CÚRSAÍ SPÓIRT
Graifne, Graí agus Bás
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Chuaigh eachtra graifne i gcion ar Cholm Mac Séalaigh ina óige, ní ba ábhar machnaimh dó arís le deireanas: beathach capaill a chur chun báis.

Íomhá
Briogáid na hÉireann ag rásaíocht capall ag an Potomac 17 Márta 1863
Íomhá
Graí Náisiúnta na hÉireann
Íomhá
Baile na Lobhar

Thagair an file Tadhg Dall Ó hUiginn don ghraifne ag Inis Cheithleann breis is ceithre chéad bliain ó shin: Eich an dúin ag dul i gcoimhlint

do chím arís a rith fa seach, gur ceileadh leo tolcha an talaimhgan cheo orthu ach aghaidh each.

‘Spórt na Ríthe’ a thugtaí ar an ngrafainn, nó rásaíocht na gcapall, tráth, óir ba iad baill rítheaghlach agus dream na hardaicme, i Sasana go háirithe, ba mhó a chuir an capall folaíochta chun cinn agus a chuir ord agus eagar ar spórt na rásaíochta capall, spórt a théann siar na mílte bliain. Cé nach fuil ríoga a ritheann trí mo chuislíse chomh fada le m’eolas, ba mhinic mé ag freastal ar rásaí capall in éineacht le m’athair le linn m’óige. Bhí cúpla cúis leis an nós úd: thaitin rásaí na gcapall, mar aon leis na cluichí Gaelacha, le m’athair agus mar fhostaí de chuid Chóras Iompair Éireann ó d’fhág sé an scoil ag aois ceithre bliana déag, bhí sé i dteideal saorthaisteal ar bhusanna agus ar thraenacha a bheith aige, ag a bhean is ag a chlann. Ba mhinic muid, dá bhrí sin, ar traein maidin Sathairn agus sinn ag tabhairt aghaidh ar chruinniú na gcapall, óir tá gach ráschúrsa in Éirinn gar do stáisiún traenach - Gabhal Luimnigh, Sligeach, Gaillimh, Mala, Cill Áirne, Trá Lí, an Trá Mhór is araile. Bhímis go minic ar an mbóthar sa charr chomh maith ag dul chuig ceann de na ráschúrsaí a bhí níos gaire do bhaile - Baile na Lobhar, Baile Phúinse, An Currach, Tigh na Síóg, Baile an Bhiataigh nó Páirc an Fhionnuisce.

Laethanta sona, spraíúla a bhí sna laethanta úd ag na ‘rásaí’ – picnic againn, cúpla scilling le caitheamh ar mhilseáin is araile dá mbuafadh an capall ceart. Tháinig deireadh tobann le cúrsaí na gcapall áfach an túisce a d’imir m’athair a chéad chluiche gailf. Ní raibh caint ar bith feasta ar an gCurrach ná ar Bhaile na Lobhar, ach gach deis á tapú aige chun an galf a imirt.

Brón ar an mBás

Is iomaí cuimhne atá agam ar na rásaí capall úd, pé acu Baile an Bhriotaigh, Tigh na Síóg, Baile Phúinse, Baile na Lobhar nó áit ar bith eile a bheith i gceist. Cuimhne amháin atá láidir agus soiléir im’ intinn i gcónaí agus a thagann chugam ó am go ham ná capall marbh a fheiceáil sínte ar an talamh in aice le claí. B’éigean an capall a chur chun báis toisc gur bhris sé cos nuair a thit sé agus é ag léim thar sconsa. Bhí an-trua agam féin don chapall bocht agus é sínte marbh ar an talamh os mo chomhair. Is dóigh gur fhoghlaim mé ceacht éigin faoi bhás agus bheatha an lá sin, ach ba dheacair dom agus mé im’ ógánach an íomhá thruamhéalach úd den chapall básaithe a chur as mo cheann go ceann achar fada ina dhiaidh.

Tháinig na smaointe seo chugam arís le déanaí agus mé ag féachaint ar rásaí Cheltenham ar an teilifís. Ar chomhairle carad, chuir mé geall beag ar roinnt capall le linn féile Cheltenham. Mar a tharlaíonn go minic i gcás rásaí léime, thit capall ó am go ham, ach ba bheag tagairt a rinneadh dóibh ina dhiaidh sin sa tráchtaireacht teilifíse. Le teann fiosrachta chuaigh mé ar an idirlíon ag cuartú eolais faoi na capaill a thit. Tháinig mé ar eolas fairsing faoi chapaill ceart go leor, ach bhí eolas eile, más cruinn, a chuir buairt agus díomá orm faoi thionscal na gcapall folaíochta.

láithreáin ghréasáin go leor ann a bhaineann le rásaí capall agus le capaill i gcoitinne. Baineann go leor de na láithreáin le geallghlacadóirí, le bealaí teilifíse agus le meáin a dhéanann tráchtaireacht ar na rásaí. Ach, chuir mé suim ar leith i láithreán amháin ar tháinig mé air le linn mo chuardaigh agus ba é sin animalaid.org.uk atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe. Dar leis an eagraíocht, Animal Aid, tá drochbhail á cur ar chapaill i dtionscal na rásaíochta capall. Deir siad go gcailltear capaill ar bhonn rialta ag féilte rásaíochta ar nós Cheltenham agus Aintree. Idir 1999 agus 2009, mar shampla, maraíodh tríocha capall le linn féile an Grand National ag Aintree, Sasana.

feachtas, agus suíomh idirlín ag gabháil leis, dar teideal stopkillinghorses, bunaithe ag Animal Aid, agus deir siad go maraítear nó go gcailltear capall amháin ar chúrsaí rásaíochta capall na Breataine gach dara lá, agus go gcailltear a lán capall eile le linn traenála i rith na bliana. Tá físeán le feiceáil ar an suíomh sin a thaispeánann capaill ag titim go truamhéileach le linn rásaí. Mar a deirtear ar an suíomh, maraítear capaill le linn rásaí de thoradh an chineál spóirt atá ann agus ní de thoradh timpiste gan choinne. Gortaítear marcaigh freisin dar ndóigh, ach tá rogha acusan maidir le páirt a ghlacadh, rud nach bhfuil ag na capaill.

Leagan agus Léan

Tá mórán líomhaintí curtha i leith thionscal na gcapall folaíochta ar láithreán Animal Aid , agus más fíor dá bhfuil ann, agus níl aon chúis a cheapadh nach fíor a fhormhór, tá ceisteanna go leor le freagairt ag an tionscal. I dtuarascáil a d’fhoilsigh Animal Aid in 2006, ‘Bred to DeathHow the Racing industry’s drive for profit and glory is ruining the thoroughbred horse, tá sé ráite go bhfuil trí oiread capall folaíochta á dtáirgeadh inniu sa Bhreatain is a bhí 40 bliain ó shin, ach níl ach thart ar 35% de na capaill sin sách láidir agus folláin le dul i mbun rásaíochta.

Gortaítear agus maraítear trí bhíthin muineál briste, cnámh droma briste, géag bhriste nó taom croí, a lán de na capaill sin le linn a dtréimhse rásaíochta, agus díobh siúd nach bhfuil maith go leor chun rásaíochta, maraítear mórán le haghaidh tionscal na feola. Tá airgead mór á dhéanamh ag geallghlacadóirí, lucht póraithe, úinéirí saibhre agus ag traenálaithe mór le rá, agus níl fonn orthu sin, ná ar Údarás Rásaíochta Capall na Breataine, a n-aird a dhíriú ar rátaí arda báis, gortaithe agus tinnis i measc capaill folaíochta dar le Animal Aid.

Ní bhaineann scéal seo na gcapall leis an Bhreatain amháin. Mar a gcéanna an tionscal ar fud an domhain agus tá ról lárnach ag tionscal capall na hÉireann sa scéal. Más fíor do Animal Aid *that race horses routinely die horrific deaths on British racecourses is the industry’s dirty secret. As shocking as our statistics are, they do not account for all the deaths on racecourses and in training*

Tá sé thar am scrúdú géar, dian a dhéanamh ar thionscal na gcapall folaíochta.

Nasc: Arkle http://www.youtube.com/watch?v=zV5cpc2LmK8http://www.animalaid.org.uk/h/n/CAMPAIGNS/horse/ALL///http://www.youtube.com/watch?v=KEGLJM1ucXA&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=6mpB54xiHRU&NR=1&feature=fvwp

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.