AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Ilteangachas gan aon stró
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

taighde suimiúil ar siúl i Melbourne na hAstráile a thugann léargas ar an tionchar a bhíonn ag foghlaim teangacha ar an inchinn. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Deirtear nach ualach do dhuine an léann ach an mbaineann sé sin le teangacha chomh maith céanna? Go dtí seo ní raibh freagra simplí le fáil ar an gceist sin ach tá anois de bharr taighde a rinne foireann ag an Brain Research Institute i Melbourne. Rinneadh staidéar ar sheisear a bhfuil ceithre theanga ar eolas acu agus fritheadh amach go n-úsáidtear an chuid chéanna den inchinn, is cuma cé acu teanga atá á húsáid. Fuair siad amach freisin go n-úsáidtear an chuid is lú den inchinn nuair atá duine an-líofa agus go dtagann méadú (oiread is 10%) ar an gcuid den inchinn a úsáidtear i gcás teanga nach bhfuil an cumas céanna ag an duine inti.

Bhí an Dochtúir Regula Briellmann, eolaí sinsearach leis an Brian Research Institute, ar dhuine den fhoireann a rinne an taighde. Rugadh san Eilvéis í agus tógadh le Gearmáinis í. Mar is dual do pháistí na hEilvéise, thosaigh sí a fhoghlaim teangacha eile agus í ar scoil. D’fhoghlaim sí Fraincis nuair a bhí sí 10 mbliana d’aois agus Iodáilis nuair a bhí sí trí bliana déag. Tá na rialacha athruithe ó shin agus tosaíonn páistí na hEilvéise anois ar a gcéad teanga “eachtrannach” nuair atá siad a hocht agus ar an dara ceann nuair atá siad a 11. Thosaigh an Dr Briellmann a fhoghlaim Béarla nuair a bhí sí fiche mar go raibh leis le haghaidh irisí eolaíochta.

Sa bpíosa taighde seo, atá le foilsiú go gairid san iris Brain and Language, rinneadh staidéar ar sheisear as an Eilvéis atá ina gcónaí san Astráil, Regula Briellmann í féin ina measc, a bhfuil ceithre cinn de na teangacha Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis, Spáinnis agus Béarla acu. I gcoitinne, bhí líofacht mhaith acu i bpéire de na teangacha sin (a dteanga dhúchais agus an Béarla) agus cumas níos laige sna teangacha eile. Tugadh ainmfhocal dóibh (ar nós “iasc") agus bhí orthu smaoineamh ar bhriathar feiliúnach ("snámh”, cuir i gcás) a bhain leis an ainmfhocal sin.

Fhad is bhí sé sin ar siúl bhí monatóireacht á déanamh ar an inchinn le teicníocht a dtugtar íomháú feidhmiúil athshondas maighnéadach uirthi, a thaispeáin cén chuid den inchinn a raibh breis ocsaigine á úsáid inti nuair a bhí an córas teanga á úsáid. Dar le Regula Briellmann, léiríonn an taighde seo nach bhfuil stró ar bith ar an inchinn a bheith ag plé lena lán teangacha.

Ceaptar go míníonn an taighde seo freisin cén fáth go dtagann a gcumas i dteanga amháin ar ais roimh cheann eile i ndaoine dátheangacha a mbuaileann stróc iad. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go scriosfadh an stróc an píosa breise den inchinn atá ag teastáil le haghaidh an dara teanga gan cur isteach ar an teanga dhúchais.

Chomh maith le ceisteanna teanga, déantar staidéar san institiúid ar neamhoird intinne, titimeas ina measc, ar neamhoird chodlata, sceachaillí inchinne agus galair Alzheimer agus Parkinson.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.