AR NA SAOLTA SEO
Hamlet gan an prionsa
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Breathnófar siar ar chruinniú mullaigh Johannesburg mar fhaillí stairiúil ag am atá thar a bheith cinniúnach, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.

Íomhá
Tuilte sa Ghearmáin, Samhradh 2002
Íomhá
Buachaill óg sa tSaimbia ina sheasamh in aice le barraí ar theip orthu, Samhradh 2002

Ní hé lá na báistí lá na bpáistí. Rith an seanfhocal liom go minic ar bhóithre na Mór-Roinne an samhradh seo, an bháisteach ag stealladh anuas ar dhíon an veain champála agus na páistí ag dul ar mire ar cúl. An lá áirithe seo, shocraigh muid ar chuairt a thabhairt ar na Cascate di Marmore, na heasa is airde san Eoraip. Ina áit sin, áfach, chaith muid an tráthnóna faoi dhíon gréine ag caife galánta cois locha, ag stánadh go díomúch ar an mbáisteach a bhí ag titim ina sruthanna móra troma mórthimpeall orainn. Báisteach a chuirfeadh monsún na hInde i gcuimhne duit, seachas an Iodáil i gcroílar an tsamhraidh.

Labhair an freastalaí linn go séimh. “Táimse ochtó dó bliain d’aois,” a d’inis sé dúinn ina chuid Iodáilise binne, “agus ní fhaca mé báisteach mar sin riamh i rith mhí Iúil.” Shín sé a mhéar chreathánach amach i dtreo na mbuachaillí. “Má tá sé mar seo inniu, cén chaoi a mbeidh cúrsaí faoin am a bheas siadsan sna fir?”

Chuimhnigh mé ar ghaois an tseanfhir seo agus mé ag léamh na dtuairiscí ó Chruinniú Mullaigh an Domhain i Johannesburg. Tuairiscí a chuirfeadh éadóchas ort, muna raibh dóchas caillte cheana féin agat toisc daille agus útamáil na dtíortha saibhre ó Chruinniú Mullaigh Rio deich mbliana ó shin. Agus más fíor go dtuigeann níos mó daoine ná riamh san Eoraip go bhfuil praghas le n-íoc as ár gcuid caiteachais agus as ár gcuid forbartha neamhshrianta, agus as ár gcaidreamh éagórach agus impiriúil leis na tíortha bochta, is léir chomh maith nár bhog Stáit Aontaithe Mheiriceá oiread is órlach ón ráiteas cáiliúil a thug George Bush ag Rio sa mbliain 1992. “Ní dhéanfar aon idirbheartaíocht maidir leis an tslí bheatha Mheiriceánach,” a dúirt athair an uachtaráin reatha le cinnirí an domhain an t-am sin.

Deich mbliana níos déanaí, agus fianaise dhosheanta againn go bhfuil athruithe móra tubaisteacha ag titim amach, níor bhac a mhac le teacht chuig an gcruinniú i Johannesburg, fiú amháin, gan trácht ar aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna.

Níos measa fós, is léir anois gur bhain Rialtas SAM agus a chuid comhghuallaithe úsáid as an gcruinniú mullaigh chun a gclár féin a bhrú chun cinn - clár a bhaineann le srianta ar an saorthrádáil a bhascadh ar mhaithe leis na hollchomhlachtaí domhanda. Agus munar éirigh leo gach a bhí uathu a chur i gcrích, d’éirigh leo an bhrí is an bheatha a shú amach as mórán chuile ráiteas, chuile cháineadh, chuile phlean gníomhaíochta, chuile straitéis a d’eascair ón gcruinniú nach raibh ag teacht lena gclár féin. Breathnófar siar air seo, creidim, mar fhaillí stairiúil ag am atá thar a bheith cinniúnach don domhan ar fad. Íocfaidh muide go daor as, agus íocfaidh ár gcuid páistí as ar feadh a saoil.

An ghéarchéim bia

Sampla den chlár oibre seo is ea an chaoi a bhfuil SAM ag plé leis an ngéarchéim bia i ndeisceart na hAfraice. Is gá suas le milliún tonna bia a thabhairt isteach sa réigiún uaidh seo go ceann sé mhí, chun dul i ngleic leis an ngorta mór atá ag teacht chun cinn ann, agus chun na milliúin duine a shábháil ó bhás mall pianmhar an ocrais. (Tá triomach neamhghnáthach sa réigiún le roinnt blianta anuas; meastar go bhfuil baint ag na hathruithe san aimsir leis an triomach seo.)

Tá SAM sásta os cionn 200,000 tonna a chur ar fáil, tairiscint atá réasúnta flaithiúil. Ach tá praghas leis. Bia ginchóirithe atá i gceist acu a thabhairt ann, an mhin bhuí ach go háirithe. Anois, le cúpla bliain anuas tá díospóireacht fhíochmhar ag dul ar aghaidh sna tíortha forbartha maidir leis na GMOs nó an bia ginchóirithe. Tá an dá thaobh den argóint ann: iadsan a deir gur deis atá ann níos mó bia a chur ar fáil ar chostas níos lú, agus iadsan a deir go bhfuil sé contúirteach GMOs a scaoileadh amach sa timpeallacht ag an bpointe seo toisc nach bhfuil a fhios againn fós cén tionchar fadtéarmach a bheas acu ar an saol.

Cleas suarach atá ann, sa gcomhthéacs sin, teacht chun fóirithinte ar dhaoine le bia i bhfoirm GMO amháin, agus úsáid a bhaint as ocras na mbochtán chun an bia nua seo a scaipeadh. Iarracht atá ann na cosa a bhaint den díospóireacht atá ag dul ar aghaidh sna tíortha saibhre, agus fait accompli a thabhairt dúinn: féach, tá GMOs ar fáil go forleathan san Afraic anois, tá sé rómhall bheith ag caint ar shrian a chur leo ...

Mar chuid dá stráitéis, tá rialtas SAM ag cur brú ar an Aontas Eorpach agus ar ghníomhaireachtaí ar nós USAid (an ghníomhaireacht Mheiriceánach um fhóirithint bia), an Clár Bia Domhanda (WFP), an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) agus Eagraíocht Bhia is Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (UN FAO). Ba mhaith le Washington go ndéarfadh na dreamanna seo go poiblí gur bia sábháilte atá ann. Go dtí seo dhiúltaigh an tAontas Eorpach a leithéid de ráiteas a dhéanamh.

Idir an dá linn, tá rogha an dá dhíogha déanta ag tíortha ar nós na Saimbia, Mhósaimbíc agus na Siobáibe. Ar thaobh amháin dén scéal tá géarghá acu le bia de chineál ar bith. Ar an taobh eile tá drogall orthu glacadh le torthaí éiginnte na biteicneolaíochta. Mar a dúirt Aire Talmhaíochta na Saimbia, Mundia Sikatana, “Ní féidir linn bheith chomh mífhreagrach sin is go gcuirfidh muid beatha daoine neamhurchóideacha i mbaol. Ní gá dúinn dul ag plé le biteicneolaíocht ag an bpointe seo. Má thosnaíonn muid ag plé le GMOs scriosfar ár gcuid easpórtálacha agus caillfidh na mílte duine a gcuid postanna.”

An réiteach atá acu ar an gceist ná glacadh leis an mbia ginchóirithe, ach é a mheilt sula dtugann siad amach é sa gcaoi is nach mbeidh feirmeoirí in ann na síolta a chur. Beidh an bia ann, ach ní theastaíonn uathu go bhfásfaidh bia ginchóirithe as sula mbeidh cinneadh déanta acu féin.

Is iomaí sampla eile atá ann den chaoi ar éirigh le SAM an clár traidisiúnta forbartha is fóirithinte, gan trácht ar an gclár comhshaoil, a chur as a riocht i Johannesburg. Agus cé gur tháinig roinnt pleananna fiúntacha as (an gcuirfear i gcrích iad?), ba é an rud ba shuntasaí ar fad faoin gcruinniú mullaigh ná an rud nar pléadh go hoifigiúil ann. Sin diúltú náireach SAM do Phrótócal Kyoto, comhaontú idirnáisiúnta a d’eascair as Rio a bhfuil mar aidhm aige dul i ngleic le truailliú an aeir (agus tús pianmhar a chur leis an obair chun téamh domhanda a stopadh).

Cén mhaith é ollchruinniú domhanda a reáchtáil gan dul i ngleic leis an gceist is práinní agus is lárnaí, téamh domhanda? Agus céard is fiú an dráma Hamlet a chur ar stáitse gan an prionsa?

Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois agus ag obair mar shaoririseoir. Chaith sé seal ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.