Bhí PJ Mac Gabhann ag caitheamh súile ar ghuagacht taistil i gcodanna áirithe den domhan, ceantair a mbíonn baol fuadaithe ag baint leo.
Naisc
Tá breis agus ceithre bliana is fiche ann ó fuadaíodh Brian Keenan taobh amuigh dá theach cónaithe i mBéiriút agus é ar a bhealach chun na hoibre i dtús mhí Aibreáin 1986. Chaith Keenan 1574 lá i mbraighdeanas, é ceilte in áiteanna éagsúla sa chathair agus ar fud na Liobáine, tír a bhí á scriosadh de réir a chéile sa chogadh cathartha idir Hezbollah, na Falangaithe, buíonta Moslamacha agus airm Iosrael agus na Siria i rith na n-ochtóidí.
Is cosúil gur coinníodh Keenan agus daoine eile ar nós Terry Anderson, Terry Waite agus John McCarthy ina ngialla chun brú a chur ar rialtais an Iarthair, an Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá go príomha, agus ar Iosrael scaoileadh le cuid de na príosúnaigh Mhoslamacha a bhí cuibhrithe acu. De bharr an ról a bhí ag na mórchumhachtaí sa Mheánoirthear an tráth sin, níorbh aon ionadh é, is dócha, fuadach daoine a bheith mar arm ag lucht an Jihad.
Ach in ainneoin go dtugann na mórchumhachtaí le fios nach ngéillfidh siad riamh do na héilimh a dhéanann fuadaitheoirí go n-íocfaí leo airgead fuascailte nó go scaoilfí as géibheann lucht a gcomhchúise ar an gcoinníoll go saorfaidís gialla, is minic mar sin féin go mbíonn daoine in amhras.
Scéal Rúin
Chaith Sharon Commins, oibrí leis an eagraíocht Goal, mar aon lena comhghleacaí, Hilda Kawuki, breis agus 100 lá i mbraighdeanas i 2009 nuair a ghabh fir faoi airm iad ón áit a raibh an bheirt acu ag obair in Kutum i dtuaisceart Darfur. Scaoileadh an bheirt acu saor sa deireadh. Cé gur éiligh an dream armtha arís agus arís eile go n-íocfaí airgead fuascailte leo sula scaoilfidís saor an bheirt bhan, shéan rialtas na hÉireann gur íocadh aon airgead leis na fuadaitheoirí.
I ráiteas a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn faoi chás Commins, dúradh: Nuair atá fuadach duine i gceist, d’fhéadfadh faisnéis íogair a bheith ag seirbhísí slándála, ag rialtais iasachta nó ag idirghabhálaithe eile, faisnéis a bheadh fíorthábhachtach chun go saorfaí go slán sábháilte an duine, nó na daoine sa chás áirithe seo, atá faoi choinneáil.
An gá íoc as an bhfaisnéis íogair sin? Ní raibh Micheál Martin, a bhí ina Aire sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ag an am, sásta a rá. Agus dhiúltaigh sé go gcuirfí ar fáil do lucht nuachta aon tuairisc inmheánach roinne nó rialtais ar chás Commins faoi Alt 25 den Acht um Shaoráil Faisnéise. ‘Cás eisceachtúil’ ab ea cás Commins, dar leis an Aire Martin.
Bhí an scéal céanna ag an aire nuair a scaoileadh saor an tAthair Michael Sinnott tar éis dó breis agus 30 lá a chaitheamh i mbraighdeanas. Níor íocadh aon airgead fuascailte leis na fuadaitheoirí, a mhaígh Micheál Martin. Fuadaíodh Sinnott óna áit chónaithe ar oileán Mindanao sna hOileáin Fhilipíneacha i mí Dheireadh Fómhair 2009. Ag caint dó faoin idirbheartaíocht agus faoin mhargáil a bhí ar bun chun é a shaoradh, dúirt Sinnott gur chuala sé duine de na fuadaitheoirí ag rá gur chuma leis go pointe faoin airgead fuascailte fad is go n-éireodh leo poiblíocht a bhaint amach dá bhfeachtas neamhspleáchais.
Éiric Fuascailte
Bíonn an lúbaireacht chainte chéanna ar siúl ag lucht polaitíochta abhus sa Fhrainc chomh maith ar ndóigh. Fuadaíodh Florence Aubenas, iriseoir leis an bpáipéar nuachta Libération, agus Hussein Hanoun al-Saadi, ateangaire a bhí ag obair léi, ag tús na bliana 2005 agus iad ag fiosrú scéalta nuachta in Baghdad. Scaoileadh saor iad tar éis dóibh cúig mhí a chaitheamh i mbraighdeanas. Ach in ainneoin nár admhaigh Jean-Pierre Raffarin, a bhí ina Phríomh-Aire rialtais sa Fhrainc ag an am, gur íocadh aon airgead fuascailte leis na fuadaitheoirí, tuigtear go raibh ar scairshealbhóir de chuid an nuachtáin suim mhór airgid a íoc chun go scaoilfí saor an t-iriseoir agus a comhghleacaí.
In alt dá chuid a foilsíodh i mí Eanáir na bliana seo, scríobh Christophe Cornevin, iriseoir de chuid Le Figaro, gur fiú idir €50,000 agus €250,000 an duine atá faoi choinneáil ag fuadaitheoirí. De réir na Roinne Gnóthaí Eachtracha i bPáras, tháinig méadú suntasach ar líon na bhFrancach a fuadaíodh idir 2004 (aon duine dhéag) agus 2008 (59 duine). I measc na dtíortha ‘ardriosca’, mar a thugann lucht taidhleoireachta orthu, áirítear anois an tSúdáin, an Nígir agus an Ailgéir ar Mhór-Roinn na hAfraice, Veiniséala agus an Cholóim i Meiriceá Theas.
Is é réigiún na Saiheile san Afraic, réigiún a chuimsíonn an Mháratáin, Mailí, an Nígir, Sead, an tSúdáin agus an tSomáil, ceann de na háiteanna is mó riosca ar domhan faoi láthair do dhuine ar bith ó thíortha an Iarthair, dar leis an Aire i Roinn Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Bernard Kouchner, bíodh lucht gnó, oibrithe neamhrialtais nó lucht saoire i gceist. Níor cheart cuairt a thabhairt ar an réigiún, dar leis, ach i gcás fíor-riachtanais amháin.
Al-Qaeda na Magraibe
Is ar an teorainn idir an Nígir agus Mailí a fuadaíodh an turasóir Edwin Dyer i mí Eanáir 2009. Al-Qaeda sa Mhagraib Ioslamach (AQMI), dream a dteastaíonn uathu an chumhacht a ghlacadh san Ailgéir agus poblacht Ioslamach a chur ar bun, a bhí taobh thiar den fhuadach. Dúirt an AQMI go saorfaidís Dyer ar an gcoinníoll go scaoilfí saor Abu Qatada, atá faoi choinneáil sa Bhreatain agus a bhfuil gríosú chun sceimhlitheoireachta curtha ina leith. D’fhógair an AQMI bás Dyer i mí na Bealtaine 2009 nuair nár saoradh Qatada taobh istigh den spriocdháta a bhí leagtha síos acu. Tuigtear gurb é an AQMI a d’fhuadaigh Michel Germaneau i mí Aibreáin na bliana seo. Bhí Germaneau beagnach ceithre scór bliain d’aois agus bhí sé ag tógáil scoileanna don mhuintir Touareg sa Nígir nuair a fuadaíodh é. Fógraíodh a bhás ar an mbealach teilifíse Al Jazeera i mí Iúil seo caite mar bheart díoltais, a dúirt AQMI, ar ruathar a thug airm na Fraince agus na Máratáine ar champa de chuid an AQMI. Maraíodh seisear de chuid an AQMI sa ruathar sin ach níor thángthas ar Germaneau.
Baol Báis
Is é an AQMI atá taobh thiar d’fhuadach an tseachtar oibrí de chuid an chomhlachta Areva an mhí seo caite, ar Francaigh cúigear díobh. Lena chois sin, tá beirt iriseoirí de chuid France Télévisions, Stéphane Taponier agus Hervé Ghesquière, mar aon le triúr áitiúil a bhí ag obair leo, ar iarraidh ón tríochadú lá Nollaig 2009 nuair a d’fhuadaigh lucht Talaban iad i gceantar Kapisa, réigiún atá thart ar céad ciliméadar ar an taobh thoir thuaidh de Kabul.
Tarlaíonn sé go bhfuil an scannán ‘Des hommes et des dieux’ á thaispeáint ar fud na Fraince ó thús mhí Mheán Fómhair, scannán a thugann cur síos ar sheachtar manach Cistéirseach a fuadaíodh i 1996 ó mhainistir Tibéhirine, mainistir atá uair an chloig ó dheas de chathair na hAilgéire.
Bhí an Ailgéir ina chíor thuathail an tráth sin agus thuig na manaigh go raibh a mbeatha i mbaol. Ach céard ba cheart dóibh a dhéanamh? Teitheadh agus imeacht leo go dtí an Fhrainc, fanacht ach faoi choimirce an airm, nó comhoibriú leis an mbuíon mhíleata Ioslamach, an GIA (Groupe islamique armé), nó fanacht neamhspleách uathu, saor ina n-intinn agus ina gcoinsias. ‘Is ionann fágáil agus bás a fháil,’ a dúirt duine de na manaigh, Luc, agus an cheist á plé acu. ‘Dá bhrí sin, fanfaidh mé.’ Ní fheadair an é an domhan seo a bhí i gceist aige.