Ní hamháin gur sheas Rialtas SAM siar nuair a bhagair Goldman Sachs orthu mar is eol don saol mór, ach míníonn Maidhc Ó Cathail gur ghéill Rialtas Obama do Netanyahu chomh humhal éasca. Cén fáth?
Is ríléir don té atá eolach ar an gcaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus Iosrael go bhfaigheann “stát na nGiúdach” an lámh in uachtar beagnach i gcónaí. Bíodh sin mar atá, baineadh stangadh as go leor daoine nuair a fógraíodh an tairiscint is flaithiúla riamh le déanaí.
Mar mhalairt ar “pháirt-reo” ar thógáil áitreabh nua ar an mBruach Thiar ar feadh 90 lá, tabharfaidh SAM aerárthaigh troidbhuamála ar fiú $3 billiún iad d’Iosrael saor in aisce (anuas ar na billiúin a thugann siad gach bliain), crosadh ar rún ar bith de chuid Comhairle Slándala na Náisiún Aontaithe nach dtaitníonn le hIosrael, eisceacht maidir le tógáil áitreabh in Iarúsailéim Thoir, agus gealltanas scríofa nach n-iarrfaidh Obama “reo” eile ar Iosrael amach anseo.
Is deacair daoine áirithe a shásamh, áfach. Tuairiscitear gur chaith Rúnaí Stáit Hillary Clinton ocht n-uaire an chloig ag áitiú ar Netanyahu glacadh leis an mbreab gan an dlí idirnáisiúnta a bhriseadh (seachas in Iarúsailéim Thoir) ar feadh trí mhí.
An gceapann Obama agus Clinton go gcuirfidh an bhreab seo ina luí ar Netanyahu deireadh a chur leis an bhforghabháil agus glacadh le stát Pailistíneach inmharthana? Nach bhfaca siad an fhístéip a nochtadh ar theilifís Iosraelach i mí Iúil i mbliana? I ngan fhios do Netanyahu, rinneadh físeán den chomhrá a bhí aige le háitritheoirí Giúdacha ar an mBruach Thiar i 2001. Ag tabhairt aghaidh ar imní na gcoilíneach maidir le Chomhaontuithe Osló, thug Netanyahu le fios nach raibh sé dáiríre faoin “réiteach dhá stát.” D’inis sé dóibh: “I’m going to interpret the accords in such a way that would allow me to put an end to this galloping forward to the ’67 borders.” Mhaígh sé chomh maith, agus an ceart aige, nach mbeadh sé deacair SAM a ionramháil: “I know what America is. America is a thing you can move very easily, move it in the right direction. They won’t get in the way.”
Na Cathaoirligh le hIosrael
Ní hionann agus formhór na Meiriceánach, tuigeann Netanyahu go maith an smacht atá ag rialtas Iosrael ar Chomhdháil SAM. Roimh na toghcháin lár téarma ag tús mhí na Samhna i mbliana, labhair an Feisire Gary Ackerman leis an Jewish Daily Forward faoin tionchar a bhí ag Daonlathaigh Ghiúdacha ar bheartas Obama i leith Iosrael. Agus é ag tagairt don “fhoireann den chéad scoth” de Dhaonlathaigh Ghiúdacha a dhéanann cathaoirleacht ar choistí Tí tábhachtacha, dúirt Ackerman: “We are all pro-Israel and we all have major, major, major influence in the executive branch.”
Ar an taobh eile den Teach, tá cara mór sa chúirt ag Netanyahu chomh maith. Sular chas Clinton leis an bPríomh-Aire Iosraelach ar 10 Samhain, labhair an Feisire Eric Cantor leis. De réir preaseisiúint a d’eisigh Cantor, gheall sé do Netanyahu: “the new Republican majority will serve as a check on the [Obama] Administration.” Go bunúsach, d’inis Cantor do cheannaire tír eachtrannach go gcosnódh sé an tír sin ó dhúnghaois oifigiúil Uachtarán SAM. Cé gur bhris Cantor dlí SAM – Achta Logan – ní móide go gcuirfear an dlí air.
Ach ar chóir go mbeadh aon imní ar Netanyahu roimh Uachtarán SAM? In agallamh le teilifís Iosraelach i mbliana, fiafraíodh de Obama faoin bhfaitíos atá ar Iosraeligh go dtréigfeadh SAM iad. D’fhreagair Obama go raibh sé deacair an fhaitíos sin a thuiscint mar gur labhair sé i ngach aon aitheasc ar thug sé faoi “the unbreakable bond to Israel.”
Cara AIPAC
San agallamh sin, d’admhaigh Obama rud eile tábhachtach: “My closeness to the Jewish American community was probably what propelled me to the U.S. Senate.” I measc a chairde Giúdacha ó Chicago, tá Lee Rosenberg, uachtarán tofa AIPAC, an brúghrúpa Iosraelach a dhíríonn ar Chomhdháil SAM, a thug Obama ar a chéad chuairt ar Iosrael i 2006; Alan Solow, cathaoirleach nua ar Chomhdháil Uachtarán um Eagraíochtaí Móra Giúdacha, an brúghrúpa Iosraelach a dhíríonn ar an Teach Bán; Rahm Emanuel, a Cheann Foirne sa Teach Bán go dtí le gairid, mac le sceimhlitheoir Irgun, a thairg é féin le haghaidh seirbhíse san arm Iosraelach i 1991; agus go leor eile nach iad a bhfuil baint láidir acu le hIosrael. Agus é ag tagairt do “chiorcal Chicago a chothaigh é ó thús deireadh,” thug Abner Mikva, abhcóide Teach Bán do Bill Clinton agus meantóir Obama, “an chéad uachtarán Giúdach” air.
Agus cé atá ag comhairliú Obama maidir leis an idirbheartaíocht idir Iosrael agus na Palaistínigh ach Dennis Ross, fear ar a dtugtar “dlíodóir Iosrael.” Ba é Ross a chuir ina luí ar rialtas Clinton ag comhaontuithe Camp David gur chóir gach seasamh de chuid SAM a dheimhniú le hIosrael roimh ré. Muna raibh siad sásta leis, chúlaigh SAM siar. Dar le Philip Giraldi, iaroifigeach CIA agus anailísí polaitiúil, “[Ross] was more interested in advancing Israeli interests than he was in creating a viable peace with the Palestinians.”
Agus tá, go fóill féin, daoine ann a chreideann go bhfuil rialtas Obama frith-Iosraelach …