CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Grinnstaidéar ar cheol saibhir Séamus Ennis
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

leabhar an-tábhachtach curtha amach ag Pat Mitchell faoi cheol an phíobaire Séamus Ennis. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin saothar nua seo.

Íomhá
Íomhá
Ábhar an leabhair, Séamus Ennis
Íomhá
Údar an leabhair, Pat Mitchell

Antaine Ó Faracháin: Inis dom i dtosach céard go díreach atá sa leabhar seo.

Pat Mitchell: Bhuel, i dtosach báire is dóigh nach don ghnáthdhuine é an leabhar seo. Is é an rud atá ann ná athscríobh ar cheol Shéamuis Ennis. Rinne mé iarracht dul go domhain isteach ina chuid ceoil le hanailís a dhéanamh air. Bhí ceolmhaireacht iontach i gceol Shéamuis go mb’fhéidir nach dtabharfaí faoi deara gan dul isteach go mion ann. Tá athscríobh simplí ann dá leagan de thiúin agus ansin, mar a deirim, anailís an-mhion. Chomh maith leis sin tá beagán eolais ann faoina shaol.

AÓF: Cén chaoi ar thosaigh tú ar an tionscadal seo?

PM: Thosaigh an smaoineamh blianta fada ó shin. Bhí an-dúil agam i gceol Ennis riamh agus thosaigh mé ag éisteacht go géar leis na rudaí beaga a bhí ar siúl aige. Bhínn ag tabhairt rudaí beaga faoi deara agus bhínn á lua sin le Breandán Breathnach. Ba eisean a dúirt liom iarracht a dhéanamh na rudaí beaga a thug mé faoi deara a scríobh síos ionas go mbeadh daoine eile in ann tairbhe a bhaint astu. Chuir ceol Willie Clancy faoi dhraíocht mé freisin. Chuala mé lá amháin go raibh 42 leabhar scríofa faoi Marilyn Munroe agus rith sé liom nach raibh tada ann ag an am faoi Willie Clancy. Shocraigh mé i m’intinn a chuid ceoil a chur amach i bhfoirm leabhair mar ómós don fhear, rud a rinne mé i 1976 nuair a foilsíodh The Dance Music of Willie Clancy. Lean mé sin, in éindí le Jackie Small, le The Piping of Patsy Touhey i 1986. Mar sin, ní raibh ann ach ceist ama go dtí go dtabharfainn faoi cheann a chur amach faoi Ennis.

AÓF: Cé mhéad ama a thóg sé ort an leabhar faoi Ennis a chur le chéile?

PM: Mo shaol ar fad! Thóg sé 8 nó 9 de bhlianta orm is dóigh. Thosaigh mé ag bailiú taifeadtaí dá chuid ceoil, cinn a bhí amuigh ar an margadh poiblí agus cinn a bhí i mbailiúcháin phríobháideacha. Chuir mé bunachar le chéile leis an eolas ar fad a bhailiú. Bhí daoine ann a cheap nach raibh an oiread sin tiúineanna ag * *

Séamus Ennis ach nuair a thosaigh mé ag déanamh taighde air tháinig mé ar thart ar 220 tiúin éagsúil de cheol rince, 40-50 fonn mall, chomh maith le hamhráin agus scéalta. Ní gnáthleabhar ceoil é seo sa tslí is go bhfuil anailís déanta ar a chuid ceoil. Nuair a éisteann tú leis an taifeadadh fuaime agus an leagan scríofa a bheith os do chomhair amach spreagann sin thú le héisteacht níos géire leis an rud a bhí ar siúl aige. Ba mhaith liom daoine a spreagadh leis sin a dhéanamh. Tá sé cosúil le hiniúchadh géar a dhéanamh ar an dearadh casta atá i Leabhar Cheannanais. Dá ghéire a dhéanann tú iniúchadh air sea is mó a fhaigheann tú amach. Agus léiríonn sé go raibh Ennis é féin an-ghéarchúiseach faoina sheinm agus go raibh cur chuige comhfhiosach aige.

AÓF: Ós rud é gur thóg sé an oiread sin ama ort, ar smaoinigh tú riamh ar é a chaitheamh san aer? Nó ar chaill tú spéis ann nó foighid leis aon uair?

PM: Níor chaill mé spéis riamh ann cé go raibh amanntaí ann nuair a bhí srianta praiticiúla ag cur isteach orm, tinneas, ríomhairí agus araile. Nuair a bhí orm stopadh bhí sé deacair tosú arís ach ansin nuair a bhínn ag obair air bhí sé deacair gan a bheith sáite ann. B’fhéidir go gcuirfeadh tiúin nó gné amháin moill orm freisin toisc é a bheith chomh spéisiúil sin.

AÓF: Deir tú nach don ghnáthdhuine an leabhar seo. Cé air a bhfuil sé dírithe, mar sin?

PM: Orthu siúd a thiocfaidh inár ndiaidh, chun go mbeidh an t-eolas seo ann go deo! Ar phíobairí go príomha, is dóigh, iad siúd go bhfuil cur amach acu ar cheol Shéamuis Ennis cheana féin. Ba mhaith liom a cheapadh go gcabhródh sé leo codladh na hoíche a fháil seachas a bheith ag dúiseacht i lár na hoíche ag iarraidh a dhéanamh amach cén bealach a sheinn sé a leithéid seo nó a leithéid siúd. Beidh siad in ann éirí as an leaba anois, féachaint ar an leabhar chun an fhadhb atá ag dul timpeall ina gcloigeann a réiteach, agus filleadh ar ais ar an leaba ansin! Chomh maith leis sin ba mhaith liom go mbeadh eolas luachmhar ag na glúnta de phíobairí a bheidh ag teacht inár ndiaidh. Go gcuirfear ar aghaidh roinnt scileanna agus gnéithe de cheolmhaireacht Ennis. Agus b’fhéidir go gcabhródh sé le daoine atá ceolmhar ach atá taobh amuigh den traidisiún an saibhreas seo a thuiscint.

AÓF: Cén cur chuige a bhí agat agus cad iad na ríomhchláracha a d’úsáid tú? An raibh an obair fadálach?

PM: Thaifead mé na tiúineanna ar an ríomhaire, ag úsáid an chláir Goldwave, i bhfoirm WAV mono. Ansin d’úsáid mé clár darb ainm Transcribe. Leis sin bhí mé in ann na tiúineanna a chur ó C# (an airde a d’úsáid Ennis) go D, an ghnáthairde. Bhí mé in ann iad a mhoilliú ansin agus an airde a choinneáil ag an am céanna chun mionanailís a dhéanamh ar a chuid ornáidíochta agus mar sin de. Sa gcaoi sin bhí mé in ann iniúchadh a dhéanamh ar gach uile nóta. Ó, agus d’úsáid mé cárta fuaime seachtrach ar ardchaighdeán! Ní obair fhadálach ach obair bhuille a bhí inti!

AÓF: Céard iad na gnéithe is suimiúla de phíobaireacht Ennis, dar leat?

PM: An réimse d’éifeachtaí toin ar bhain sé úsáid astu agus an cur chuige a bhí aige chun iad sin a bhaint amach. Dúirt sé féin go raibh gné chruinn eolaíoch ag baint le méarú na píobaireachta, rud a léiríonn gur oibrigh sé amach go cúramach agus go comhfhiosach a raibh ar siúl aige.

AÓF: Agus an tionscadal mór seo críochnaithe agat anois céard é an chéad cheann eile atá beartaithe agat?

PM: Anailís chomparáideach idir Séamus Ennis agus ceoltóirí eile – Bobby Casey, b’fhéidir!

Tá The Dance Music of Séamus Ennis ar fáil ó www.pipers.ie

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.