CÚRSAÍ SPÓIRT
‘Fuil na Bua’
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfuil ilghnéitheacht saíochta, tíreolaíochta agus eile go léir ag imoibriú ar an óige i gcontaetha áirithe le sárimreoirí a chur chun páirce bliain i ndiaidh bliana.

Íomhá
Anraoi Ó Seibhleáin, sár-Chat
Íomhá
Cainneach Mac Craith, scoth Déisigh
Íomhá
Seán Marty Lockhart & sáraimseoir Chiarraí, Colm Cúipéir
le CLG Uladh ar Vicipéid
Íomhá
Setanta Ó hAilpín, scoth imreora atá ag teacht i dtreis i gcónaí

craobhchomórtais peile agus iomána Chumann Lúthchleas Gael faoi lán seoil agus an t-alt seo á scríobh agam. Tá le feiceáil cheana féin arís i mbliana gurb iad na contaetha a bhíonn ceannasach de réir traidisiúin, bliain i ndiaidh a chéile, atá ag teacht chun cinn arís. An focal sin ‘traidisiún’ a luaitear go mion agus go minic i dtaobh na gcluichí Gaelacha agus ba mhaith liom a thábhacht a chíoradh san alt seo.

Tá traidisiún ó thaobh na gcluichí Gaelacha ag gach contae: buann cuid acu go hannamh, cuid eile anois is arís, agus buann roinnt eile níos minice ná a chéile. Is fíor nach mbuann contaetha áirithe i gcónaí, ach is fíor freisin go mbuann siad go minic. Cén fáth gur mar sin a bhíonn? Cén bunús atá leis an rud ar a dtugtar traidisiún agus cén tábhacht a bhaineann leis? An rud é atá ginte sa ghasúr, cuid dá DNA a bheith níos fearr ag an bpeil nó ag an iomáint ná mar a bheadh a mhacasamhail as contae eile?

Ceisteanna iad seo nach féidir a fhreagairt ar bhonn eolaíoch, ach is ceisteanna iad a spreagann cur agus cúiteamh agus iaróga bríomhara ar oícheanta dorcha na dúluachra. Tugann siad cead agus saoirse dúinn uile tuairimí agus teoiricí a nochtadh ina dtaobh agus, mar sin, olc, maith nó díchéillí, tugaim anseo mo chuidse teoiricí i dtaobh na cruacheiste casta, tromchúisí faoi cad é traidisiún i gcomhthéacs chluichí na nGael.

An Chaid

I gcúrsaí caide, seasann Ciarraí amach go haonarach, ceannasach i measc chontaetha na peile Gaelaí a fhad is a bhaineann le cluichí agus le craobhacha a bhuachan. Cén fáth a mbuann foireann peile Chiarraí (daonra c. 140,000) de ghnáth, go háirithe sna cluichí móra úd a fhógraíonn don saol mór cé hiad an dream peileadóirí is fearr? Ní bhuann Ciarraí i gcónaí gan amhras (i gcoinne chontaetha Uladh, cuir i gcás) ach bíonn siad i gcluichí ceannais go mion agus go minic. Cén fáth é sin? An mbaineann sé le dúchas, le cine, le dearcadh, le tuiscint nach bhfuil ag imreoirí sna contaetha eile? Tá imreoirí maithe ag contaetha eile gan amhras, ach teipeann orthu níos minice ná a chéile an lámh in uachtar a fháil ar na Ciarraígh. Teipeann ar Chorcaigh (daonra c. 267,000) níos minice ná a mhalairt an bua a fháil ar Chiarraí sna cluichí móra samhraidh. Mar shampla, ba iad Corcaigh rogha na coitiantachta i mbliana i gcoinne Chiarraí, rogha a bhí bunaithe ar bhua Chorcaí sa tSraith Náisiúnta peile. Na hamadáin, nach dtuigeann siad go bhfuil traidisiún ann a deir go mbuann Ciarraí ar Chorcaigh i gcraobhchomórtas na Mumhan de ghnáth agus, le blianta beaga anuas nuair a chastar ar a chéile iad i bPáirc an Chrócaigh? Is mairg don té a dhéanann neamhaird den traidisiún!

An Iománaíocht

An scéal céanna san iomáint. Ba iad foireann Thiobraid Árann (daonra c. 149,000) rogha na coitiantachta leis an mbua a fháil ar fhoireann Chorcaí i gcluiche ceathrú ceannais na Mumhan. Bhí tuairim na n-údar bunaithe ar thorthaí agus ar thaispeántais na bliana seo caite! Rinneadh neamhaird, nó dearmad, arís ar a bhfuil sainithe sa traidisiún le breis agus céad bliain: buann Corcaigh ar Thiobraid Árann beagnach i gcónaí nuair atá an cluiche eatarthu ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh.

Trí chontae atá ceannasach san iománaíocht de réir an traidisiúin: Cill Chainnigh (daonra c. 87,000), Corcaigh agus Tiobraid Árann. Go stairiúil is eatarthu sin atá mórchuid na gcraobhacha iomána roinnte ó bunaíodh an CLG. Is sna contaetha sin atá an traidisiún nó an dúchas iomána sin a chinntíonn go mbíonn foireann agus imreoirí níos fearr acu ná mar a bhíonn ag contaetha eile de ghnáth. Is annamh nach mbíonn ceann acu i gcluiche ceannais na hÉireann, is cuma cén córas a leagtar síos. Sin mar a bhí riamh agus mar a bheidh is dóigh.

B’fhéidir go bhfuil míniú éigin le fáil ar dhiamhracht seo an traidisiúin ach scrúdú a dhéanamh ar thimpeallacht na gcontaetha a bhíonn ceannasach dá réir. Tabhair faoi deara gur Cúige Mumhan agus Deisceart Laighean atá i gceist. Ach oiread le lucht reatha na hAetóipe agus críocha arda eile na hAfraice a mbíonn tionchar na timpeallachta le sonrú ar a gcumas reatha fadréimse, b’fhéidir go bhfuil buntáistí timpeallachta le fáil sna ceantair sin i gCúige Mumhan agus i ndeisceart Laighean a chinntíonn go mbíonn níos mó fir mhóra, láidre, folláine, aclaí le fáil i measc an phobail ná mar a bhíonn i réigiúin eile. Buntáistí aiceanta atá i gceist: talamh mhéith, ithir dhomhain shaibhir, uisce lán le mianraí maithe, aeráid shéimh, cuanta foscúla beo le héisc agus cuanta doimhne atá oiriúnach don tráchtáil le tíortha iarthar na hEorpa (An Spáinn srl.). I bhfocail eile, bhí agus tá na buntáistí ann a chinntigh agus a chinntíonn geilleagar rathúil, forbairt tráchtála agus pobal folláin, láidir dá réir.

Ach, dar ndóigh tá siocair eile go bhfuil Ciarraí ceannasach ó thaobh na peile: an pheil seachas an iománaíocht a bheith mar chéad rogha (cé is moite de thuaisceart an chontae) i measc an aosa óig, rud a thugann buntáiste dóibh i gcoinne na gcontaetha eile ina bhfuil an iománaíocht in uachtar. Gliceas Ciarraíoch ag feidhmiú ambaist!

Iomas an Imreora

Ach, b’fhéidir gur rud eile ar fad é an traidisiún, gur rud aigneolaíoch é seachas fíric feola is cnámh. Úsáideann daoine an focal creideamh uaireanta sa chiall gur creideamh inti féin an pheil i gCiarraí nó an iomáint i gCill Chainnigh agus go gcreideann an pobal gurb iad féin is fearr i mbun an chluiche sin. Lena rá ar bhealach eile, is iompar ó dhúchas é an cluiche a imirt díreach mar atá teanga dhúchais ag duine. Tá rud ann ar a dtugann teangeolaithe iomas an chainteora dúchais air, is é sin go dtuigeann an cainteoir dúchais na rialacha a bhaineann leis an teanga i ngan fhios dó féin. Tuigeann sé cén chaoi le focail a chur i ndiaidh a chéile i gceart agus mar sin de, ó aois an-óg. De réir na teoirice seo, tuigeann an peileadóir óg Ciarraíoch, nó an t-iománaí óg as Cill Chainnigh/Corcaigh/Tiobraid Árann, ‘rialacha’ nó gnáthaimh an chluiche (ní hiad na rialacha nó na dlíthe scríofa atá i gceist agam) a chuireann ar a chumas an cinneadh ceart a thógáil go hiomasach i ngach gné d’imirt an chluiche. Tarlaíonn sé seo de thoradh na foghlama a thosaíonn ag aois chomh hóg le trí bliana, nó b’fhéidir roimhe sin, agus de thoradh an chleachtais a leanann ar aghaidh ar feadh an ama agus duine óg ag fás aníos mar bhall de phobal peile nó iomána.

Mar sin, nuair a deirimid ‘traidisiún’, dúchas a bhíonn i gceist. Briseann an dúchas trí shúile an chait a deirtear, agus i dtaca le himreoirí iomána Osraí, nó ‘Na Cait’ (Cill Chainnigh), is fire an ráiteas sin ná riamh!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.