AR NA SAOLTA SEO
Fírinne Lom Shearbh na Staire
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

D’fhreastail Robert McMillen ar léacht a thug an staraí John Gray ar na mallaibh agus is léir dó, go fiú má d’athraigh an saol féin ón bhun aníos idir an dá linn, nár athraigh scéal géarchéimeanna geilleagair ina mbunghnéithe ó Bhoilgeog na Mara Theas sa bhliain 1720 go dtí an lá inniu.

Bhí mé ag léacht an tseachtain seo caite mar chuid den fhéile úr, Left Belfast. Tá an eite chlé ó thuaidh mar atá sí ó dheas; scaiftí beaga a bhfuil ceannaire feidhmiúil acu le taobh na n-oibrithe agus na mbocht a chur chun cinn ach tá muid san aois “nua” seo - New Labour, neo-liberalism, neo-cons, daoine ag moladh Poblacht úr ó dheas - nuair is féidir neamhaird a dhéanamh ar “seanrudaí”.

Is masla é bheith ag caint ar "old -Labour" mar a bheadh sé chomh háisiúil le gramafón sa ré dhigiteach. An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d’fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair?

Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929. Rud amháin a cheangail na géarchéimeanna seo - caimiléireacht, amhantraíocht amaideach, tuairteanna - is é gurbh é an gnáthdhuine a d’íoc as i dtólamh, in achan chás.

Bhí an t-eacnamaí John Maynard Keynes ar an bheagán daoine a chreid gur cheart níos mó airgead a chur isteach sa gheilleagar nuair a bhí rátaí dífhostaíochta go hard, ní a mhalairt. Má d’aistrigh an rialtas agus lucht rachmais na fiacha s’acu chuig na daoine ba bhoichte i Meiriceá, bhí sé mar a gcéanna sa Bhreatain.

Beo ar an Ghaoith

Ba é rialtas Lucht Oibre Ramsey Macdonald a ghearr an caiteachas poiblí go fíochmhar, a ghearr 10 faoin gcéad ó thuarastail státseirbhíseach agus 10 faoin gcéad ó liúntais dífhostaíochta. Chuir an t-amhránaí radacach Paul Robeson aithne ar mhianadóirí ón Bhreatain Bhig le linn dó a bheith i Showboat i mBaile Thiar Londain i 1934.

Bhí na mianadóirí i ndiaidh siúl ó dheisceart na Breataine Bige go Londain le hagóid a dhéanamh in éadan na gcúinsí ina raibh siad beo. Bhí daoine ag fáil bháis den ocras a dúirt siad leis, sa tír seo a bhí mar eiseamláir den tsaoirse ag Robeson.

Ó thuaidh, deirtear go raibh rialtais Aontachtacha sna 50 bliain ina mhair a réimeas níos faide ar an eite dheas ná Atilla the Hun, agus tá an fhianaise ann. Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.

Baineadh sé le dearcadh creidimh na bProtastúnach nó ná baineadh, ba é an chóir fhioscach riamh an chloch ba mhó ar a bpaidrín (mura miste leat an meafar!). Daoine nach raibh obair acu i mBéal Feirste na 1930í, bhí siad beo bocht. Is ar éigean a choinnigh an t-airgead a fuair siad ón Roinn Leasa Shóisialaigh beo iad. Don chéad uair, tháinig Caitlicigh agus Protastúnaigh - agus an RUC - le chéile i 1932 le hagóid a dhéanamh agus d’éirigh leo ardú liúntais a fháil go dtí gur imir an rialtas an cárta flannbhuí arís i gcleas a chuirfeadh éad ar Muammar Ghaddafi.

Cách ar Aithris an Aon Phoirt Amháin

Ach sin an stair. Cad é an bhaint atá aige leis an lá atá inniu ann? Cuid mhór, i bhfírinne.
Tá géarchéim geilleagair faoi lántseoil faoi láthair arís agus, arís eile, tá an lámh in uachtar ag baincéirí, amhantóirí, na forais airgeadais agus iad ag cur brú ar rialtais an fód a sheasamh amhail is nach bhfuil ann ach bealach amháin chun cinn.Tá comhdhearcadh ann gur gá ciorruithe, ‘buiséad cothromaithe’ agus go gcaithfidh muid a bheith deas le lucht an rachmaisgortóidh siad sinn agus tá an comhdhearcadh sin ag na páirtithe ó thuaidh, agus ag Sinn Féin féin chomh maith le cách.

An mhí seo, roghnófar 108 ball Tionóil agus leanfaidh siad leo ag cur dúnghaoisí nualiobrálacha i bhfeidhm mar a rinne gach rialtas Stormont roimhe seo. Beidh Sinn Féin agus an DUP mar chomhrialtas do-ionsaithe - an mbeidh an SDLP agus an UUP ann ag leibhéal ar bith fiúntach - ach ó tharla an tuaisceart a bheith comhtháthaithe i ngeilleagair nualiobrálach domhanda, is beag a bheas ar a gcumas briseadh as an mhúnla atá cruthaithe go daingean ag an chaipitleachas ó thosaigh sé, má chreideann tú Karl Polanyi, in 1834.

Biseach na síochána mar dhea. Meabhraíonn an toghchán atá ar ghort an bhaile na focail “cathaoireacha deice” agus Titanic dom.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.