Is léir nach féidir le colainn lúthchleasaí na linne seo réiteach agus imirt seachtain i ndiaidh seachtaine ar dhromchlaí crua nua-aimseartha faoi shíon is faoi fhearthain gan chliseadh. D’amharc Colm Mac Séalaigh le deireanas ar an gcith a d’fhliuch saol imeartha na spórt páirce, an gortú fadtréimhse.
Bhí mé ag caint le traenálaí fhoireann iománaíocht shinsir club le déanaí. Bhí imní air go rachadh sé rite leis teacht ar chúigear fear déag aclaí a bheadh in ann dul chun páirce do chéad chluiche an tséasúir nua. B’ait don bheirt againn gur gortaithe seachas cúrsaí eile ar nós scrúduithe, saoire, cúrsaí oibre nó eisimirce ba chionsiocair leis an tsáinn ina raibh an fhoireann.
Ach, tar éis machnamh a dhéanamh ar an scéal, bhí sé soiléir céard a bhí tarlaithe. Bhí iarracht an-mhór déanta ag na himreoirí an bhliain roimhe sin ó thaobh traenála agus d’éirigh leo an comórtas craoibhe agus an comórtas sraithe araon a bhuachain. Níor imríodh cluiche ceannais na sraithe 2010 go dtí Feabhra 2011. Lean imreoirí áirithe ag imirt in ainneoin gortú a bheith ag gabháil dóibh, ach ní fhéadfaidís leanúint leo go brách. Bhíodar spíonta. Thit an crú ar an tairne agus an lug ar an lag faoi dheireadh. D’ardaigh an cholainn a glór le gach duine acu agus stad, mar nach rabhthas ag éisteacht.
As an gcomhrá sin bheartaigh mé beagán taighde (agus tabhair beagán air) a dhéanamh ar an ábhar agus chuige sin scrúdaigh mé na nuachtáin (an Irish Times, an Irish Examiner, an Irish Independent agus Foinse) i lár na seachtaine go bhfeicfinn an raibh mórán scéalta faoi shárimreoirí na spórt páirce is mó, an pheil Ghaelach, iománaíocht, sacar agus an rugbaí, a bheith gortaithe. Mar a tharla, bhí go leor scéalta faoi imreoirí a bhí gortaithe, cuid acu nuaghortaithe, cuid eile gan imirt le sealanna éagsúla ama agus cuid eile tagtha chucu féin i ndiaidh a ngortaithe. Luadh seachtar imreoirí is fiche ar fad agus astu sin bhain trí dhuine dhéag le hiománaíocht, seisear le sacar (foireann Phoblacht na hÉireann a bhí i gceist), seisear le rugbaí agus beirt leis an bpeil Ghaelach.
Miorúiltí Mórchostais
Tugtar aird ar leith sna meáin chumarsáide d’aon ghortú a bhaineann le sárimreoir. Cuimhnítear fós ar an gcur is ar an gcúiteamh roimh chluiche ceannais Iomána na hÉireann anuraidh a bhain leis an ngortú do bhallnasc croiseach Henry Shefflin agus John Tennyson araon de chuid Chill Chainnigh agus an ‘mhiorúilt’ a cheadaigh dóibh dul chun páirce i gcoinne Thiobraid Árann. Tuigtear anois go ndearna na himreoirí sin agus bainistíocht na foirne botún nuair a ligeadh dóibh imirt, ach mar a dúirt duine amháin, níl íobairt ar bith nach ndéanfadh duine chun imirt i gcluiche ceannais an chontae, ní áirím cluiche ceannais na hÉireann. Ó shin i leith áfach níor imir Shefflin aon iomáint agus seans nach n-imreoidh arís agus ní dóigh le Tennyson féin go nglacfaidh sé aon pháirt i gcomórtais na bliana seo. Sin é an buille.
Baineann a lán cineálacha gortaithe nach féidir a sheachaint le cluichí páirce dar ndóigh, idir chnámha briste agus mhatáin stróicthe. Ach, is suntasach an líon gortaithe a bhfuil tionchar fad tréimhse agus do-leigheasta nach mór ag baint leo. An gortú is mó a mbíonn faitíos ar imreoirí roimhe is dóigh ná stróiceadh an bhallnaisc chroisigh, gortú atá an-deacair a leigheas. An dála céanna geall leis i gcás teannán na hioscaide agus maidhm sa teannán cúlmhurnáin, nó teannán Aichill. Gortaithe iad seo a chránn imreoirí agus a chuireann srian ar a gcuid imeartha ar feadh tréimhsí fada go minic. Níos measa ná sin arís tá gortú do chloigeann, do mhuineál agus an gortú do dhromlach an imreora a bhfuil imní ar lucht rugbaí faoi. De réir na dtuairiscí is déanaí, baineann an comhshuaitheadh nó an comhtholgadh le himreoirí rugbaí níos minice ná mar a ceapadh go dtí seo, go minic gan fhios dóibh féin ná do lucht leighis.
Teacht ar an Eolais
Cuid eile den taighde beag a rinne mé ná cuairt a thabhairt ar láithreáin ghréasáin an Gaelic Players Association, an GPA (nó Cumann na nImreoirí Gaelacha - CIG -), Cumann Lúthchleas Gael (CLG), Cumann Rugbaí na hÉireann, an IRFU (nó CRÉ) agus an Cumann Peile na hÉireann, an IFA (nó CPÉ) le go bhfeicfinn an raibh eolas le fáil iontu i dtaobh fadhb an ghortaithe. Tá mórán eolais agus comhairle ar shuíomhanna an GPA agus CLG, rud nach léir ar na láithreáin eile. Is cosúil gurb é an gortú do theannán na hioscaide an gortú is coitianta i measc imreoirí na gcluichí páirce, ach tá roinnt gortaithe eile a tharlaíonn go minic freisin, gortaithe don bhallnasc croiseach agus do bhallnasc an rúitín ina measc. Bristear cnámha agus tarraingítear matáin go rialta a d’fhéadfaí dochar trí ghnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt a thabhairt air.
Cé gur mór an méid saineolais agus comhairle atá ar fáil maidir le gortaithe a sheachaint agus cúram a dhéanamh díobh, ní léir go bhfuil mórán cainte nó iniúchadh á dhéanamh ar na fáthanna atá leis an méadú a bhraitear a bheith ar líon agus ar mhinicíocht gortú tromchúiseach. Ní mór a rá ina choinne sin gur bhunaigh CLG coiste saineolais le fadhb an thnáite a scrúdú i measc imreoirí óga sinsir agus moltaí a dhéanamh ina dtaobh. Bhí díomá ar go leor daoine le moltaí an choiste áfach.
Freagracht ar na hÚdaráis
Cé go bhfuil an gortú do rannpháirtithe ina chuid bhunúsach de chluichí páirce leis na cianta cairbreacha, braithim go bhfuil méadú tagtha le tamall de bhlianta ar an ngéarghortú tromchúiseach do bhallnaisc agus d’ailt. Nílim cinnte go bhfuil an mhaoirseacht cheart á déanamh ar na tosca éagsúla timpeall ar na cluichí a bhfuil smacht nó tiarnas ag na húdaráis chuí orthu nó ba chóir a bheith orthu. Táim ag smaoineamh go háirithe ar thosca ar nós dromchla páirce, séasúr imeartha, líon agus minicíocht na gcluichí, déine agus minicíocht na traenála, cur i bhfeidhm rialacha a bhaineann le himirt chontúirteach, tionchar agus dearcadh bainisteoirí i leith a gcuid uaillmhianta pearsanta féin, an brú a chuirtear go hindíreach ar imreoirí de dheasca ról craosach lucht fógraíochta, urraíochta, teilifíse agus maoinithe.
Gan ach sampla a lua, cé go bhfuil feabhas mór curtha ar pháirceanna CLG le roinnt blianta anuas, idir pháirceanna na stáideanna móra go dtí páirceanna áitiúla timpeall na tíre, is minic a tharlaíonn sé (i mBaile Átha Cliath ar aon nós) go mbíonn ar imreoirí dul ag imirt sa tseachtain chéanna ar dhromchlaí éagsúla imeartha idir ghnáthpháirceanna féir, fhód astro agus pháirceanna uile-aimseartha, leathshaorga. Agus cé gur iontach ann iad na háiseanna nuafhorbartha seo, is minic cluichí tábhachtacha a mbíonn fíorchoimhlint ghéar ag baint leo a bheith á n-imirt ar oícheanta fuara, fliucha geimhridh (faoi shoilse) ar dhromchlaí saorga nuair ba chóir na cluichí sin a imirt le linn na haimsire breá. Dá bhrí sin, níl scíth le fáil ag imreoirí maithe, go mór mór ón ngéarchoimhlint nuair ba chóir, agus ní fios cén dochar atá á dhéanamh, má tá, do leas fadtréimhse na rannpháirtithe.
Dá bhrí sin, is dóigh liom gur mithid do na heagrais spóirt a ndualgas a chomhlíonadh agus dul i bpáirt chun scrúdú a dhéanamh ar thionchar na dtosca thuasluaite, agus tuilleadh, ar shláinte agus ar leas na rannpháirtithe in imeacht na mblianta, nó sa chás seo, in imirt na mblianta.