CÚINNE NA nEALAÍON
Iglesia ildánach
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar thaispeántas le Cristina Iglesia i mBaile Átha Cliath a spreagann an té a fheiceann é smaoineamh ar an timpeallacht ar dhóigh dhifriúil.

Íomhá
Cristina Iglesias, Gan teideal (Passage 1), 2002
Íomhá
Cristina Iglesias, Gan teideal, 1993 – 1997
Íomhá
Cristina Iglesias, Vegetation Room VIII, 2000

Tá domhan rúnda mistéireach cruthaithe ag an ealaíontóir Spáinneach Cristina Iglesia sa saothar dá cuid atá le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i gCill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath. Is taispeántas é a mheallann isteach níos doimhne agus níos doimhne thú, gan fios agat cad é a bheas le feiceáil timpeall an chéad choirnéal eile.

Ealaíontóir ildánach atá in Iglesia, a bhaineann úsáid as an dealbhóireacht, an ailtireacht, an drámaíocht, físeáin, an ghrianghrafadóireacht agus suiteálacha. Cruthaíonn sí timpeallacht spreagúil agus chéadfaíoch as na heilimintí seo ar fad, mar shampla cathracha gríobháin Múracha agus ballaí atá cosúil le fásra.

Is é seo an chéad uair dá saothar a bheith le feiceáil sa tír seo agus tá dhá scór bliain dá cuid ealaíne i gceist. Tá breis is fiche píosa le feiceáil sa bhailiúchán seo, agus rinneadh an chuid is mó acu go speisialta don suíomh féin.

Tagann Iglesia as glúin a thosaigh ag obair ar shuiteálacha sna hochtóidí agus, i gcodarsnacht leis an ghlúin Nua-Aoiseach a tháinig rompu, ba obair fhíorach a bhí i gceist acu den chuid is mó.

tréithe láidre ailtireachta agus dealbhóireachta le brath ina saothar agus, gidh nach bhfuil an duine le feiceáil, tá “an corp” i láthair i gcónaí ar bhealach díreach nó indíreach. Tá stíl shuntasach ag Iglesia agus úsáideann sí foinsí éagsúla mar an litríocht, an saol uirbeach agus fás orgánach chun timpeallachtaí a chruthú a bhaineann stangadh asat amanna agus a chuireann iontas ort in amanna eile.

Chuirfeadh na *Vegetation Rooms *coillte draíochtúla i gcuimhne duit a léifeá fúthu i leabhar le C.S Lewis. Tá pasáistí le feiceáil a lúbann isteach ar a chéile agus nach dtéann áit ar bith, agus iad clúdaithe le múnlú bambú, eoclaip, duilleoga atá ag feo agus adharcáin ochtapais. Cruthaíonn sí dromchla orgánach nádúrtha ach bréagach.

Ciallaíonn an focal *"celosia” *dallóg ingearach, comhla fiarach nó éad. Sa phíosa *"Celosias” *tá scáthlán casta ina bhfuil míreanna beaga adhmaid atá cearnógach agus fiarthrasna, iad fite fuaite fríd a chéile ar nós píosa ailtireachta Múraí. Tá sleachta as saothar scríbhneoirí físeacha nua-aoiseacha mar Raymond Roussel agus Janis Karl Huysmans meascaithe isteach leis. Is cuma cé chomh cúramach is a amharcann tú ar an phíosa, ní bhíonn dul agat teacht ar an bhrí atá leis. Is turas gan chríoch é.

I measc na bpríomhphíosaí sa taispeántas tá sraith priontaí ar phlátaí copair a bhfuil íomhánna de ghnáthbhoscaí cairtchláir le feiceáil orthu. Tá na boscaí méadaithe agus dromchla an chopair snasta an oiread sin gur féidir leat d’íomhá féin a fheiceáil ann go soiléir. Mothaíonn tú gur cathair uaigneach cairtchláir atá ann.

físeán mar chuid den taispeántas agus tá turas uirbeach le feiceáil ann agus lúbarnaíl i gceist ar bhealach teibí thart timpeall cathrach. Léirítear suímh uirbeacha ó pheirspictíochtaí neamhchoitianta. Tá gach rud ann briste síos go dtí an cruth is bunúsaí agus is simplí, mar shampla plánaí geoiméadracha atá le feiceáil i bpíosaí ailtireachta.

Tógann Iglesia rudaí coitianta atá thart timpeall orainn, agus athraíonn sí iad agus an tslí a n-amharcann muid orthu. Tógann sí ballaí coincréiteacha agus lúbann sí iad ar nós ruda atá solúbtha, agus cruthaíonn sí pasáistí atá cosúil le coillte atá beo agus ag fás, ach is cur i gcéill atá i gceist. Cuireann sí ár bpeirspictíocht ar rudaí thart orainn bunoscionn, rud a chuireann brú orainn smaoineamh ar ár dtimpeallacht ar bhealach difriúil.

Beidh taispeántas Cristina Iglesia le feiceáil go dtí an 5 Deireadh Fómhair.

Eolas: (01) 612-9900; info@modernart.ie; www.modernart.ie

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.