Tá suim mhór á léiriú sa Ghaeilge na laethanta seo, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud an domhain mhóir. Tá ag teip go tubaisteach ar go leor de na heagraíochtaí Gaeilge freastal ar chuid riachtanas lucht foghlama na teanga, áfach.
Roinnt blianta ó shin bhí dianchúrsa teanga ar siúl i mBaile Átha Cliath, é dírithe ar dhaoine a bhí ar bheagán Gaeilge. Eachtrannaigh den chuid is mó a bhí ag freastal air. Sa chéad rang, chaith an múinteoir timpeall dhá uair an chloig ag scríobh rialacha an tuisil ghinidigh ar an chlár dubh. I measc na n-abairtí a bhreac sé síos ar an chlár an oíche sin bhí “Tá an fear ag ceannach na bróige”. Ní abairt ró-úsáideach í seo - is annamh a cheannaíonn duine bróg amháin - ach seo an cineál teanga a mhúintear ar chúrsaí Gaeilge go minic.
Tá suim an-mhór á léiriú sa Ghaeilge ar fud an domhain na laethanta seo agus fonn ar go leor daoine an teanga a fhoghlaim. Tá caighdeán na múinteoireachta fós an-íseal, áfach, agus níl an chuma ar an scéal go dtiocfaidh athrú ar chúrsaí go ceann i bhfad. Níl aon fhís ag formhór na n-eagraíochtaí atá ag plé le múineadh na teanga, níl ethos ceart ná fealsúnacht oideachais forbartha acu. Níl siad cinnte cá bhfuil a dtriall.
Tá athruithe radacacha ag tarlú san aosoideachas ó bhí na seachtóidí ann ach níl lucht na Gaeilge mar chuid den réabhlóid sin. Táimid inbhreathnaitheach agus gan mórán airde againn ar an mhéid atá ag titim amach san oideachas go ginearálta.
Is minic a théann foghlaimeoir chuig rang Gaeilge agus í lán fuinnimh, ar bís leis an teanga a fhoghlaim. Tagann lagmhisneach uirthi roimh i bhfad, áfach, mar go mbíonn múinteoir os a comhair amach nach bhfuil tuairim aige cad é ba cheart dó a mhúineadh ná cén cur chuige ba cheart dó a úsáid. Níl oiread agus eagraíocht amháin in Éirinn, dá bhfios dúinne, a bhfuil aon dua caite aici le forbairt siollabas do ranganna Gaeilge ná a chuireann aon bhéim ar oiliúint dá múinteoirí. Níl aon straitéis á forbairt ach oiread leis an scéal a leigheas.
Níl béim ach oiread ar sheirbhís cheart a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí. Is minic nach dtugtar luach a gcuid airgid dóibh agus a ndiúltaítear táille a aisíoc leo nuair a chuireann siad in iúl nach bhfuil siad sásta le caighdeán cúrsa. Is mór an dochar a dhéanann sé seo d’íomhá na teanga.
Tá go leor daoine in Éirinn diúltach i dtaobh na Gaeilge de bharr nithe a tharla dóibh agus iad ag foghlaim na teanga ar scoil. Baineann roinnt mhaith acu triail as an teanga a fhoghlaim arís, áfach, ach tagann lagmhisneach orthu athuair nuair a dhéanann siad freastal ar chúrsa nach bhfuil go maith.
Tá go leor oibre le déanamh sula dtiocfaidh feabhas ar an scéal. Caithfear daoine fuinniúla, éirimiúla a aimsiú agus oiliúint a chur orthu sa dóigh is go mbeidh siad ábalta tabhairt faoin obair seo. Ba cheart chomh maith Ionad Náisiúnta Acmhainní a bhunú chun ábhar a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain.
Caithfear cúrsaí cearta oiliúna a fhorbairt fosta. Cén fáth a dtig le múinteoirí an Bhéarla cáilíocht a bhaint amach trí fhreastal ar chúrsa TEFEL ach nach bhfuil a leithéid le fáil i gcás na Gaeilge?
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil formhór na n-eagraíochtaí Gaeilge ar nós cuma liom faoi na ceisteanna a bhfuiltear ag díriú orthu anseo. D’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí na Bealtaine chun na ceisteanna seo a chíoradh ach níor bhac cuid de na príomheagraíochtaí Gaeilge le freastal air. An léiríonn sé seo go bhfuil siad den bharúil nach bhfuil aon ghéarchéim ann?
Ar cheart stop a chur leis na deontais mhóra a fhaigheann na heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag múineadh na teanga go dtí go mbeidh siad sásta a bheith ag comhoibriú lena chéile agus go dtí go léireoidh siad go bhfuil seirbhís cheart phroifisiúnta á cur ar fáil acu? Má thagann an deontas ag deireadh na bliana ar scor ar bith, is cuma cén caighdeán atá i gceist sa seomra ranga, cén fáth a ndéanfadh siad aon iarracht feabhas a chur ar chúrsaí?
B’fhéidir gurbh fhiú d’Fhoras na Gaeilge roinnt machnaimh a dhéanamh ar an cheist seo.