TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Fís an fhisiceora
Aralt Mac Giolla Chainnigh Aralt Mac Giolla Chainnigh Aralt Mac Giolla Chainnigh

Is eolaí é Aralt Mac Giolla Chainnigh atá ina chónaí in Ontario, Ceanada. Míníonn sé anseo cad é mar a d’fhoghlaim sé an Ghaeilge agus labhraíonn faoi fhís atá aige féin agus roinnt Gaeilgeoirí eile sa tír.

Íomhá

Bhí an Béarla mar an tríú teanga sa cheantar inar shocraigh mo shinsir nuair a tháinig siad go Ceanada, am éigin idir 1820 agus 1851. Bhí Chipawa, teanga bhundúchasach Cheanadach, ina príomhtheanga agus an Ghaeilge sa dara háit.

Bhí reachtaíocht roimh an Seanad Ceanadach in 1881 chun aitheantas a thabhairt don Ghaeilge mar an tríú teanga oifigiúil sa tír. Thaispeáin an Seanadóir John McInnes gurbh iad na Gaeil (idir Ghaeil na hÉireann agus Ghaeil na hAlban) an grúpa ba mhó sa tír (38% den daonra iomlán i gcomparáid le 30% a bhí de shliocht Francach agus 20% a bhí de shliocht Sasanach). Mheas sé go raibh 250,000 Gaeilgeoir i gCeanada.

Cad é an áit ba cheart a bheith ag an Ghaeilge i gCeanada an lae inniu? Sin an cheist a chuir mé orm féin deich mbliana ó shin.

D’fhoghlaim mé mo cuid Gaeilge i go leor áiteanna. Thosaigh mé i gCalgary, áit a bhfuair mé spreagadh mór ó lánúin as Béal Feirste, Gearóid Ó Raghallaigh agus a bhean chéile Brenda, a bhí ag tógáil a gclainne le Gaeilge agus le Béarla. Bhí tionchar mór ag múinteoir Gaeilge darbh ainm Seosamh Massey a bhí ag múineadh rang Gaeilge i gCalgary orm fosta. Nuair a bhog mé go Dún Laoghaire (Kingston) Ontario i 1992 thosaigh mé ag freastal ar dheirí seachtaine Gaeltachta sna Stáit Aontaithe a bhí á reáchtáil ag Daltaí na Gaeilge.

Chaith mé gach nóiméad saor a bhí agam ag éisteacht le téipeanna Gaeilge - ar mo rothar, sa ghluaisteán, i m’oifig, sa bhaile. D’fhreastail mé ar chúrsaí i nGleann Cholm Cille agus ar an Cheathrú Rua. Thóg mé bosca speisialta le húsáid in áit piliúir ar mo leaba, chun éisteacht le fuaimeanna agus rithimí na Gaeilge i mo chodladh. Dúirt Gaeilgeoir amháin, a raibh meas mór agam air roimhe sin, go raibh mé “craiceáilte” agus ní milseacht chainte a bhí i gceist leis an fhocal cosnochta sin.

Rud amháin a rinne mé, agus a bhfuil mé an-bhródúil as, ná mo shloinne a litriú i nGaeilge. Bhí mé ag úsáid na foirme Gaeilge le fada, ach bliain amháin thosaigh an rúnaí san oifig i Roinn na Fisice i gColáiste Mhíleata Cheanada, áit a bhfuil mé ag obair, ag cur mo chuid litreacha ar ais chuig na seoltóirí, ag rá nach raibh duine ar bith leis an sloinne “Kenny” ag an seoladh sin. Nuair a labhair mé leis an rúnaí, dúirt sí liom gur shocraigh ceannaire na Roinne go raibh sé neamhdhlíthiúil sloinne nach raibh aitheanta ag an rialtas a úsáid. Táim ag múineadh i gcoláiste míleata agus bíonn na saighdiúirí mar sin i gcónaí.

Bhí fearg an domhain orm - cén fáth ar shíl an duine seo go raibh sé de cheart aige a rá nach raibh cead agamsa an leagan Gaeilge de mo shloinne a úsáid? Níl fadhb dá laghad agam anois, áfach. D’íoc mé an táille leis an rialtas agus anois níl ach foirm amháin de mo shloinne ann: Mac Giolla Chainnigh. Níl rian ar bith den Bhéarla fágtha ar m’ainm ná ar m’anam.

Gaeltacht bhuan

Sa lá atá inniu ann i nDún Laoghaire tá ranganna Gaeilge seachtainiúla á reáchtáil againn ag an bhunleibhéal agus ag an mheánleibhéal agus bíonn ár ndeireadh seachtaine Gaeltachta féin againn gach Aibreán. Tá an Ghaeilge le fáil mar ábhar sa bhreis i meánscoil na cathrach agus tá timpeall dhá dhéagóir is fiche ag déanamh staidéir uirthi. Beimid ag úsáid an churaclaim sin chun cúrsa staidéir comhfhreagrais a scríobh -Learning Irish in Canada.

Tá plean againn, in éineacht le grúpaí eile i Montréal, Toronto, Ottawa agus sna Stáit Aontaithe, píosa talaimh a cheannach agus Gaeltacht Bhuan a chur ar bun. Is iontach an smaoineamh é, a tháinig chugainn ó Shéamas de Creag, iarchigire scoile as Béal Feirste a bhí ina chónaí in aice le Toronto go dtí le déanaí. Plean an-simplí atá ann - rud a rinne mórán grúpaí eile trí na blianta (na Mounties, múinteoirí meánscoile, ceoltóirí traidisiúnta, grúpaí Críostaí): píosa talaimh a cheannach mar chomharchumann chun laethanta saoire a chaitheamh le chéile. Difríocht amháin a bheidh ann - an Ghaeilge amháin a labharfar san áit.

Cad é an áit ba cheart a bheith ag an Ghaeilge i gCeanada an lae inniu? Táim i bhfad níos cóngaraí don fhreagra anois. Chím go bhfuil rogha againn: is féidir linn an teanga a chothú nó ligean di dul i léig. Cé a shílfeadh 500 bliain ó shin go mbeadh an Béarla ina theanga dhomhanda agus an Laidin marbh? Agus an mbeidh an Béarla ina theanga uilechoiteann go deo? Beag an seans! Tá an domhan ag athrú go tapaidh, mar a chonaic muid ar an 11 Meán Fómhair. Beidh an rogha againn cad é an teanga is fearr dúinn, agus is cinnte go roghnóimid ár dteanga féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.