Tá an-chonspóid cothaithe ag ceapadh na gCoimisinéirí d’Íospartaigh agus do Mharthanóirí sna Sé Chontae, mar a mhíníonn Robert McMillen.
“Hath not a Jew eyes? Hath not a Jew hands, organs, dimensions, senses, affections, passions; fed with the same food, hurt with the same weapons, subject to the same diseases, heal’d by the same means, warm’d and cool’d by the same winter and summer as a Christian is? If you prick us, do we not bleed? If you tickle us, do we not laugh? If you poison us, do we not die? And if you wrong us, shall we not revenge?”
Tagann focail Shylock ón aimsir anallód ar ais chugainn ó dhráma Shakespeare, a chríochnaigh sé i 1598.
Cuir isteach an focal Protastúnach nó Caitliceach agus, 410 bliain níos moille, táthar ag streachailt leis an choincheap chéanna – go bhfuil gach duine daonna ar comhchéim lena chéile. Tá an cheist á tógáil arís le ceapadh ceathrar Coimisinéirí d’Íospartaigh agus do Mharthanóirí ó thuaidh.
Níorbh fhéidir le Ian Paisley agus Martin McGuinness duine amháin a ainmniú a mbeadh an bheirt acu sásta leis/léi, mar sin roghnaigh siad ceathrar – bainisteoir Iontaobhas Dhomhnach na Fola, Patricia McBride; Bertha McDougal a bhíodh ina Coimisinéir d’Íospartaigh go dtí seo agus ar mharaigh an INLA a fear céile a bhí ina phóilín san RUC; Brendan McAllister ó Mediation Northern Ireland agus an t-iarláithreoir teilifíse Mike Nesbitt.
Voilà! One for everybody in the audience.
Ar ndóigh, tá an trioblóid tosaithe cheana féin. Ina beathaisnéis, lease">a foilsíodh ar phreaseisiúint a d’eisigh Oifig an Chéad Aire/Leas-Chéad Aire ar son an Choimisiúin, scríobh Patricia McBride go bhfuair a deartháir, Anton, bás “ar sheirbhís ghníomhach” agus é ina Óglach de chuid an IRA.
Chuir seo alltacht ar an Fheisire Jim Wells, an fear a léim ar charr Tom King nuair a bhí sé ina rúnaí stáit ó thuaidh mar agóid in éadan an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh i 1985.
Dúirt an tUasal Wells go raibh sé míchuí go mbainfí úsáid as béarlagair mar sin i bpreaseisiúint.
“Mura dtig leo an béarlagair a fháil i gceart, ní chothóidh sé muinín ná meas i measc na ndaoine a d’fhulaing an oiread sin mar gheall ar dhaoine ar a dtugtar ‘óglaigh de chuid an IRA’”.
Dúirt sé gur chóir úsáid a bhaint as béarlagair neodrach, ach tá sé doiligh a bheith neodrach.
Uafás dochreidteTríocha bliain ó shin, ar an 17 Feabhra 1978, bhí dinnéar bliantúil an Irish Collie Club ar siúl i dTeach La Mon taobh amuigh de Bhéal Feirste. Nuair a bhí an oíche faoi lán seoil tháinig meitheal, nó ball amháin den IRA, d’fhág buama a bhí ceangailte le cannaí peitril ar leac na fuinneoige agus d’imigh leis. Tugadh foláireamh a bhí easnamhach; ní raibh go leor ama ag na daoine taobh istigh imeacht ón mheall tine a ruaig an teach itheacháin.
Dódh dáréag go bás – Protastúnaigh iad uilig, trí lánúin phósta agus seachtar ban ina measc – agus gortaíodh 23 duine eile go dona.
Uafás dochreidte a bhí ann. Nuair a cuireadh ceist ar fhear céile duine de na mná a maraíodh an raibh sé searbh, dúirt sé: “Má chuireann tú ceist orm an bhfuil mé searbh, déarfainn go bhfuil mé níos seirbhe anois ná mar a bhí mé 15 bliana ó shin. Ní hamháin leis na daoine a bhí ciontach ach leis an Phríomh-Aire (Tony Blair) agus leis an rialtas.”
Dúirt Billy McDowell, a gortaíodh go dona ag La Mon agus ar gortaíodh a bhean go holc fosta, gur chuir an caidreamh idir Ian Paisley agus Martin McGuinness samhnas air. “Seeing them chuckling at Stormont turns my stomach,” a dúirt sé.
Is iomaí íospartach a mhothaíonn an rud céanna. Tá an díbhinn síochána le leas na ndaoine nár fhulaing a dhath, dar leo.
Óglaigh an IRA “ar sheirbhís ghníomhach” a bhí ciontach as sléacht La Mon agus go leor eile. Is gá aghaidh a thabhairt air sin. Sin an fáth go bhfuil fadhb ag íospartaigh Phrotastúnacha leis an téarmaíocht sin.
Ach d’fhéadfadh Patricia McBride aitheasc Shylock a aithris mar chúiteamh. Cronaíonn sí an deartháir, a d’fheallmharaigh an SAS i bhFear Manach i 1984. Bhí Tony McBride ag iarraidh saoirse a bhaint amach dá thír agus troid in éadan bhrúidiúlacht Arm na Breataine sna Sé Chontae. Laoch a bhí ann do dhaoine.
Beidh obair ag íospartaigh Phrotastúnacha (agus Caitlicigh) sin a thuigbheáil ach tá na pearsantachtaí a bhí gníomhach sa choimhlint le linn na dTrioblóidí agus an cúlra agus an taithí a spreag iad thar a bheith casta.
An ionann an David Ervine, “sceimhlitheoir” de chuid an UVF a bhí ag bogadh buama ar Bhóthar Ard Mhic Nasca i 1974 – ní fios cá háit – agus an David Ervine a bhí ina lóchrann i saol dorcha na polaitíochta ó thuaidh 30 bliain ina dhiaidh sin?
An ionann ceannaire óg an IRA i dTaobh an Bhogaigh ag tús na dTrioblóidí agus LeasChéad-Aire an lae inniu?
Caithfidh Coimisiún na nÍospartach agus na híospartaigh iad féin an chastacht sin a aithint ach níl dóigh ar bith ann go maolóidh sé a bpian. Do chuid acu, níl rud ar bith a dhéanfaidh é sin.
Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.