THALL IS ABHUS
Idir Dhá Chathair
Máire Ní Chuagáin Máire Ní Chuagáin

Bhí Máire Ní Chuagáin siúlach idir dhá chathair na hAlban. Rachaidh sí ar ais ann amach anseo.

Íomhá
Íomhá

Tá roinnt mhaith ama caite agam in Albain faoin tráth seo. D’fhan mé i gcathair Dhún Éideann faoi dhó, thug mé samhradh ag obair san Oileán Sgítheanach, d’fhreastail mé ar chúrsa Gaidhlige ar an Oileán Sgítheanach agus chaith mé seachtain ag taisteal thart sna hOileáin Siar nuair a bhí mé ag obair ar Thuras na bhFilí. Bhí mé i gcónaí an-tógtha leis an tír, le fiántacht na ngarbhchríoch go háirithe. Tá áiteanna áille go leor feicthe agam, ach go fóill, is é cósta Iarthar na hAlban ceann de na háiteanna is deise agus is draíochtúla dá bhfaca mé riamh.

Níl aon dabht ach go bhfuil tréancheangal idir cultúr na tíre seo agus cultúr na hAlban, idir theanga, cheol agus rince. Ar ndóigh, tá rudaí a bhaineann le hAlbain amháin ; is cuimhin liom go leor a fhoghlaim san ollscoil faoi na horáin luaidh agus na puirt a’ beul, agus ansin tá rudaí a mhaireann i saol laethúil na tíre go fóill – na píoba móra, rince na Garbhchríche agus an bia ar leith cosúil le haggis agus Scottish tablet (laige mhór domsa!) Chuir mé suim mhór i gcultúr na hAlban toisc go bhfuil sé chomh cosúil le mo chultúr féin, ach ag an am céanna, tá gnéithe éagsúla ag baint leis. Léiríonn an cultúr gnéithe de stair na tíre do dhuine agus tugann sé a brí agus a sainiúlacht féin leis.

Chaith mé deireadh seachtaine in Albain le déanaí, i nGlaschú agus i nDún Éideann. Bhraith mé in aerfort Prestwick, gur cineál síneadh den bhaile a bhí ann! Mhothaigh sé go deas gan amhras! Is mór idir an dhá chathair sin, cé nach bhfuil siad ach uair an chloig ar an mbus óna chéile. Tá Dún Éideann eisceachtúil álainn mar áit. Tugann an caisleán lárionad mórthaibhseach don chathair, agus meabhróidh sé duit an stair fhada, chasta atá ag an gcathair agus ag an tír seo. Tugann na foirgnimh Ghotacha atmaisféar dorcha, diamhair don áit. Cuireann na lánaí beaga, cúnga ar a dtugtar closes leis an atmaisféar seo, chomh maith leis na boghtaí atá thíos faoin gcathair. Tá stair dhorcha ag baint leis na boghtaí seo – rinneadh go leor turgnaimh leighis iontu le linn na meánaoise. Bhí mé cosúil le páiste scanraithe nuair a bhí mé thíos iontu. Bhraith mé go raibh rud éigin aisteach san aer, mar a bhraith mé in áiteanna cosúil le Port Arthur sa Tasmáin chomh maith. Bhraith mé ó am go chéile go raibh mé ag siúl thart i leabhar staire! Tá scéal taobh thiar den mhéid sin áiteanna agus foirgneamh, agus tá an chathair féin ar maos i stair na hAlban. Toisc go bhfuil Dún Éideann chomh tarraingteach mar chathair, tagann daoine go leor chun cónaí ann agus is beag de bhlas na hAlban a chuala mé ar an tsráid. Bhí fhios agam go raibh rud éigin difriúil faoin áit chomh maith, ach ní raibh mé ábalta mo mhéar a leagan air! Ach ansin, dúirt mo chara liom é – nach bhfuil mórán tráchta sa chathair in aon chor! Tá sise ina cónaí ann le mí anuas agus ní fhaca sí oiread is tranglam tráchta amháin! Bíonn lár na cathrach an-chiúin san oíche freisin, ach seans go mbaineann sé sin leis an bpraghas ard a bhíonn ar an bpionta! Cé go mbíonn praghas níos airde ar an bpionta i mBaile Átha Cliath, bíonn na sluaite ar an tsráid agus bíonn an tranglam tráchta againne!

Cé nach bhfuil Glaschú chomh mórthaibhseach céanna mar chathair, tá a carachtar féin aici gan amhras. Braithim i gcónaí go bhfuil Glaschú rud beag cosúil le Baile Átha Cliath ach seans go bhfuil baint ag sin leis an dlúthghaol atá ag Glaschú le muintir na hÉireann. Tá a stair féin ag Glaschú, stair thionsclaíoch nach bhfuil i gceist le Dún Éideann. Níl an rian Gotach le feiceáil agus tá leagan amach an dá chathair éagsúil lena chéile - is beag cobblestones a fheictear i nGlaschú ach is cinnte go bhfaca mé níos mó ná tranglam tráchta amháin ann! Cé go ndúirt mé i gcónaí go mbeadh fonn orm cónaí i nDún Éideann, n’fheadar an bhfuil níos mó le tairiscint ag Glaschú mar áit chónaithe? Tá rud éigin an-réchúiseach, compordach, beomhar ag baint leis an áit – agus is cinnte go bhfuil sí níos saoire ná Dún Éideann! Is dócha gur léiriú é Dún Éideann ar Albain na staire agus gur léiriú é Glaschú ar Albain na nua-aoise.

Níl aon amhras ach go bhfillfinn ar an dá chathair arís agus arís. Tá cultúr, stair agus craic iontu agus tá áilleacht nádúrtha na hAlban ar leac an dorais acu. Ní dóigh liom go n-éireoidh mé bréan d’Albain ná dá muintir. Tá an t-ádh orainn ar fad go bhfuil ár gcol ceathracha Ceilteacha chomh gar sin dúinn agus gur féidir linn roinnt lena chéile, gach a bhfuil cosúil againn le chéile, agus gach nach bhfuil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.