CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Idir dhá thír. Sceitsí ó Cheanada
Pádraig Ó Siadhail Pádraig Ó Siadhail

Seo sliocht as an leabhar Idir dhá thír. Sceitsí ó Cheanada le Pádraig Ó Siadhail, a fhoilseofar go luath.

Íomhá
Green Gables House
Íomhá
Lucy Maud Montgomery

An chéad sprioc atá agatsa ná Cavendish i bPáirc Náisiúnta Prince Edward Island.

Ní túisce anseo thú nó go gcuireann tú ceist ort féin cad chuige a bhfuil tú anseo. Tá Green Gables House go deas galánta agus tá na gairdíní iontach slachtmhar. Ach dheamhan spéis atá agat i mbeatha Lucy Maud Montgomery (1874-1942) agus ina mórphearsa ficsin, Anne Shirley. Níl mórán ar eolas agatsa féin faoi Montgomery nó faoina dílleachta rua ach a bhfuil pioctha suas agat ó tháinig tú chun cónaí i gCeanada. Ní de d’óige, idir ábhar léitheoireachta nó ábhar teilifíse, *Anne of Green Gables *nó na cúig leabhar eile sa tsraith. Ach cosúil leis an té a thugann cuairt ar uaigh James Joyce i Reilig Fluntern in Zürich na hEilvéise ach nach bhfuil an oiread is siolla amháin dá shaothar léite aige, tá tú anseo ar oilithreacht ag Green Gables toisc go ndeirtear leat gur áit chlúiteach í agus go mbeidh tú in ann a mhaíomh as go raibh tú anseo. Cothaíonn cáil cáil.

Iarsmalann is ea an seanteach feirme bán dhá urlár faoina dhíon glas anois. Tairgtear camchuairteanna sa dá theanga oifigiúla ach tá an bantreoraí óg Francach díomhaoin ar maidin. Dála na gcuairteoirí eile, leanann tú sna sála ag an treoraí seo agaibhse, agus tú ag blaiseadh den saol faoi mar a bhí nuair a scríobh Montgomery Anne of Green Gables *i mblianta luatha an fichiú haois. Scrúdaíonn sibh cúirtíní agus troscán. Isteach tríd an chistin libh; amach trí sheomra codlata libh. Is spéisiúil leat sprúillí mionsonraíocha atá ag an treoraí - cuirim i gcás, ar a shon gurb é seo teach Anne sa tsraith leabhar, ba le col ceathracha Montgomery é agus ní chónaíodh Montgomery féin ann riamh; ach tá Montgomery adhlactha sa reilig ag Cavendish - ach is mó suim atá agat i do chomhchuairteoirí. Is furasta iad a rangú: Meiriceánaigh is Seapánaigh a bhformhór glan agus is beag páiste atá ina measc. Cluineann tú an focal “cute” ó na Meiriceánaigh go minic. De réir mar a éisteann na Seapánaigh lena dtreoraí Seapánach féin, tá cuma chomh díograiseach orthu go gceapfá go bhfuil siad ag freastal ar shearmanas i seanteampall sacrálta *Shinto.

Ba bhreá leat a fhiafraí de na Seapánaigh cad chuige a bhfuil an dúil seo acusan in Anne Shirley, cén léiriú atá ann ar a luachanna féin nó ar an tuiscint atá acu do chultúr an Iarthair. Seans go bhfaighfeá amach go bhfuil cuid acu chomh patuar inti is atá tusa. Ach ritheann sé leat gur fearr mistéir a fhágáil ina mistéir uaireanta. Ar scor ar bith, níl smid Seapáinise agat.

Amach libh as an teach faoi dheireadh, déanann na cuairteoirí ar Lovers’ Lane taobh thiar den teach mar a siúladh Anne agus Gilbert Blythe, grá a croí, bailíonn tú leat go n-aimsíonn do rothar sa charrchlós is tugann d’aghaidh siar ar Bhóthar a Sé.

Rothaíonn tú thart le Anne Shirley Motel & Cabins ... Lucy’s Jewellery ... Anne’s Windy Poplars Resort Cottages ... Green Gables Golf Course ... Avonlea Cottage ... Anne’s Everglades Cottage ... I ndáiríre níl in Cavendish ach mionsamhail ar thionscal Oileánda nach bhfuil aon éalú uaidh. Tá achan rud - ó thithe lóistín, go proinntithe, go siopaí, go camchuairt oidhreachta, go hinstitiúid ollscoile - baiste as Montgomery nó as a cuid pearsan. Bunchloch agus seodchloch i straitéis mhargaíochta an Oileáin is ea Lucy/Anne. Tá aghaidh Anne le feiceáil ar uimhirphlátaí ghluaisteáin an Oileáin. Tá cailíní óga rua gléasta don pháirt ar leabhrán turasóireachta an Oileáin. Gach samhradh thíos sa Confederation Centre of the Arts i gcroílár Charlottetown, is é an príomhsheó a léirítear ná an leagan stáitse de Anne of Green Gables.

Oileánaigh ann atá mórtasach as an iníon dhúchasach. Táthar ann ó mhangairí beaga go hollúna mórluachacha atá i dtaobh leis an tionscal seo. Táthar ann atá débhríoch faoi. Agus táthar ann atá bréan den ealaín ar fad. Níl aon cheann feicthe agat go fóill, ach tuairiscítear go bhfuil T-léinte frith-Anne ar díol: “Annie don’t drink,” agus “Annie don’t surf.” Pian cheart sa tóin is ea m’Annie chóir. Is stáitsíodh an t-ilsiamsa Annekenstein ar feadh cúpla samhradh ina ndéantar fonóid d’íomhá fholláin Anne.

An casadh is deireanaí agus is barrúla i dtionscal Anne ná an cúiseamh faoin leispiachas. I mBealtaine 2000, chuir an tOllamh Laura Robinson cloch i mbéal oibre nuair a d’áitigh sí i bpáipéar comhdhála, “Bosom Friends: Lesbian Desire in L. M. Montgomery’s Anne Books,” go raibh na leabhair cheannann chéanna lomlán leis an leispiachas folaithe is gurbh éard a bhí sa chairdeas a bhí ag Anne le banphearsana eile cumann leispiach nár cuireadh i gcrích. Dhathaigh an t-ollamh oirirc a cuid tuairimí le flúirse tagairtí don fhriotal homa-anghrách atá sna leabhair, de réir a léamh féin orthu.

Tá na traidisiúnaithe ar buile. Tá siad ag caint ar ábhar a stoitheadh as an chomhthéacs ceart. Cúiseamh náireach scannalach is ea é nach bhfuil bun nó barr leis. Ach faoi mar a dúirt bean amháin le bean eile, bheifeá ag súil leis go ndéarfaidís sin. Idir an dá linn, bíonn margaí nua de dhíth ar thionscal i dtólamh. B’fhéidir nach fada uainn an lá nuair a bheidh treoraí ar leith ar fáil le déileáil leis na sluaite leispiacha atá ag déanamh ar Green Gables. Nó mar a d’fhógair Jan, bean Ivor, tar éis daoibh an casadh áirithe seo a phlé, seo díoltas Dé as an Droichead mallaithe sin a thógáil!

Is go mear ocrach a leanann tú ar aghaidh ar Bhealach a Sé, thart le Rainbow Valley, páirc mhór siamsaíochta a baisteadh as teideal leabhair eile de chuid Montgomery. Téann tú siar agus aniar píosa féachaint cad iad na tithe itheacháin atá ar oscailt. Faoi dheireadh, tá tú ar tí tuirlingt ag Captain Scott’s Fish and Chips nuair a leagann tú súil ar Captain Bully Forbes Chowder Pot. Anuas leat; isteach leat.

Ar an drochuair, níl tásc nó tuairisc ar an Chaptaen cóir: b’fhéidir go bhfuil an Scotach is Bulaí Firbhisigh féin amuigh ag foghlú is ag creach ar na farraigí arda. Cailín óg fáilteach a fhreastalaíonn ort ar an trá thirim. Éireannach mise fosta, ar sise go gealgháireach leat, nuair a fhaigheann sí amach cárb as duit. Ó, rugadh in Éirinn thú? arsa tú le teann diabhlaíochta. Ar ndóigh, tá a muintir ar an Oileán le sé glúine anuas. Tá rudaí ciúin go leor, ar sise. Má thagann tú ar ais anseo i mí Iúil, beidh an áit dubh le turasóirí. Ach táimid níos gníomhaí ar fud na bliana ó tógadh an Droichead. Is deacair cur suas leis na Meiriceánaigh, ar sise agus cár uirthi, ach tá siad níos féile ó thaobh síntiúis láimhe de ná na Ceanadaigh. Nuair a imíonn sí, caitheann tú cúpla bomaite ag iarraidh a mheas cén síntiús láimhe a fhágfaidh tú ar son oineach do mhuintire féin. Filleann an freastalaí ar ball beag is babhla seabhdair is ciseán bonnóg is craicéir aici duit. Téann tú ag iascaireacht sa bhabhla féachaint an bhfuil aiste ar an iasc sa linn bhainne: tá diúilicíní ann, agus breallach, portán, gliomach agus trosc is cúpla ceann nach n-aithníonn tú - uaireanta, is fearr gan a bheith róshrónach - measctha trí na glasraí. Diúgann tú an t-anraith go dtí an braonán blasta deiridh.

*Is é an comhlacht Lagan Press, Béal Feirste a fhoilseoidh *Idir Dhá Thír. Sceitsí ó Cheanada.

Is as Doire ó dhúchas é Pádraig Ó Siadhail ach tá sé ina chónaí anois i Halifax, Nova Scotia, áit a bhfuil sé mar chomhollamh sa Léann Éireannach i gColáiste Mhuire.

Gluais • Glossary

sprioctarget

ní túisce anseo thúno sooner are you here

iontach slachtmharvery tidy

beathalife

mórphearsa ficsingreat fictional character

dílleachtaorphan

sa tsraithin the series

uaighgrave

an oiread is siolla amháin dá shaotharnot even a syllable of his work

oilithreachtpilgrimage

clúiteachrenowned

a mhaíomhto boast

iarsmalannmuseum

tairgtear camchuairteannatours are offered

bantreoraífemale guide

díomhaoinidle

ag blaiseadh den saolgetting a taste of the life

troscánfurniture

sprúillí mionsonraíochaminor fragments

col ceathrachacousins

ní chónaíodh Montgomery féin ann riamhMontgomery himself never used to live in it

adhlacthaburied

i do chomhchuairteoiríin your fellow-visitors

iad a rangúto categorise them

SeapánaighJapanese

díograiseachenthusiastic

searmanasceremony

a fhiafraí deto ask

dúilliking

luachannavalues

chomh patuar intias apathetic towards her

smidword, syllable

carrchlóscarpark

mionsamhailminiature

éalúescape

proinntitherestaurants

camchuairt oidhreachtaheritage tour

baiste asnamed after

a cuid pearsanher characters

bunchlochfoundation-stone

straitéis mhargaíochtamarketing strategy

uimhirphlátaínumber plates

gléastadressed

príomhsheómain show

Oileánaighisland-people

mórtasach asproud of

dúchasachnative

mangairísellers

ollúna mórluachachaself-important professors

tionscalindustry

débhríochambiguous

bréan den ealaín ar fadsick of the whole carry-on

tuairiscítearit is reported

frith-Anneanti-Anne

Is stáitsíodh an t-ilsiamsa AnnekensteinAnd the variety show Annekenstein was staged

fonóidmockery

d’íomhá fholláin Anneof Anne’s clean image

casadhtwist

is barrúlafunniest

cúiseamhaccusation

leispiachaslesbianism

[chuir sí[she

nuair a d’áitighwhen she argued

comhdháilconference

leispiachas folaithehidden lesbianism

cairdeasfriendship

cumann leispiach nár cuireadh i gcríchunfulfilled lesbian love

oirirceminent

flúirse tagairtílots of references

homa-anghráchhomo-erotic

traidisiúnaithetraditionalists

ábhar a stoitheadhto take material

comhthéacscontext

náireachshameful

scannalachscandalous

nach bhfuil bun nó barr leiswhich has no basis

i dtólamhalways

treoraí ar leitha separate guide

na sluaite leispiachathe crowds of lesbians

díoltas DéGod’s revenge

mallaithedamned

go mear ocrachquickly and hungrily

páirc mhór siamsaíochtaa big amusement park

tithe itheacháineating houses

tuirlingtto alight

ar an drochuairunfortunately

níl tásc nó tuairisc arthere is no sign of

ag foghlúplundering

ag creachlooting

fáilteachwelcoming

go gealgháireachcheerfully

le teann diabhlaíochtaout of devilment

sé glúinesix generations

dubh le turasóirípacked with tourists

cárgrimace

níos féile ó thaobh síntiúis láimhe demore generous when it comes to tips

oineachhonour

freastalaíwaitress

babhla seabhdairbowl of chowder

ciseán bonnóg is craicéira basket of scones and crackers

féachaint an bhfuil aiste ar an iasc sa linn bhainneto see if the fish are taking the bait in the pool of milk

diúilicínímussels

breallachclam

portáncrab

gliomachlobster

trosccod

róshrónachtoo nosey

meascthamixed

glasraívegetables

diúgann tú an t-anraithyou drain the soup

an braonán blasta deiridhthe last tasty droplet

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.