CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Get Your Mojo Back! – Clinton: Ó Glass Steagall go Dodd-Frank

“Get your mojo back” - B’shin a dúirt an tUasal Bill Clinton le muintir na hÉireann ar a chuairt go BÁC céad lá na míosa seo. Chaithfeá an cheist a chur ort féin, cé mhéad a chosnóidh an mójó?

Ar chostasaí an mójó agatsa ná mo mhójósa!? Cén bhaint atá ag ár gcuid mójónna go léir le mójónna eile an domhain trí chéile? Dála an scéil, cad é an dóigh a mbeadh a fhios ag an Uasal Clinton nach bhfuil le déanamh ag muintir na hÉireann ach greim a fháil ar a gcuid mójónna seachas greim a fháil ar steamar céille leis na cosa a thabhairt slán as an fhaopach inar fhág a chuid dírialaithe seisean sinn? -

Ná habair nach cuimhin leat gur dírialú Chlinton ar Shráid an Bhalla a scaoil nimh lucht na mbanc Ponzi amach ar fud an domhain deich mbliain ó shin! B’fhiú ‘Bille’ a bhaisteadh air feasta in áit ‘Bill’. Mise agus tusa a íocfas an téiléireacht mo léan, agus ní Bille.

In 1999, the Gramm-Leach-Bliley Act repealed 1930′s legislation that had separated commercial and investment banks. Commercial banks, where people deposit their paychecks and do personal banking, have regulation. Investment banks didn’t have that “fettering” as Republicans saw it. http://www.Politicaljackass.com

naisc de leataobh an ailt seo a threoróidh thú ar an eolas faoin amaidí go léir a cheadaigh an tUasal Bille Clinton agus a lig an bhradaíl dleathach chun tosaigh i saol na margaíochta nach raibh chomh scaoilte ón am ar thit an tóin as Sráid an Bhalla cheana, 1929, agus as geilleagar an domhain dá réir. Nuair a thit an tóin as geilleagar an domhain cheana, cad é an dóigh gur ligeadh don tubaiste tarlú arís mar sin, 1999?

An Geillmhí-eagar

Tabharfaimis faoi deara an dara cuid den fhocal ‘geilleagar’. Is ionann geilleagar agus eagar a chur ar an ‘gheill’, nó ‘gild’, ‘gold’, ‘guilder’agus ‘zloty’, más fearr leat. Tuigfear nach i bhfad ciall an dá fhocal, ‘eagar’ agus ‘riail’ óna chéile. Nuair a cheadaigh ár gcara Bille Clinton ‘dírialú’ 1999, bhí sé ag ceadú ‘geillmhí-eagar’ a chur i réim in áit an gheilleagair. Tá sé chomh simplí leis an méid sin. Fágadh faoi lucht na sainte dhá chineál banc agus dhá chineál dochair agus sochair a mheascadh ina chéile. Gach léitheoir a thiocfas chun an t-alt seo a léamh, is cinnte gur chuimil tionchar an dírialaithe de ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus tá mé ag déanamh nár chuir sé airgead ina sparán, ach a mhalairt.

Mar thír, ghlac Éire le dochar na mbanc. Is é sin, ghlac sé le dochar chomhlachtaí príobháideacha agus bhronn airgead orthu, airgead a shaothraigh an t-oibrí. Is iomaí oibrí a chaill airgead le titim na mbanc ach caithfidh siad tuilleadh a íoc arís leo lena dtabhairt slán as an pholl dubh a ghearr siad amach dúinn go léir. Dhíol gach éinne ar bord loinge sinn, polaiteoirí, lucht bainc, lucht eacnamaíochta na n-ollscoileanna agus lucht na meán, óir lig siad thar dhream ar bith eile, don tubaiste theacht aniar aduaidh ar an phobal. I ndeireadh báire, tá sciar den locht orainn féin a ghlac lena bhfocal siadsan is nár chuir oideachas mar ba cheart orainn féin.

Béarfar an Bhris Isteach

Tiocfaidh an t-am sa tír seo a ghearrfaimid punt na feola de lucht na mbanc agus den dream daoine sin a shiúil ó theach na cúirte agus an meangadh ar a mbéal. Caithfidh sé theacht. Níl i gceist ach go roghnóimid an t-am ceart chuige sa dóigh nach ndéanfaimid dochar don phobal i gcoitinne agus go roinnfidh siad ceart linn. Idir seo agus an t-am sin, caithfimid oideachas na heacnamaíochta a chur orainn féin. Tá sé sin fíor-riachtanach i saol gach éinne againn. Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh a fhios againn céard a thug sinn go dtí an pointe seo, go dtuigfimis an Drochshaol, Cogadh na Talún, Éirí Amach na Cásca, Titim Gheilleagair 1929 agus 1999. Tá gach gné díobh sin agus eachtraí eile nach iad tábhacht, ní hamháin duit féin ach don lánúin óg atá ina gcónaí i ngar duit ar chimí geilleagair anois iad i dteach nó in árasán a raibh orthu a cheannach mar go raibh gasúr ar an mbealach. Íocfaidh siad as éadan feasta air ar feadh a saoil oibre.

Is é an fáth gur tharla an saol mar atá: easpa tuisceana a bheith againn féin ar an saol, go lárnaítear maoin agus airgead de réir a chéile go hiondúil, i lámha mhionlach an fhíorshaibhris, ach in amanna, is féidir leis tarlú de phlimp. Nuair a tharlóidh sé an tríú babhta, is orainn féin an lucht má bhímid féin thíos leis. Tá oiread eolais ag snámh fúinn is tharainn anois is nach mbeidh an t-aineolas inleithscéal feasta.

The biggest reform to US financial regulation since the 1930s became law after President Barack Obama signed the Dodd-Frank Act at a ceremony in Washington. (Financial Times, 21-7-2010)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.