Tá Deirdre Davitt ag triall ó dheas go Corca Dhuibhne i gCiarraí ó bhí sí ina déagóir agus tá sí oiread faoi dhraíocht ag an gceantar anois is a bhí an chéad lá riamh.
Téir faobhar na faille siar tráthnóna gréine go Corca Dhuibhne, Is chífir thiar ag bun na spéire ag ráthaíocht ann An Uimhir Dhé, is an Modh Foshuiteach, Is an tuiseal gairmeach ar bhéalaibh daoine: Sin é do dhoras, Dún Chaoin fé sholas an tráthnóna, Buail is osclófar D’intinn is do chló ceart. ("Fill Arís")
An raibh sé ar scoil agat? Nach álainn é? Bhí dán Sheáin Uí Ríordáin léite agam féin sarar leagas cos ar Chorca Dhuibhne den chéad uair riamh i lár na seascaidí agus mé seacht mbliana déag. B’fhada liom go dtabharfainn faobhar na faille orm féin go bhfeicfinn le mo shúile cinn na míorúiltí fileata sin ag bun na spéire. Ach faoin am a bhain an bus An Daingean amach bhí sé ina chlapsholas agus is ar éigean a bhí ar mo chumas an claí a fheiscint agus mé ag rothaíocht siar i dtreo Bhaile an Fheirtéaraigh.
Ach tar éis oíche mhaith chodlata agus bricfeasta breá “Gaelach” sa tigh feirme ar na Gorta Dubha, seo liom in airde sa diallait arís siar go Dún Chaoin agus timpeall “faobhar na faille” go Ceann Sléibhe mar a dhein An Ríordánach romham. Agus an bhfaca mé na míorúiltí? Táimse á rá leat nach bhfuil aon fhocal eile a dhéanfadh cur síos ar na radharcanna os mo chomhair amach. An tAigéan Atlantach ag réabadh na gcarraigeacha thíos fúm ag bun na bhfailltreacha agus na Blascaodaí ag lonrú faoi sholas na gréine. An Blascaod Mór mar ar mhair Peig fadó; Inis Mhic Uibhleáin, a cheannaigh an tIar-Thaoiseach, Cathal Ó hEachaidh blianta beaga ina dhiaidh sin; agus Inis Tuaisceart, nó “An Fear Marbh”, sínte mar chorpán i measc na dtonn. Bhíos faoi dhraíocht. Táim faoi dhraíocht ó shin ag Iarthar Dhuibhneach.
An seansaol
Is mór iad na hathruithe a tháinig ar an gceantar seo is faide siar san Eoraip le daichead bliain anuas ach níl an seansaol bailithe leis ar fad as ach an oiread. B’fhearr linne, cuairteoirí, nach mbaileodh go deo, is dócha. Éinne a chaitheann a saol sa chathair, lena mór-is-fiú, lena brú tráchta agus a brú daonna, is milis léi boladh na móna agus comharthaí sóirt an tseanchultúir - seandaoine scéalacha, naomhóga, ba á dtiomáint síos na bóithríní - ach ní ar aislingí amháin a mhaireann na daoine. Thar aon cheantar eile Gaeltachta tá Corca Dhuibhne tar éis an-mheascán den sean agus den nua a bhaint amach di féin agus murach an nua, seans nach mbeadh éinne ina chónaí ann ach lucht saoire samhraidh.
Tógaimis an sean ar dtús. Tá an tuiseal gairmeach fós ar bhéalaibh daoine. Bíonn na seiteanna iontacha Ciarraíocha sin ar siúl sna tithe tábhairne. Ach an rud is tábhachtaí ar fad, tá nádúr agus dúchas sna daoine i gcónaí. Ó thaobh an nua de, tá Baile an Daingin anois ar bhaile chomh trendy is a gheofá sa Eoraip, lán de shiopaí breátha agus bialanna gourmet. Tá báid chumhachtacha farantóireachta anois ag tabhairt daoine isteach ar an mBlascaod agus má tá tú i measc na ngealt sin ar maith leo liathróid bheag bhán a bhualadh timpeall ar feadh an lae, tá galfchúrsa den scoth acu i nDún an Óir.
Agus ní ceart Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid a dhearmad. Gheobhaidh tú anseo léargas fáiltiúil físiúil ar an saol sin as ar fáisceadh leithéidí Pheig Sayers, Tomás Ó Criomhthain (An tOileánach), Muiris Ó Súilleabháin (Fiche Blian ag Fás) agus iad ag stracadh i gcoinne an chruatain agus réabadh na mara móire. N’fheadar cad déarfaidís san le Galfchúrsa Cheann Sibéal agus na mílte sin ag triall ar an deilf, Fungi, dá bhfillfidís as na flaithis ar cuairt lae?
Is as Corcaigh ó dhúchas í Deirdre Davitt. Tá sí ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge.