CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Flosc chun fidléireachta
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Cé gur fear óg fós é an fidléir Oisín Mac Diarmada tá albam aonair agus dhá cheann i gcomhar le ceoltóirí eile eisithe aige cheana féin, agus tá a lipéad féin aige. Chaith Antaine Ó Faracháin seal ina chomhluadar le déanaí.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: Inis dúinn rud beag fút féin agus faoi do chúlra.

Oisín Mac Diarmada: Tá mé ceithre bliana is fiche d’aois agus tá cónaí orm i mbaile beag darb ainm Cúil Áine i gContae Shligigh. Ach ní sa bhaile sin a bhí cónaí orm i gcónaí: is as Contae an Chláir ó thús mé agus bhog mé go Sligeach i 1989. Má bhog, bhí an t-ádh liom, mar bhí Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i Sligeach an bhliain chéanna sin!

AÓF: Cén aois a bhí tú nuair a thosaigh tú ag seinm? Cé a mhúin ceol duit agus cé hiad na daoine a raibh tionchar acu ort?

OMD: Thosaigh mé ar bhóthar an cheoil agus mé cúig bliana d’aois. Bhí mé i mo chónaí i gCroisín i gContae an Chláir ag an am. Tar éis bliain amháin a chaitheamh ar an uirlis bheag álainn sin, an fheadóg stáin, cheannaigh mo mháthair fidil bheag bhídeach dhom i mBaile Átha Cliath. (Ba chóir dom a rá nach ar an bhfidil bheag chéanna sin a sheinnim mo chuid ceoil na laethanta seo!) Sa chontae ceolmhar sin, Contae an Chláir, bhí traidisiún saibhir ceoil timpeall orm agus mé ag foghlaim. Ach is stíl fhidléireachta iarthar an Chláir is mó chuaigh i gcion orm ag an aois sin. Bhí an t-ádh liom sa gcaoi is go raibh mé in ann éisteacht le fidléirí mar John Kelly, Joe Ryan, Bobby Casey agus Peadar Ó Lochlainn, agus ceol a fhoghlaim uathu le linn Sheachtain Willie Clancy i Sráid na Cathrach. Beidh mé an-bhuíoch díobh go deo as a gcuid ceoil agus as a gcomhluadar. Tar éis dom bogadh go Sligeach ansin, thosaigh mé ag éisteacht le ceoltóirí Shligigh agus le gairid tá ceol Michael Coleman, James Morrison, Paddy Killoran, Fred Finn agus Peter Horan, agus daoine eile nach iad, ag spreagadh béim éagsúil sa cheol a sheinnim.

AÓF: An bhfuil aon uirlis eile gur mhaith leat a bheith in ann a sheinm?

OMD: Tá mé breá sásta a bheith ag déanamh mo dhíchill an fhidil a fhoghlaim i gceart! Gan dabht tá uirlisí iontacha eile ann, ach is fearr liom a bheith i mo shuí ar mo shuaimhneas ag éisteacht le ceoltóirí eile á seinnt!

AÓF: An seinneann tú nó an gcanann tú in aon stíl cheoil eile seachas ceol traidisiúnta na hÉireann? Céard iad na saghsanna ceoil agus amhránaíochta a thaitníonn leat?

OMD: I láthair na huaire ní sheinnim ach ceol traidisiúnta na hÉireann amháin, ach nuair a bhí mé ag déanamh céime sa cheol i gColáiste na Tríonóide cúpla bliain ó shin bhí mé ag seinnt ceol clasaiceach ar an bpianó. Bhain mé taitneamh as ag an am ach i láthair na huaire, mar a dúirt mé, táim an-tógtha lenár gceol féin. Sa saol seo ina mbíonn an oiread sin roghanna againn go léir, tá sé i bhfad ró-éasca gan aon rud amháin a dhéanamh i gceart. B’fhearr liom eolas mion a bheith agam ar cheol traidisiúnta na hÉireann, seachas eolas bunúsach a bheith agam ar shaghsanna éagsúla ceoil.

AÓF: Céard iad na taifeadtaí atá déanta agat? An bhfuil aon albaim eisithe agat?

OMD: Rinne mé mo chéad taifeadadh in 2000 le beirt cheoltóirí eile darb ainm Brian Fitzgerald agus Micheál Ó Ruanaigh ar lipéad Chló Iar-Chonnachta. Is é an t-ainm atá air ná Traditional Music on Fiddle, Harp and Banjo. I láthair na huaire tá mé ag seinnt go lánaimseartha leis an ngrúpa traidisiúnta Téada, in éineacht le John Blake, Paul Finn, Seán McElwain agus Tristan Rosenstock, agus chuireamar amach albam ar mo lipéad féin, Ceol Records, in 2002. Chomh maith leis sin bhí fonn orm albam aonair fidléireachta a thaifeadadh gan mórán tionlacain leis an mbéim ar an seancheol agus bhí áthas orm léiritheoir tuisceanach mar Harry Bradshaw a fháil i gcomhair an tionscadail seo. *Ar an bhFidil *atá air agus arís foilsíodh é ar lipéad Ceol Records le déanaí.

AÓF: Inis dúinn faoin bpróiseas cumadóireachta. An bhfuil sé deacair nó éasca? Céard a spreagann chun cumadóireachta thú?

OMD: Is iontach an rud é an caighdeán cumadóireachta atá ag cuid de na cumadóirí sa cheol traidisiúnta sa lá atá inniu ann. Cumadóir amháin a bhfuil an-mheas agam air ná Charlie Lennon, an fidléir iontach ó Chontae Liatroma atá lonnaithe anois sa Spidéal le cúpla bliain anuas. Is rud casta é ceol nua-chumtha a choinneáil i stíl thraidisiúnta, agus níl gach cumadóir nua-aimseartha in ann é a dhéanamh. I mo chás féin, tá cúpla port cumtha agam agus tá ceann amháin taifeadta againn ar albam Téada. Is breá liom a bheith ag cumadh ach is rud é gur fearr a fhágáil go dtí go mbíonn an fonn ort. Níl mórán ama agam na laethanta seo agus, mar sin, tá sé deacair m’intinn a dhíriú ar an gcumadóireacht. Mar sin féin, nuair a chloiseann tú an mhóitíf cheart istigh i d’intinn is gá an port a chríochnú!

AÓF: Cén chaoi ar thosaigh tú ar an sórt seo oibre? Cén obair a bhí ar siúl agat sula ndeachaigh tú leis an gceol?

OMD: Tar éis dom mo chéim sa choláiste a chríochnú in 2000, chaith me bliain amháin ag múineadh i meánscoil sula ndeachaigh mé i dtreo an cheoil go lánaimseartha. Mar is eol do a lán ceoltóirí, is rud an-deacair é fanacht i bpost buan sábháilte nach bhfágann an oiread sin ama i gcomhair na rudaí a bhfuil do chroí iontu. Sin atá á dhéanamh agam i láthair na huaire, an ceol lánaimseartha, agus mé ag baint craic iontach as in éineacht le lads iontacha!

AÓF: An dtaitníonn sé leat a bheith ag taisteal thart?

OMD: Is iontach an rud é an taisteal ach, cosúil le gach rud, is féidir leat éirí bréan de nuair a bhíonn turas rófhada á dhéanamh agat thar lear. Tá an-suim agam féin in eitleáin, agus bím breá sásta a bheith thuas sna scamaill ag dul áit éigin. Mar sin féin, bím ag súil go mór le teacht abhaile freisin!

AÓF: Cad é an rud is mó a mhothaíonn tú uait nuair a bhíonn tú i bhfad ó bhaile?

OMD: Bím ag smaoineamh faoi na seisiúin iontacha nach féidir liom a bheith páirteach iontu in Éirinn, agus freisin bím croíbhriste gan comhluadar mo chailín!

AÓF: Nuair nach mbíonn tú ag plé leis an gceol, cad a dhéanann tú mar chaitheamh aimsire?

OMD: Tá an-suim agam sa pholaitíocht agus i gcúrsaí reatha sa tír seo agus thar lear. Ní féidir liom lá a chaitheamh gan ar a laghad nuachtán amháin a léamh. Agus nuair a thagann nuachtáin an Domhnaigh isteach sa teach ní bhíonn tada eile déanta an chuid eile den lá! Tharla go raibh mé ag déanamh ceardlainne sna Sceirí i gContae Átha Cliath ar lá an olltoghcháin i mí na Bealtaine anuraidh, agus caithfidh mé a admháil gur chaith mé formhór an deireadh seachtaine sa leaba ag faire ar na torthaí agus iad ag teacht isteach. Bhí mé thar a bheith sásta!

AÓF: Cá mbeidh tú i gceann deich mbliana eile, an gceapann tú?

OMD: Níl mé cinnte, ach ba bhreá liom a bheith páirteach sa cheol ag leibhéal éigin.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Oisín Mac Diarmada agus a chuid ceoil, téigh chuig: www.ceolproductions.com

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.