AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Focal i gcluas McCreepy
Balor Balor Balor

D’fhéach Balor le comhairle a chur ar an Aire Airgeadais, Charlie McCreepy, le déanaí.

Íomhá

“Áááá, nár bhreá liomsa bronntanas Nollag a fháil ón Aire Rialtais sin a bhí chomh fial flaithiúil lena chairde ar chostas an Stáit: sú na heorna, brandaí agus todóga gan iarraidh, gan íoc. Bí cinnte nach aon bhiotáille bhroghach bháite de chuid Jameson nó Paddy nó fiú Powers féin a bhí ann, ach fíor-bheathuisce Preispitéireach aduaidh as Bushmills, an cineál fuisce is fearr leis an chineál is fearr de dhaoine, Cathaoirleach Údarás na Galltachta as an chuntas! Ach, ar an drochuair, is dóiche ná a mhalairt nach bhfaighidh mé ach an gnáthdosaen cloigeann seanbhlastúil caorach arís i mbliana,” a cheasnaíonn Balor na Baothchainte. Ní mó ná sásta a bhí sé leis na cinn a fuair sé anuraidh: é den bharúil láidir nach cloigne caorach a bhí iontu ar chor ar bith ach cloigne chomhairleoirí Fhianna Fáil, na cráiteacháin a léirigh míshástacht faoi roinnt de chuid gearrthacha Charlie McCreepy.

Ós ag caint dúinn ar an Aire íseal imearthach ársa sin McCreepy, fuair Balor na Súile Nimhe litir uaidh cúpla lá ó shin. Bhí an tAire Arrachtach Airgeadais ag iarraidh castáil ar Bhalor lena chomhairle a lorg faoin cháinaisnéis atá le réiteach aige go luath. Theastaigh uaidh déileáil mar ba chuí le gach aon aicme sa tír agus roinnt daoine aonair chomh maith. “Chuaigh mé chun cainte leis. Cuireadh chun dinnéir a thug sé dom agus casadh ar a chéile muid sa bhialann is ansa leis in Éirinn: TGI Friendly. I mbréagriocht a bhí sé nó tá TGIF ar an taobh ó thuaidh den Life. Is dócha nach nglacfaidh an slíbhín sleamhain slíoctha le mo chomhairle, agus is dócha faoin am a bheidh an liarlóg seo i gcló go mbeidh a fhios ag madaí an bhaile nár ghlac; ach bhéarfaidh mé cur síos achomaireach do mo chuid léitheoirí dílse ar an mhéid a mhol mé don bhithiúnach binbeach bladarach,” a deir Balor an Blaoscánach.

“Mhol mé dó cúpla euro a chur ar leataobh leis an ráta cánach do scríbhneoirí Beo Ar Éigean a ísliú go 10%. Ní ghlacfadh sin thar phraghas cúpla Big Mac. Mar a sheasann cúrsaí san am i láthair, caitheann na breacairí a gcuid ama ag iarraidh teacht ar bhealaí le nach n-íocfaidh siad an cháin ard agus ní dhéanann siad obair ar bith. Nuair nach mbeidh le híoc acu ach an cúpla pingin beidh i bhfad níos mó ama acu le seanchac a scríobh agus an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, a choinneáil chomh gnóthach sin agus nach mbeidh am aige an highlighter buí sin a chur ar ais isteach ina phóca tóna.

“Mhol mé dó cúpla milliún euro a chomharthú fá choinne doirse úra a chur isteach i dtithe polaiteoirí: doirse caocha, gan boscaí litreacha ar bith, sa dóigh nach mbeidh féicheamhain ábalta seansonraisc a sheachadadh fríd na doirse agus muid i mbéal na Nollag. Agus mé ag caint ar dhoirse, mhol mé dó bealach oscailte dhoirse Theach na Dála a athrú ionas nach ‘Pull’ a bheas scríofa ar gach ceann acu - agus gan a bheith ag cur drochsmaointe isteach in intinní lofa bréana casa casta daoine áirithe a bhainfeadh an drochbhrí as an fhocal álainn Béarla sin.

“Ní raibh an tAire mí-aireach ach leath ag éisteacht liom, é i suan na muice bradaí agus é ag diúl blonag gé trína shéanas. Ag taibhreamh a bhí sé faoi na billiúin a bheadh le caitheamh arís aige de bharr na ngearrthacha siar a chuirfeadh sé i bhfeidhm i riocht réiteach agus feistithe, nuair a bhain mise siar as le mo chéad mholadh eile. ‘Is cóir gearradh siar ar an fhéilire,’ a dúirt mé leis agus mhínigh mé dó mo chuid cúiseanna leis an ráiteas: ‘Mura mbíonn ach seachtain i ngach coicís agus coicís i ngach mí, ní bheidh ach an dá ráithe sa bhliain: tabharfaidh muid earrach agus samhradh orthu agus ní bheidh daoine ag téamh a gcuid tithe; ní bheidh caiteachas na Nollag níos mó ann; ní bheidh na múinteoirí dod’ chrá nó beidh siad ar saoire níos mó ná leath na bliana; agus thar bhuntáiste ar bith eile: ar an bhliain seo chugainn, nuair a bheas mise tríocha trí bliain d’aois beidh mé sé bliana agus trí scór agus i dteideal dul amach ar an phinsean. Ní bheidh orm mo chuid ama a chaitheamh ag sclábhaíocht do Beo Ar Éigean, ag cumadh truflaise agus seafóide agus drámhaíola agus traise agus cosamair (faigheann muid leath cent in aghaidh an fhocail) agus brocamais agus cacamais agus raiméise….’

Ooooops! Seo chugainn an highlighter bradach buinneach buí sin … Slán!”

*Is mian liom aird na léitheoirí a tharraingt ar eolas míchruinn san alt thuas: faigheann scríbhneoirí *Beo! dhá cent in aghaidh an fhocail, agus ní cent amháin mar a luaitear.

An tEagarthóir

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.