Chothaigh an cinneadh a rinneadh dealbh Michelangelo, Daithí, a ghlanadh díospóireacht theasaí go hidirnáisiúnta agus bhí go leor daoine den tuairim nár cheart dul in aice le saothar ealaíne chomh luachmhar. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.
Le gairid tháinig Dáithí, an dealbh chlúiteach le Michelangelo, amach faoin scáth agus smúit a bhí á chlúdach le beagnach 500 bliain.
Nuair a cruthaíodh an dealbh ar dtús sa bhliain 1504, sheas sí mar shiombail de neamhspleáchas agus láidreacht Fhloráns. Cuireadh í i gcroílár na cathrach, sa *Piazza Della Signoria *chun muinín agus bród a spreagadh i mbunadh na háite agus an ruaig a chur ar naimhde. Agus is ansin a sheas an laoch óg álainn ar feadh ceithre chéad bliain, mar fhinné ar na círéibeacha, ar na cogaí agus ar an achrann polaitiúil a bhí ag réabadh thart timpeall air.
Síos trí na blianta bhuail tintreach é, briseadh a sciathán agus, chomh mall le 1991, bhris creachadóir ceann dá mhéara coise. Cuireadh isteach é sa *Galleria dell’Accademia *in 1873 chun é a chosaint, agus fágadh macasamhail den ghaiscíoch cróga sa Piazza, ag coinneáil súil stuama ar an chearnóg ghnóthach.
Is ar éigean gur tháinig Dáithí slán as na heachtraí éagsúla seo, ach tháinig. Ní nach ionadh, mar sin, go raibh raic ann nuair a fógraíodh plean chun é a ghlanadh, agus go raibh na saineolaithe ag troid faoin bhealach ab fhearr chun tabhairt faoin obair seo.
Ba í an saineolaí Agnese Parronchí an duine a fuair an coimisiún ar dtús. Bhí sise i bhfábhar an dealbh a ghlanadh le scuabanna boga agus le leathar chaomois, modh a d’úsáid sí chun tumbaí na Medici a ghlanadh agus a d’oibrigh go maith.
Bhí Franca Falletti, stiúrthóir an Accademia i gcoinne an phlean seo; bhí seisean ag iarraidh go n-úsáidfí múirín fliuch chun an salachar a thógáil. Bhí an brú chomh láidir sin gur éirigh Parronchí as an phost, ag rá go raibh dearcadh ann go raibh a modh róchoimeádach agus séimh i gcomparáid leis an mhodh eile, a bhí nua-aimseartha agus luisiúil. Ina tuairim féin, áfach, chuirfeadh an teicníc nua-aimseartha seo an chloch i mbaol.
D’fhás conspóid agus díospóireacht idirnáisiúnta faoin bhealach ab fhearr chun an dealbh a ghlanadh agus cuireadh an cheist an raibh sé de cheart againn, fiú, a bheith ag cur isteach ar chúrsaí nádúrtha ar chor ar bith. Chuir 39 saineolaí ealaíne a n-ainm le litir ag iarraidh ar an Accademia gan aon rud a dhéanamh go dtí go mbeadh comhaontú ann.
D’fhreagair Antonio Paolucci, an duine a bhí freagrach as athchóiriú taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla i bhFloráns, nach raibh tír ar bith eile ar domhan níos fearr ná an Iodáil ag athchóiriú saothar ealaíne, ag tabhairt le tuiscint gur mheas sé go raibh claontuairim in éadan na hIodáile i gceist sa chás seo.
Ba é James Beck, Ollamh Ealaíne in Ollscoil Columbia, a chuir tús leis an fheachtas litreach. Tá sé féin, le cois a chomhghleacaí Michael Daly, go láidir den tuairim gur ar mhaithe leo féin a bhíonn go leor de na coimeádaithe ealaíne agus na gnólachtaí móra, agus go bhfuil siad ag teacht i dtír ar phíosaí ealaíne atá faoina gcúram ar mhaithe lena leas féin.
Ceist dhomhanda
Gan amhras is saothar é Dáithí atá ina chúis iontais agus ina chúis ghliondair ag an am amháin. Léiríonn sé dúinn ár ndaonnacht féin ar bhealach rúndiamhrach éigin. Is ceist dhomhanda í a chúram agus as an chonspóid tagann ceisteanna eile chun cinn: an fiú i gcónaí athchóiriú a dhéanamh ar shaothar atá chomh luachmhar agus chomh sean le saothar Michelangelo má tá an chontúirt ann go mbeidh sé athraithe go deo? Agus, cé ba cheart cinneadh mar seo a dhéanamh?
Rinne Gailearaí Uffizi cinneadh gan leanúint ar aghaidh le hathchóiriú ar an “l’Adorazione dei Magi” le Leonardo Da Vinci nuair a fuair siad amach go raibh bunstruchtúr an phictiúir ní ba chasta ná mar a shíl siad. Cinnte tá sé mar fhreagracht orainn saothar a shábháil má tá an chontúirt ann go gcaillfear é. Ach an ceart marcanna atá fágtha ag an aois agus ag an stair a ghlanadh ó chraiceann deilbhe muna bhfuil siad ag deánamh aon dochar?
Sa deireadh ba í Cinzia Parnigoni a thóg an chailís nimhe chuici féin agus a thosaigh an t-athchóiriú conspóideach, ag úsáid uisce driogtha chomh maith le mud pack ina raibh laíon ceallalósach agus cré. Thóg sé ocht mí uirthi an dealbh a ghlanadh agus d’admhaigh sí féin nach raibh sé i gcónaí furasta leanúint ar aghaidh, bhí an brú a bhí uirthi chomh láidir sin.
“The doubts and second thoughts weren’t so much to do with technique, as with having to measure up to Michelangelo,’ a dúirt sí ag an deireadh.
Nuair a bhí an dealbh á nochtadh don phobal, dúirt Parnigoni go raibh Dáithí go fóill cosúil leis féin ach go raibh loinnir ar a chraiceann anois. Dúirt Franca Falleti gurbh ionann é agus clúdach liath a bheith bainte den dealbh.
Agus an tOllamh Beck? Ag labhairt ó Nua-Eabhrac dúirt sé go raibh an t-athchóiriú réasúnta maith ach gur bua a bhí ann do gach duine a d’ardaigh a ghlór chun an dealbh a chosaint.
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.