TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Gaillimh le Gaeilge
Bríd Ní Chonghóile Bríd Ní Chonghóile

Gach mí, ceistíonn Beo duine as eagras de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh ag an eagras sin. An mhí seo: Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?

Is Feidhmeannach mé le Gaillimh le Gaeilge. Thosaigh mé ag obair leis an eagraíocht i 1994, mar chomhordaitheoir ar an bhFéile Phan-Cheilteach ar dtús. Bhí mé i m’Oifigeach Forbartha ó 1995 - 1996. Ceapadh mé mar Fheidhmeannach ar an eagraíocht i 1996.

  1. Cathain a bunaíodh Gaillimh le Gaeilge agus cé a bhunaigh é?

Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge i 1987 faoi choimirce Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Le go neartofaí an Ghaeilge, go háirithe mar acmhainn eacnamaíochta, i limistéar na Gaillimhe. Le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta, d’údaraigh an fiontar staidéar socheacnamaíoch (a rinne Coláiste na hOllscoile, Gaillimh) ar céard ab fhiú idirghabhálacha an stáit ó thaobh na Gaeilge de i gceantar na Gaillimhe. Léirigh an suirbhé gurbh fhiú i 1987 £17 milliún in aghaidh na bliana do limistéar na Gaillimhe agus £13.1 milliún in aghaidh na bliana do chathair na Gaillimhe na hidirghabhálacha sin. Le déanamh cinnte go leanfadh an buntáiste sin, shocraigh Gaillimh le Gaeilge an pobal gnó i nGaillimh a spreagadh le go dtabharfaidís aitheantas don chaiteachas mór sin trí úsáid na Gaeilge a thabhairt isteach i gcomharthaíocht, i stáiseanóireacht, i bhfógraíocht agus i gcumarsáid bhéil le custaiméirí.

  1. Cén maoiniú a fhaigheann an eagraíocht ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas?

£35,000 ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán gach bliain. Ní leor é agus dá bharr sin chuir muid plean trí bliana le chéile le déanaí le breis airgid a fháil. Cheadaigh an Roinn bundeontas de £35,000 do 2001 agus suas le £70,000 in iomláine (i.e., £35,000 breise) don bhliain sin ar bhonn coinníollach. Chun an deontas coinníollach breise de £35,000 nó aon suim níos lú ná sin a thuilleamh, beidh suim den mhéid céanna le cur ar fáil ag Bardas Chathair na Gaillimhe agus/nó ag Cumann Tráchtála na Gaillimhe.

  1. Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Gaillimh le Gaeilge?

Tá go leor de na spriocanna a bhí leagtha síos ag Gaillimh le Gaeilge bainte amach (féach thíos). D’eagraigh an eagraíocht fóram i 1999 i measc lucht gnó na Gaillimhe (cf. Tuarascáil Bhliantúil 1999) chun fáil amach an raibh aon ghá níos mó le Gaillimh le Gaeilge. D’aontaigh an lucht gnó go raibh an eagraíocht tábhachtach i bhforbairt shaol na Gaillimhe agus go raibh sí ag cur go mór le híomhá chultúrtha na cathrach. Tá athrú mór tagtha ar a ndearcadh siúd i leith na Gaeilge - tá an dearcadh dearfach anois. Léiríonn an méadú atá ag teacht ar líon na gcomharthaí Gaeilge sa chathair é sin.

  1. Seachas airgead stáit, an bhfuil aon fhoinse eile airgid agaibh?

Níl faoi láthair.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá éirithe go han-mhaith leis an tionscadal go dtí seo.

comharthaíocht dhátheangach á húsáid ag gnólachtaí ar bheagnach gach sráid. Chomh maith leis sin tá comharthaíocht dhátheangach iomlán ag ollmhargaí agus ag siopaí móra. Tá formhór na mbialann sa chathair páirteach i gclár píolótach chun biachlár dátheangach a úsáid. Tá biachlár dátheangach i 30 bialann anois. Tá tacaíocht airgid faighte ón gCoimisiún Eorpach trí Chlár Airteagal 10 chun Gaillimh a chur chun cinn mar lárionad domhanda don chultúr Gaelach agus do na cultúir Cheilteacha. Tá os cionn 150 gnólacht sa chathair luaite in Eolaire na Gaillimhe. Eolaire de ghnólachtaí a chuireann seirbhís ar fáil trí Ghaeilge atá anseo a fhoilsíonn Gaillimh le Gaeilge. (Seoladh an t-eolaire nua, 4 Nollaig 2000.) Tá Coiste Logainmneacha ag feidhmiú a chuireann ainmneacha tarraingteacha ar fáil i gcomhar leis an mBardas d’eastáit nua tithíochta sa chathair. Cuirtear seirbhís dhátheangach ar fáil ar innill UBM Bhanc na hÉireann sa chathair. Freastalaíonn tuairim is 60 duine ar lónta gnó agus oícheanta sóisialta Ghaillimh le Gaeilge, a reáchtáiltear go rialta. D’fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht?

Laigí

Tá an tionscadal ag brath ar mhaoiniú íseal nár tháinig méadú air leis na blianta.

Tá an tionscadal ag brath dá chuid acmhainní airgid ar fhoinse amháin.

Tá Gaillimh le Gaeilge ag díriú ar lucht gnó na cathrach den chuid is mó. Áirítear go bhfuil neamhaird déanta ar réimsí eile de shaol na cathrach a bhféadfaí dul i bhfeidhm orthu.

Láidreachtaí

Tá Gaillimh le Gaeilge ann ó 1987. Tá aitheantas faoi leith bainte amach ag an tionscadal i measc phríomhghníomhairí na cathrach agus mhuintir na cathrach, chomh maith le haitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta mar cheannródaithe sa chineál seo tionscadail.

Tá tacaíocht an Bhardais agus Chumann Tionscail agus Tráchtála na Gaillimhe léirithe d’obair Ghaillimh le Gaeilge.

torthaí obair Ghaillimh le Gaeilge i gcur chun cinn na teanga le sonrú ar fud chathair na Gaillimhe.

tionchar na hoibre tar éis leathnú amach go cathracha agus bailte eile ar fud na tíre. Cuireann oifig Ghaillimh le Gaeilge cabhair, comhairle agus margaíocht ar fáil do ghrúpaí eile, mar shampla GaelTaca, Tiobráid Árann ag Labhairt, Iorras le Gaeilge.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Gaillimh le Gaeilge faoi cheann cúig bliana.

Maoiniú méadaithe. Foireann níos mó. Stádas oifigiúil mar chathair dhátheangach a bheith bainte amach ag Gaillimh.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

An bille teanga a bheith curtha i bhfeidhm.

Go mbeidh an rialtas dáiríre faoin nGaeilge agus go gcuirfidh siad an maoiniú ceart ar fáil chun í a chaomhnú agus a neartú. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh eagrais in ann foireann oiriúnach a mhealladh agus a choinneáil leis an nGaeilge a chur chun cinn - ní chuidíonn easpa airgid agus acmhainní leis seo a dhéanamh. Muna mbíonn an rialtas dáiríre faoin teanga, beidh sé doiligh ag muintir na hÉireann a bheith dáiríre fúithi!

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Gaillimh le Gaeilge ag an uimhir +353 91 568876 (ríomhphost: gleg@eircom.net). Tá tuilleadh eolais le fáil faoin eagraíocht ag: http://www.gleg.ie/.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.