CÚINNE NA nEALAÍON
Fuair Christopher Nolan bás an mhí seo caite.
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Tugann Colm Ó Snodaigh cuntas dúinn san alt seo ar an dul chun cinn atá déanta ag roinnt daoine agus comhlachtaí i leith ceapadh an cheoil ag an duine a bhfuil éalang ag cur as . Is trua a deir , nach raibh an deis seo, My Tobii, ar an bhfód le linn do Christopher Nolan fás aníos, fear a chruthaigh in aghaidh gach constaice nach féidir fear an mhisnigh a chloí.

Íomhá
Ag foghlaim na riomhaireachta
Íomhá
James Brosnan
Íomhá
Katy Gilligan
Íomhá
Deis Gháire faoin obair
Íomhá
I mbun ceoil le chéile

Shíothlaigh Christopher Nolan uainn an mhí seo caite. Mar scríbhneoir a bhain cáil amachduais Whitbread bronnta air as a dhírbheatháisnéís, Under the eye of the Clock. Duine ar leith a bhí ann.

Rugadh é le pairilis cheirbreach (Cerebal Palsy) - éalang cholainne a d’fhág é gan aon smacht aige ar thromlach a mhatán. Ar bhealach bhí dúnta isteach ina chorp. Bhraith a mháthair áfach, go raibh meabhar cinn ghéar aige toisc go raibh spleodar agus éirim ag damhsa ina shúile. Le dua fuarthas bealach lena scríbhneoireacht a mhealladh agus deis a thabhairt cumarsáid leis an domhan mór. Cuireadh mar a bheadh unicorn, aon bheann, ar a cheann agus sheasadh a mháthair taobh thiar ag coinneáil a chinn sochar fad is a threoraigh barr an unicorn i dtreo litreacha an chlóscríbhneora - gach litir agus focal ag teacht uaidh go mall réidh. Mar a dúirt , duine ar leith.

Mick Donegan

Duine ar leith eile Mick DoneganSasanach de bhunadh na hÉireann. Mar mhúinteor a rinne traenáil, ach diaidh ar ndiaidh, thuig go raibh páistí ann leis an éalang chéanna le Christopher Nolan nach raibh ag fáil na ndeiseanna a bhí á bhfáíl aggnáth’pháistí. D’éirigh as an múinteoireacht agus dhírigh a fhuinneamh ar bhealaigh a fháil le deiseanna a chur ar fáil dos na páistíneamhghnácha seo. Deiseanna cainte, deiseanna spraoi, deiseanna saoil.

Bhí hunch tuairim aige gur sna súíle a bhí an-chuid des na deiseanna seo, óir smacht ag beagnach gach éinne, nach mór, ar na hocht matán a threoraíonn gluaiseacht ár súl, ar neamhchead d’aon éalang a bheadh orthu.

Thit amach agus é ag surfáíl ar thonnta an idirlín gur tháínig ar an gcomhlacht Sualannach, Tobii. Ag plé le ríomhairí agus le radharc súile a bhíodar. Trí cheithre cheamara fodhearg a úsáid, bhíodar tar éis teacht ar chóras a bhí ábalta radharc na súl a leanúint timpeall scáileán an ríomhaire. Le lucht díolta fógraíochta a bhíodar ag iarraidh an córas a dhíol!

Bheartaigh Mick dul chun cainte leo lena thuairimí a mhíniú dóibh. D’éisteadar. Thuigeadar agus anois córas curtha in oiriúint acu do dhaoine le cp ilscéaróis fiú daoine le strócannaéinne atá dúnta isteach ina gcolainn ar nós Christopher Nolan. My Tobii a ghlaotar air. obair leanúnach ar bun leis an gcóras a leasú is a fhorbairt, óir óg go maith, go fóill, mar chóras.

James Brosnan

Le roinnt blianta anuas tar éis aithne a chur ar chupla duine a rugadh le pc. Ina measc James Brosnan (Ciarraíoch le spiorad spleodrach) agus Katy Gilligan, óg-bhean dathúil as Caisleán Cnucha. Súile glioscarnacha, lán le beocht acu beirt: meabhar cinn ghéar ach buan-bhunfhadhbanna le heaspa smachta ar mhatáin na colainne.

Séard a dhéantaí go traidisiúnta le daoine mar iad an matán is seasmhaí, a aithint agus córas leictreonach a thógáil timpeall ar an matán sin le deis a thabhairt don duine scríobh caint fiú ar nós an réaltólaí Stephen Hawkings.

Le James, is é an matán a úsáideann Sternocleidomastoid - matán an smiolgadáin, matán taobh an mhuiníl! fáinne plaisteach ceangailte timpeall a mhuiníl - luch an ríomhaire faoina smig, a ríomhaire ceangailte leis an idirlíon agus é ag cliceáil leis ó mhaidin go hoíche. Is minic, mar shampla, a sheolann torthaí spóirt chugam nuair a bhím thar lear! Go mall réidh a deir is a é lan de ghreann agus de spleodar de ghnáth.

Katy Gilligan

Katy beagánín difriúil óir níl aon mhatán seasmhach go leor aici - seachas a súile. Ach go dtí gur thosaigh ag úsáid an My tobii is trína máthair a labhraíodh - ceangal diamhaireach eatarthu inar féidir lena máthair smaointe agus fonn a hiníne a léamh.

An tOllamh Lizbeth Goodman

Ceann des na deiseanna nach raibh ag ceachtar den triúir thuas deiseanna ceol a sheinnt. Agus sin mar a thagaimse isteach san scéal!I dteannta le Mick agus bean suaithinseach, an tOllamh Lizbeth Goodman ó SmartLab, táimse tar éis a bheith bainteach le hiarrachtaí an deis seo a chur ar fáil dóibh trí obair leis an My Tobii. ga dom ach seinnt fuaimeanna frásaí ceoil a thaifeadadh agus fágaim an draíocht teicniúil faoi na draoithe teicniúla!

an chaoi go n-oibríonn go roinntear an scáileán i mboscaí ina gcuirtear ruainní beaga ceoil atá réamhthaifeadta agus trí bhreathnú ar na boscaíseinntear’ an ruainnín ceoil. Ar an gcaoi seo, tig le James, fágaim, giotár asheinnt’. Agus muid ag taispeáint an chórais seo do dhaoine ar spéis leo a leithéid, seinnimse ina theannta agus babhtálann muidlicks’ le chéile.

Leis an smaoineamh seo i réim, eagraíodh coirm cheoil in amharclann Paccar, i gColáiste na Tríonóide mar chuid den taispeántas EyeLight sa dánlann Eolaíochta. Inár dteannta bhí Dee Armstrong (a bhíonn ag seinnt liom i Kíla), Eoin O Brien, Martin Brunsden agus Robbie Perrytriúir eile atá gar go leor do chlann Kíla!

Ansin ag deireadh na míosa seo chaite, rinne Robbie Perry an próiseas a thógaint níos faide nuair a d’éirigh leis é a chur in oiriúint do chóras midi. Anois tig le James Katy uirlis fisiciúil (ar a chur in oiriúint go meicniúil don chóras midi) a sheinnt lena súile!

Is rud fíor-fíorbhunúsach atá déanta aige, óir beidh an deis anois ann ag daoine, le réimse leathan éalainge, ceol a sheinnt, más mian leo.


Nuair a chuala an nuacht go bhfuair Christopher Nolan bás, cheapas gurbh é an trua é nach bhfuair an deis seo. bhuaigh duais Whitbread scríobh próis, cad a bhuafadh mbeadh ag cumadh ceoil?

http://www.smartlab.uk.com/flyer/eyelightmusicdance04.pdfhttp://www.youtube.com/watch?v=dWBOfx5u0YY(an chéad uair a d’úsáid Katy Gilligan an My Tobii)http://www.tobii.com/corporate/start.aspx(suíomh idirlín déantúsóírí an My Tobii)

http://www.guardian.co.uk/books/2009/feb/23/christopher-nolan-writerhttp://www.irishtimes.com/newspaper/breaking/2009/0220/breaking29.htmhttp://www.nytimes.com/2009/02/24/books/24nolan.htmlhttp://www.economist.com/obituary/displaystory.cfm?story_id=13176558(nótaí báis Christopher Nolan)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.