CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Folláine Anam na hÉireann

Má bhíonn anam ag pobal daoine, cad é an dóigh a bhfuil anam mhuintir na hÉireann faoi láthair? Is spéisiúil éisteacht le trácht daoine ar an dearcadh a bhraitheann siad i ndreamanna éagsúla daoine i dtíortha trasna na hEorpa.

Íomhá
Séamas Ó hAonghuis, sna 1950aidí
(le Alan Lomax ar Vicipéid)
Íomhá
I mBÁC
Íomhá
Sa Chabhán

Is spéisiúla nuair a aontaíonn lánúin mheasctha ar an mhéid a shonraíonn siad sna tíortha éagsúla. Lánúin mheasctha de Pholannach mná agus Éireannach fir, móide clann, a thug aghaidh ar an Pholainn i mbliana le casadh le teaghlach na mná. D’aontaigh an bheirt acu go láidir, i ndiaidh dóibh pilleadh ar Éirinn, go bhfuil muintir na Polainne níos míshásta ná na hÉireannaigh faoin drochdhóigh ina bhfuil geilleagar a dtíre, faoi chur chuige an AE, nó faoi aimhréidhe an AE le bheith cruinn.

An áit a bhfuil an dá phobal, muintir na hÉireann agus muintir na Polainne an-éagosúil lena chéile ina ndearcadh, dar le lánúin an scéil, is é go n-iompaíonn an tÉireannach ar a acmhainn grinn i ndeireadh báire lena racht a scaoileadh amach trí mhagadh faoi lucht pholaitíochta, lucht údaráis srl. Chonacthas don lánúin go bhfanann fear na Polainne i mbun na feirge agus an mhíshásaimh agus ní théann i muinín an ghrinn ar chor ar bith, in am ar bith, dá fhaide an comhrá.

Is gné nirt é an greann, tá súil agam, agus ní dócha gur chóir peaca na cladhaireachta a líomhain i gcoinne an Éireannaigh sa chás seo. Más ea, agus má tá an tóin le titim as mórán gach tír agus as gach airgeadra ar domhan, d’fhéadfadh sé go mbeidh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann níos oilte i láimseáil saol an leatroimgo leor dá gcomharsana.

Dream Buailte nó Dream a Buaileadh?

Deir seanfhocal linn, ‘an madadh a bhuailtear sa chloigeann, cuimhníonn sé!’ B’fhéidir gur ag cuimhneamh le fada a bhí muintir na hÉireann agus gurb ’in é an fáth a raibh na coiscéimeanna malltriallach le breis is céad bliain anuas: Cogadh na Talún, Cogadh na Saoirse as ar glacadh le mionn ‘don Rí’ le ‘Saorstát’ a bhaint amach. Tá an dé ag éalú dá n-ainneoin as an Ghaeltacht le trí ghlúin anuas, ach má tá, is éalú níos moille é ar a laghad, ná mar a bhí roimhe sin. Má tá neamhfheidhmiúlacht Ghaeilge curtha i leith ranna rialtais ó bhunú an tSaorstáit anuas, tá athbheochaint i gceol na hÉireann, i saol rince agus dam(h)sa gaelacha – ar fud an domhain, i ngnóthaí spóirt (na Gaeil Óga, foireann ag Gael-Taca, Comórtas Laochra Loch Lao 7 eile nuair a thiocfas ann dóibh), sa damsa aonair, sna hamhráin sean-nóis, i scolaíocht lán-Ghaeilge, i ngnóthaí físe agus craolta na Gaeilge le glúin anuas.

B’fhéidir go bhfuil an cneasú thar ghoimh a bhí orthu, Éireannaigh, tar éis cneasú níos gaire do chnámh an scéil ná mar a chneasaigh riamh roimhe. Mura bhfuiltear in ann méar a leagan go cruinn ar ar tharla in intinn na nÉireannach le sé glúin anuas, is cuma ar bhealach. Is cuma mura bhfuil siad in innimh míniú don domhan mhór cén fáth nár labhair tuismitheoirí teanga a ndúchais lena gclann, nó cén fáth nach labhraíonn muintir na Gaeilge, idir Ghaeltacht is Ghalltacht, a dteanga go neambalbh agus le mórtas, nó cad chuige nach mbeidís bródúil as a gceol féin anuas na blianta go dtí gur thosaigh Ó Riada, na Dubliners, na Clancy Brothers, Horslips, agus buíonta eile, agus mheall iad leis an cheol cheart a athbheochaint ar ball, - is cuma! Is cuma mar go bhfuil an ceol níos forbartha agus níos fairsinge ná mar a bhí riamh. Bhuail mac Uí Fhlaitile an t-ardán le Riverdance agus ní féidir linn daoine a stad den damhsa ó shin i ngach cearn. Tá an galar ag sileadh isteach chuig an damhsa ar an sean-nós agus a shliocht air, beidh an halla lán go buimbéal arís ag Oireachtas na Gaeilge amach sa bhliain.

An Bhfuil A Leigheas Déanta?

B’fhéidir go bhfuil leigheas na nÉireannach déanta, ach nach bhfuil sé chomh feiceálach go fóill, go feidhmiúil sa saol, mar is ábhar é an t-anam nach féidir a mheá ná a thomhas. Cibé bealach a rachaidh na hÉireannaigh chun cinn, is as críocha aineoil anama slua beag daoine ina measc a eascróidh gach fuinneamh le hiad a iompar chun tosaigh i réimsí bitheolaíochta, ríomhaireachta, fuinnimh, nó cibéard a bhéarfas rath. Beidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar a gcomharsana agus labhairt leo ina dteangacha féin roimh i bhfad. Má thuigeann siad faoi dheireadh a thábhachtaí is atá teanga álainn a dtíre gona iompar sách aisteach uasal féin, tuigfidh siad gur cheart meas a bheith acu ar theangacha eile sin a mná agus a bhfear céile agus cothóidh siad ina ngasúir iad. Tuair an t-ádh agus tiocfaidh sé!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.