AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Géarchéim gheilleagar Mheiriceá
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Cé go bhfuil dhá ioncam ag teacht isteach go teach Bhriain Uí Bhroin, níl go leor airgead aige le filleadh ar Éirinn an Nollaig seo. Míníonn sé anseo cén fáth a bhfuil sé sin amhlaidh.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Uair gach cúpla mí, suím síos leis na ráitis bhainc, na billí, na ráitis tuarastail, agus cibé rud eile is gá chun leabharchoimeád an tí a dhéanamh. Jab sách éasca is ea é – glaoim ar na bainc le cinntiú cé mhéad atá sna cuntais, déanaim amhlaidh leis an gcomhlacht creidmheasa, cinntím gur íocadh na billí, agus feicim chuige nach bhfuil táillí breise ann a ligeadh i ndearmad.

Jab éasca, mar a deirim. Agus dhá thuarastal sa teach, a dhíoltar isteach inár gcuntais bhainc go huathoibríoch, shílfeá nach mbeadh mórán brú airgid orainn agus go mbeadh muid airgead a chur ar leataobh don phinsean agus do chiste oideachais ár bpáistí. Go deimhin, shílfeá go mbeadh fuílleach ann do laethanta saoire, taisteal, agus só-earraí beaga anois agus arís.

Shíl mé féin seo. Fiú tar éis dúinn seantigín a cheannach i bhfobhaile beag anuraidh, níor chuir an morgáiste isteach orainn mórán, ó bhíomar cleachtach cheana féin ag íoc cíosa ar árasán. Fiú nuair a cheannaíomar gluaisteáinín beag ceithre dhoras chun ár leanbh nua a iompar timpeall, bhí fuílleach sa chuntas bainc. Agus nuair a thosaigh an leanbh sa naíonra, rinneamar cinnte de go raibh sé ar ár n-acmhainn.

Ach idir rud amháin agus rud eile, tharla rud aisteach sna cuntais chéanna le bliain anuas nó mar sin. Gan íocaíochtaí breise againn, thit an fuílleach céanna go dtí gur thugamar faoi deara mí ó shin nach mbeadh an t-airgead againn filleadh ar Éirinn don Nollaig mar is iondúil.

Cúis chorrabhuaise ab ea é seo dom agus mé os comhair an ríomhaire, peann luaidhe crochta ar mo chluas, agus carnán páipéar ar an mbord taobh liom. Cá raibh an t-airgead breise a bhí ann bliain ó shin? Ní diomailteoirí sinn in aon chor. Is baill sinn de “chlub siopadóireachta” chun airgead a spáráil ar chlúidíní, éadaí, agus riachtanais eile tí. Ní úsáideann muid fóin póca (ach ar bhonn “íoc mar a úsáidtear”), níl againn de theilifís ach a thagann isteach tríd an aeróg ar an díon, agus ní cuimhin liom an uair dheireanach a chuamar amach ar an drabhlás!

Bhreathnaigh mé trí na páipéir níos cúramaí, go háirithe na hadmhálacha. Go deimhin, bhí rud suntasach le feiceáil iontu. Ar an gcéad dul síos, bhíomar ag íoc idir 10% agus 20% níos mó ná bliain ó shin ar ghnáthearraí grósaera. Ar an dara

dul síos, bhíomar ag íoc 30% níos mó ar pheitreal dár gcairr. Bhí na billí leictreachais agus gáis sa mbaile 20% níos airde anois. Bhíomar (slán an scéalaí!) ag íoc táillí dúbailte do chuairteanna ar dhochtúirí agus chun cógais a fháil sna cógaslanna. An rud ba shuaití dom, ámh, ná na táillí beaga breise a cuireadh le billí nár léir don chustaiméir go dtí go ndearna sé mionscagadh orthu – táille dhéanach don chárta creidmheasa, cé gur íocadh in am é; diúltú íocaíochta ón gcomhlacht árachais, ó “nár léir dóibh go raibh práinn leis an gcuairt ar an dochtúir”. Ó thaobh tuarastail de, ámh, ba bheag ardú a bhí le feiceáil in aon chor i gcomparáid leis na praghsanna a luaigh mé.

Tost na meánÓ na meáin i Meiriceá, níor léir na hathruithe seo in aon chor, agus tá seo intuigthe go maith, ó tá na meáin, den chuid is mó, faoi úinéireacht na gcomhlachtaí móra. Táthar ag ceiliúradh na léime sa Dow Jones faoi láthair – ardú 2% taobh istigh de lá amháin ar an 28 Samhain – cé nár léir cén tionchar a bheas ag seo ar ghnáthshaol chosmhuintir Mheiriceá. Déarfainn gur beag tionchar in aon chor a mhothóidh Séamus na Sráide agus é i mbun a ragoibre ag coimeád céim ar chéim lena bhillí. Rud nach léir don ghnáth-thomhaltóir in aon chor ná nach bhfuil sa Dow Jones ach frithchaitheamh de na tríocha comhlacht is mó i Meiriceá. Má tá ag éirí go maith (nó go dona) leis na comhlachtaí móra, ní cruthúnas é seo in aon chor go bhfuil ag éirí mar an gcéanna leis na comhlachtaí beaga. Agus go deimhin, ní go hannamh a éiríonn go maith le comhlacht mór ach comhlachtaí beaga eile a bheith thíos leis.

Is éard atá le brath i Meiriceá i láthair na huaire ná pianta goile ó bhéile creidmheasa a lean i bhfad rófhada. Agus an tír ar mhuin na muice sna nóchaidí tar éis thitim an Aontais Shóivéadaigh agus neamhshocracht san Eoraip dá réir, shíl daoine nach gcríochnódh an chóisir go deo. Seachas airgead a chur ar leataobh, thosaigh daoine ag fáil airgid ar iasacht agus á chaitheamh ar shó-earraí agus tithe nua. Go minic, agus luachanna tithe ag ardú, fuarthas airgead ar iasacht trí athmhorgáistí a thógáil amach. Bhí na bainc lansásta leis seo, agus bunaíodh comhlachtaí creidmheasa chun iasachtaí morgáiste a thabhairt fiú dóibh siúd a raibh drochthaifead creidmheasa acu.

Faraor, má tá drochstair creidmheasa ag daoine, is rómhinic go bhfuil cúis mhaith

leis. Is minic na daoine sin i bhfiacha, nó is minic iad as obair, agus is i mbliana a d’fhill morgáistí na ndaoine seo ar na comhlachtaí airgid mar Mhic Dhrabhlásacha. Den chéad uair le fiche bliain, thit luach na dtithe, agus thit an tóin as margadh na morgáistí leis. Ó cheann ceann na tíre tá daoine cosúil liomsa ag suí chun boird le pinn luaidhe agus carnáin páipéar agus ag fáil amach nach mbeidh siad in ann an morgáiste a íoc an mhí seo. Táthar ag tuar go gcaillfidh 2 mhilliún teaghlach a dtithe sula dtiocfaidh an ghéarchéim seo chun deiridh.

Ní hiad ardú praghsanna sna siopaí agus ísliú luach na dtithe amháin is cúis leis an ngéarchéim. Mar chuid den bhorradh i margadh na dtithe, in 2002 thosaigh na bainc ag tarraingt iasachtaithe isteach trí mhorgáistí speisialta a thairiscint: Morgáistí Ráta Inchoigeartaithe (Adjustable Rate Mortgages). Morgáistí ab ea iad seo a ofráladh ar ráta íseal (de ghnáth idir 4% agus 6%), ach a d’ardaigh sa ráta (go dtí idir 10% agus 13% de ghnáth) tar éis cúig bliana. Ba é 2007 an bhliain a tháinig an tréimhse sin chun deiridh do chuid mhaith iasachtaithe. Anois tá siad ag breathnú ar rogha an dá dhíogha – leanúint ar aghaidh ag íoc morgáistí atá breis is dhá oiread níos mó ná mar a bhí siad, nó a dtithe a dhíol ar phraghas i bhfad níos lú ná mar a cheannaigh siad iad (más féidir leo iad a dhíol in aon chor).

Ar ndóigh, is ar na hiasachtaithe atáthar ag cur an mhilleáin: níor cheart dóibh cur isteach ar iasachtaí; bhíodar cailliúnach lena n-airgead, leithscéalach ina saol, ní raibh aird cheart acu ar an margadh. Trí seo agus uilig, is beag aird atáthar ag tarraingt ar na comhlachtaí, a sheilg daoine ar bheagán oideachais i mionphostanna, agus a d’impigh orthu smaoineamh ar Bhrionglóid Mheiriceá: a dteach féin. Ar ndóigh, shlog na daoine seo an teachtaireacht, agus cheannaíodar tithe ar iasacht, ag súil go n-ardódh luach na dtithe. Anois, agus an luach céanna íslithe, tá siad i bponc.

Ba mhaith liom a rá go mbeidh Nollaig faoi shéan ag Meiriceánaigh, ach is eol dom go mbeidh cuid shuntasach den daonra anseo ag comhaireamh na bpinginí go cúramach i mbliana agus a bheidh ag cúlú siar go mór i gceannach na mbronntanas. Cá bhfios: b’fhéidir go mbeidh réiteach ag Daidí na Nollag ar an ngéarchéim nár smaoinigh aon duine air go fóill. Ach ní bheinn ag brath air.

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.