CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Íle ghlas na cumhachta
Stiofán MacGréill Stiofán MacGréill Stiofán MacGréill

Tá go leor le foghlaim ag Éirinn ó na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar Íle na hAlban chun úsáid a bhaint as acmhainní nádúrtha an oileáin agus timpeallacht níos glaine a chruthú, dar le Stiofán MacGréill.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Obair thógála ar siúl ag ionad Chaluim Chille

Is é “Íle Ghlas” a thugtar ar Oileán Íle go traidisiúnta - cionn is go bhfuil sí an-torthúil i gcomparáid le hoileáin eile amach ó chósta thiar na hAlban. Drochaimsir a fhaigheann sí ar ndóigh, agus fearthainn go flúirseach - ach cuidíonn sin leis an uisce bheatha is blasta in Albain a cruthú, leithéidí Ardbeg, Bowmore agus Caol Íle!

Ach anois, táthar ag tabhairt “glas” ar Íle ar chúis eile: an clú atá saothraithe ag an oileán mar ionad nua-teicneolaíochta, ach go háirithe maidir le fuinneamh athnuaite. Mar a fheicfimid, tá mórán ar siúl sa pharthas beag seo 61,956 heicteár.

Ba sa bhliain 1988 a thosaigh an scéal. Ag an am sin, bhí scéim ar bun le linn snámha a chur ar fáil in Bowmore, príomhbhaile Íle. Idir an dá linn, bhí lucht drioglainne Bowmore ag iarraidh a gcostais táirgthe a laghdú, costais bhreosla go áirithe. Rinne siad staidéar, mar sin, agus d’aithin faoi dheireadh gurbh fhéidir leo a n-eorna a bhracadh le teas fuílligh ón bpróiseas driogaireachta féin, dá mbainfidís úsáid as comhdhlúthadáin mhóra.

D’aithin siad freisin gurbh fhéidir an drioglann go léir a théamh sa chaoi chéanna - na mash tubs, an téamh lárnach, an tIonad Léirithe srl; d’ainneoin sin, bheadh farasbarr uisce te ar fáil fós - agus, mar ab eol dóibh, theastaigh linn snámha óna gcomhoileánaigh. Mar sin, bhronn siad seanstór banna dá gcuid ar choiste na linne snámha, agus tógadh an linn ansin. Ansin, bhain Bowmore úsáid as a n-uisce te fuílligh féin óna gcóras leis an linn nua a théamh.

“Bhí achan duine lánsásta,” a deir Ian McPherson, bainisteoir na drioglainne, “muidne, na hoileánaigh - agus ár gcuntasóirí. Shábhálamar slam airgid!

Misniú mór a bhí sa bheart seo do bhunadh Íle. Agus ba ghearr gur thosaigh daoine eile - lucht gnó, “Glasaigh”, teicneolaithe, daoine Nua-Aoiseacha, eolaithe agus daoine eile nach iad - ag tabhairt aghaidhe ar Íle, ag smaoineamh uirthi mar bhunáit mhaith do thionscadail “ghlasa”.

Bhí siad ag smaoineamh go háirithe faoin fhuinneamh athnuaite. Tar éis an tsaoil, chonacthas dóibh, b’iomaí buntaiste a bhí ag an oileán beag: gaoth ón fharraige mhór, na tonnta, solas geal, an ghrian, agus timpeallacht neamhthruaillithe - achan rud.

“Cinnte,” a deir Dorothy Carmichael, iar-eagarthóir ar *An Ileach *(an nuachtán logánta), “is spreagúil an rud é dúinne gur airigh daoine eile go raibh deiseanna ar fáil anseo. Bhíomar mórálach cheana féin as ár dtimpeallacht anseo, as an chaoi ar thug ár sinsear aire don talamh thar na blianta. B’fhiú é, an gaisce a rinne siad - agus anois, seo muid mar cheannródaithe glasa in athuair!”

Neart tionscadal eile

Ó osclaíodh doirse na linne snámha (a bhfuil ag éirí go han-mhaith léi, dála an scéil), tá neart tionscadal glas eile tagtha chun cinn, macasamhail an Wavegen “Limpet”. Gléas turgnamhach é seo a bhaineann leas as cumhacht na dtonnta chun aibhléis a ghiniúnt. Tá sé suite ag Port na hAbhann, sráidbhaile gleoite ar chósta thiar Íle. Is comhlacht as Inbhear Nis é Wavegen.

Tá an fearas leath faoi uisce, agus de réir mar a bhíonn na tonnta ag dul isteach is ag teacht amach tríd, bíonn siad ag cruthú brú aeir ann; ansin, déanann an comhfháscadh céanna tuirbín a rothlú ag ardluas - agus as sin, tagann an aibhléis. Tá an Limpet nasctha leis an Ghreille Náisiúnta: mar sin, faigheann muintir Íle cumhacht as a dtonnta féin!

An-chliste, nach bhfuil? Ach ní sin deireadh an scéil, ná baol air. Dar le saoithe áirithe, is féidir céim eile chun tosaigh a thabhairt, is é sin, aibhléis ón Limpet a úsáid chun cumhacht hidrigin a ghiniúint.

“Is é an Scottish Fuel Consortium atá ag tacú leis an bplean seo,” arsa an tOllamh Sinclair Gair, Stiúrthóir ar Hybrid and Electric Vehicles in Ollscoil Napier (lámh le Dún Eideann). “I dteannta lenár gcomhghleacaithe in Ollscoil Strathclyde, tá gluaisteán hidrigin tógtha againn, a fhaigheann a chumhacht ó chealla breosla. Is iad na baill eile den chuibhreannas ná Wavegen, Zetec Power, Powergen Renewables agus Gníomhaireacht Fuinnimh Earraghaidheal, Lomond agus na nOileán.

“Go bunúsach, bainimid úsáid as aibhléis ón Limpet le hidrigin a ghiniúint. Próiseas leictrealaithe atá ann. Ansin, is féidir linn an fuinneamh a dhéanamh ón ghás. Ar ndóigh, tá an scéal giota beag níos casta ná sin... Pé scéal é, is féidir an fuinneamh a stóráil, i mbatairí mar shampla. Nó, d’fhéadfaí an gás a úsáid mar bhreosla go díreach; muise, tá gluaisteán tógtha againn - Napier agus Strathclyde - ina bhfuil inneall hidrigin dócháin inmheánach. Agus oibríonn sé go breá!”

Maidir le cumhacht bataire, tá dhá rogha ann, dar leis an ollamh: batairí ar bord feithicle leis an inneall a oibriú go díreach, nó batairí a bheith lonnaithe ag garáiste na feithicle chun í a luchtú. Is é an dara rogha seo a úsáideann Islay Development Company lena mhionbhus poiblí a chur ar an ród.

“Is mionbhus normálta é,” a mhíníonn Dorothy Carmichael, “seachas go bhfuil sé chomh ciúin sin. Téann sé ar thuras fud fad an oileáin - seirbhís rialta - agus tá sé ligthe ar cíos do ghrúpaí poiblí freisin. Tá gnáthchuma air, cé go mbíonn streachailt uafásach aige achan am a bhíonn air dul suas an cnoc in Bowmore!”

Níl ceann scríbe bainte amach i dtaca le cumhacht hidrigin ar Íle, dar leis an Ollamh Gair. Creideann sé gur féidir hidrigin a úsáid ar bhealaí eile: “Tá pleananna ar bun chun cumhacht a chur ar fáil do dhrioglann anseo trí insealbhú cealla breosla 200 cileavat. Creidim go bhfuil sé indéanta, ach is ceist ama é. Agus má éiríonn leis an fhearas i ndrioglann amháin, cén fáth nach n-éireodh leis sna cinn eile?”

Bealaí eile

cumhacht gaoithe ag Íle freisin, roinnt tuirbíní, agus deirtear go bhfuil feirmeacha gaoithe ar na bacáin. Chomh maith leis an méid atá luaite go dtí seo, is é Íle an suíomh do thionscadal turgnamhach eile, mar atá, cealla fótavoltacha.

In 2002, chuir rialtas na Ríochta Aontaithe sraith trialacha do chealla fótavoltacha mar fhoinse cumhachta ar bun. Fiche suíomh san iomlán a bhí i gceist, agus Íle ar cheann acu. Bhí ionad nua Gàidhlig á bhunú ar an oileán - Ionad Chaluim Chille - agus theastaigh ó Londain féachaint an ndéanfadh an fótavoltachas cúis ann. Níos mó ná giniúint aibhléise a bhí faoi chaibidil ag na húdarais, áfach. Bhí ceist eile á plé: laghdú a dhéanamh ar thruailliú san atmaisféar ó gháis mar dhé-ocsaíd charbóin, ó dhó breoslaí iontaise.

Nuair a bhí an t-ionad á thógáil (nó á atógáil, mar is iar-ospideál fiabhrais é), cuireadh díon úrnua air. In áit na ngnáthleacán, rinneadh leacáin faoi leith a shuiteáil air - leacáin fhótaileictreacha.

“Is féidir leo thart ar 7,000 cileavat uaire a sholáthar in aghaidh bliana,” a deir Graeme Pert ó Gillespies LLP, ailtire i nGlaschú a bhí i gceannas ar athchóiriú an tseanospidéil. “Caithfidh mé a hadmháil nár thugamar faoi thionscadal den saghas seo roimhe - fótaileictreachas - agus bhí mórán le foghlaim againn! Ach bhí suim againn sa *green agenda *cheana féin.”

“Ní stopann an fearas fiú sa geimhreadh”, a dhearbhaíonn Bill Thomson iar-stiúrthóir na n-oibreacha ag an suíomh. “Go laethúil anois - i mí Feabhra - is é an táirgeadh atá i gceist ná 0.9 go 1.9 cileavat uaire. An leictreachas a ghineann siad, téann sé isteach díreach sa Ghreille. Fágann sin go bhfuilimid in ann 7,000 cileavat a thógáil ón Ghreille, saor in aisce. Tá bua eile ann freisin: mar gheall ar na leacáin, ceaptar go bhfuil thart faoi 1,700 cileagram CO2 *nach bhfuil *ag éalú isteach san atmaisféar níos mó.”

“Is breá liom é sin,” a deir Dómhnull Angaidh MacIllinnein, ar bainisteoir nua an Ionaid é. “Níl mé anseo ach le coicís ach feictear dom go bhfuil an córas ag feidhmiú i gceart, istigh is lasmuigh. Bhí sé ina ghála fíochmhar an tseachtain seo caite; níor bhog na leacáin nua, ach chailleamar leacán nó dhó den gnáthchineál.”

Bhuel, sin scéal Íle Ghlas. Agus b’fhéidir go bhfuil corrtheachtaireacht ann d’Éirinn féin: más féidir a leithéid de nuála a chur chun cinn ar chósta thiar na hAlban, nach féidir a macasamhail a chur ar bun fosta ar roinnt oileán Éireannach - cad faoi “Bhearna Ghaelach” ar Thoraigh na dTonn, mar shampla?

Is iriseoir agus scríbhneoir é Stiofán Mac Gréill a bhfuil cónaí air i nDunblane na hAlban.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.