríocht Aontaithe ó thuaidh agus tá an leibhéal is airde dífhostaíochta i measc daoine óga ó thuaidh fosta. Fágann trian de chéimithe an tuaisceart gach bliain agus ní philleann 75% acu sin.

Measann saineolaithe go gcaithfear 141,000 post úr a chruthú roimh 2015 le go mbeadh an tuaisceart ar comhchéim leis an Ríocht Aontaithe.

Tá an fás san OTI – olltáirgeacht intíre – níos airde ó thuaidh ná mar atá sé sa Bhreatain ach tá fadhbanna bunúsacha le sárú ansin fosta.

Ceann de na cinn is mó ná an dóigh a bhfuil muid ag brath barraíocht ar an earnáil phoiblí.

Mar shampla, is ionann an earnáil phoiblí ó thuaidh agus 61% den OTI. Ó dheas, is é 27% an ráta.

64% de na postanna ó thuaidh, tá siad i dtrí rannóg: an earnáil phoiblí, díolachán agus fáilteachas. Mar sin, is léir nach bhfuil an earnáil phríobháideach forbartha mar is ceart. Tá sé scanrúil go bhfuil níos lú ná deichniúr fostaithe ag 89% de na comhlachtaí ó thuaidh.

costais rátaí, fuinnimh, iompair, comhshaoil agus árachais ag méadú chomh maith leis an choiriúlacht gheilleagrach.

Neamart

Le blianta, rinneadh neamart sa chóras séarachais, sna bóithre; tá brú ag teacht ó gach cearn ar fheirmeoirí; tá an bhochtaineacht forleathan.

Seo cúlra na gcainteanna a bheas ar siúl i Londan. Ar ndóigh, beidh muintir na Breataine mar dheartháir an prodigal son, an duine a d’fhan sa bhaile agus a bhí maith. Beidh siad míshásta go bhfuil an mac eile a chuaigh ar an drabhlás ag fáil duaiseanna nach bhfuair siadsan.

Ó dheas, dúirt Dermot Ahern go mbeadh “gné láidir thrasteorann” sa chéad Phlean Náisiúnta Forbartha sa deisceart.

Sna deich mbliana atá romhainn, caithfear suas le €100 billiún ar infheistíocht infrastruchtúir ar “oileán na hÉireann” agus dúirt Ahern go mbeadh cuid den chaiteachas sin dírithe ar tionscadail thrasteorann – bóithre, iarnróid, aibhléis agus teileachumarsáid.

Mar sin, tá díbhinn mhór síochána i ndán do phobal na Sé Chontae ach na páirtithe polaitíochta a theacht ar chomhréiteach.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an DUP ag cailleadh misnigh agus ag éirí neirbhíseach.

Níl an DUP sásta an chumhacht a roinnt le Sinn Féin go dtí go dtabharfaidh Martin McGuinness móid go dtabharfaidh sé tacaíocht don PSNI, a deir siad, ach is léir go bhfuil ceannaireacht an pháirtí i bhfách le Comhaontú Chill Rimhinn.

Bhí 20 pointe dearfach luaite sa doiciméad ceithre leathanach a chuir dearcadh cheannaireacht an DUP in iúl agus 10 bpointe eile ar a raibh dul chun cinn déanta, dar leo.

Ach tá ráitis ag teacht on pháirtí a léiríonn go bhfuil imní ag teacht orthu.

“The Agreement commits HMG to introduce an Irish Language Act. Its terms are unspecified but it is likely to contribute towards sanitising Northern Ireland of its ‘Britishness’,” arsa Jim Allister fá Acht na Gaeilge.

“They can like it or lump it,” arsa Nigel Dodds mura nglacann Sinn Féin le dearcadh an DUP ar phóilíneacht.

Gheobhaidh muid amach an mhí seo cé acu is fir mhisnigh iad, ainneoin an bhuartha atá orthu. Agus ansin beidh siad féin, i gcuideachta na bpáirtithe eile, ábalta dul i ngleic leis na fadhbanna geilleagracha atá ag crá cuid mhór de bhunadh an tuaiscirt.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.