TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Glór na nGael
Nóra Welby Nóra Welby

Gach mí, ceistíonn Beo! duine as eagras nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Nóra Welby, Glór na nGael (atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath).

Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?

Tá mé i mo Bhainisteoir ar Ghlór na nGael le beagnach cúig bliana anuas.

  1. Cathain a bunaíodh Glór na nGael agus cé a bhunaigh é?

Cumann na Sagart a bhunaigh é i 1961. Bhí baint lárnach ag an gCairdinéal Tomás Ó Fiaich, An tAthair Breandán Ó Doibhlinn, an Dr. Seán Mac Riabhaigh agus ag an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta lena bhunú.

Tá muid ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód i mbliana agus ag eagrú ócáidí ceiliúrtha sna cúigí éagsúla. Ba dheas bualadh le roinnt de chéad choiste Mhainistir na Féile, a bhuaigh an phríomhdhuais an chéad dá bhliain, ag ócáid ceiliúrtha a bhí againn ansin an mhí seo caite.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Bunaíodh é chun an baile is dícheallaí in Éirinn ar son na Gaeilge a roghnú. Bheadh gá le tacaíocht ó na ranna stáit agus ó gach foras poiblí chuige sin. Thoiligh a Shoilse, Éamon de Valera, Uachtarán na hÉireann, agus a Mhórgacht, Seán Cairdinéal Daltún, Príomháidh na hÉireann Uile, bheith ina gcomhphátrúin ar an gcomórtas ag an am. Tá A Soilse, Máire Mhic Giolla Íosa ina pátrún ar an gcomórtas faoi láthair.

  1. Cén obair a dhéanann Glór na nGael anois?

An mana atá againn ná “Tóg do phobal le nasc na Gaeilge”.

réimse leathan oibre idir lámha ag Glór na nGael sa lá atá inniu ann. Leis na hathraithe uilig sa tsochaí is gá do Ghlór na nGael athrú dá réir. Bíonn comhairle, tacaíocht agus cúnamh leanúnach á gcur ar fáil do phobail ar fud na tíre, ag brath ar an bplean oibre a leagann siad amach chun leasa an phobail sin ó thaobh cur chun cinn labhairt na Gaeilge, an chultúir Ghaelaigh agus na hoidhreachta áitiúla.

  1. Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas?

Timpeall £340,000 ó Fhoras na Gaeilge. Is cinnte le hairgead breise go bhféadfadh muid i bhfad níos mó a dhéanamh agus cur go mór le duaischiste Ghlór na nGael.

  1. Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Glór na nGael?

Léiríonn an fhorbairt atá tagtha ar na pobail a bhfuil an eagraíocht gníomhach iontu leis na blianta go soiléir go bhfuil borradh, an-éileamh agus suim méadaithe sa gcultúr agus sa teanga. Chun níos mó deiseanna a thabhairt do dhaoine an teanga a chleachtadh agus a úsáid ag níos mó imeachtaí i slí chompordach.

  1. Seachas airgead stáit, an bhfuil aon fhoinse eile airgid agaibh?

Tá dhá scéim fostaíochta pobail á maoiniú ag FÁS.

Déanann eagrais éagsúla urraíocht ar roinnt de na duaiseanna speisialta sa chomórtas.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá líon na gcoistí méadaithe. Tá níos mó comhoibrithe cothaithe le heagraíochtaí eile sna bailte. Tá an Ghaeilge níos feiceálaí i gceantair a bhfuil coistí Ghlór na nGael iontu. Tá na coistí páirteach i gcur chun cinn oideachas lán-Ghaeilge ina gceantair. Tá fostaíocht cruthaithe do lucht na Gaeilge. Tá coistí Ghlór na nGael an-ghníomhach i dTuaisceart Éireann.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht?

Laigí

Deontas ró-íseal. Chomh deacair is atá sé sa lá atá inniu ann oibrithe deonacha a fháil.

Láidreachtaí

Gréasán teagmhála againn ar fud na tíre. Gníomhach i ngach réimse de shaol an phobail. Toradh obair Ghlór le feiscint go forleathan ar fud na tíre. Taithí 40 bliain. Oscailte do gach duine - bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Glór na nGael faoi cheann cúig bliana.

Líon na gcoistí a bheith méadaithe. An óige a bheith níos lárnaí agus níos páirtí in obair Ghlór na nGael. Muid a bheith tar éis cur go mór le híomhá na Gaeilge. Nasc níos rialta a bheith cruthaithe idir coistí agus pobail éagsúla ar fud na tíre agus a dtaithí/eolas a bheith á roinnt.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

An Bille Teanga a bheith curtha i bhfeidhm. Daoine a bheith in ann a ngnó a dhéanamh go héasca trí Ghaeilge leis an stát. Go mairfidh an Ghaeilge beo sna ceantair Ghaeltachta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.