Tá sé ceithre bliana déag ó thug Máire Nic Canna aghaidh ar an Ind den chéad uair. Chuaigh sí ar ais cúpla uair ó shin mar go dtaitníonn an tír agus na daoine chomh mór sin léi, mar a mhíníonn sí anseo.
Bhí sé d’ádh orm a bheith ag taisteal san Ind agus ón gcéad chuairt a thug mé uirthi sa bhliain 1987, chuaigh an tír, atá lán de chodarsnachtaí, i bhfeidhm go mór orm. Ní féidir a bheith ar nós cuma liom ina taobh. Deirtear go mbíonn an siúlach scéalach agus déanfaidh mé iarracht anseo blaiseadh beag de shaol na hInde a thabhairt trí mheán mo scéalta féin.
Chaith mé mo chéad oíche ann i mbrú beag in Paher Ganj, seancheantar atá ar imeall Old Delhi. Is áit í ina bhfuil bóithre cúnga a bhíonn dubh le daoine, ainmhithe agus trácht. Gan amhras, ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an gcéad bhricfeasta a d’ith mé ann. Na huibheacha bruite a raibh mé ag súil go mór leo, bhí na blaoscanna bainte díobh agus lorg méar salach fágtha orthu! Bhí an freastalaí chomh cairdiúil, gealgháireach sin nach raibh sé de mhisneach agam gearán a dhéanamh! Creid é nó ná creid, d’éirigh liom iad a ithe agus táim fós beo.
A mhalairt ar fad de shaol a chonaiceamar nuair a chaitheamar trathnóna in óstán galánta i New Delhi, ag ól tae i halla déanta de mharmar bán agus ag éisteacht le ceol ó cheathairéad téadach.
Bíonn saol an duine le feiceáil go hoscailte ar shráideanna na cathrach agus faightear tuiscint ar a shimplí is atá saol na ndaoine bochta ann. Chonaic mé fear, mar shampla, ina shuí ar an gcosán agus scálaí tomhais cliathánach leis. Cad a bhí ar siúl, meas tú? Bhí sé ag obair, é ina shuí ansin an lá ar fad ag tuilleamh a bheatha ar bhealach an-simplí; thug daoine airgead dó agus rinneadar iad féin a thomhas.
Bíonn tiománaithe tacsaí na tíre ag obair mar sclábhaithe do na daoine gur leo na tacsaithe agus bíonn siad nach mór ina gcónaí sna carranna sin. Bhí orainn dul i dtacsaí go han-luath maidin amháin agus nuair a shuíomar isteach i gcúl an chairr bhí an suíochán fós te ó chorp an tománaí, a bhí ina chodladh ann cúpla nóiméad roimhe sin. Níl sé éasca dearmad a dhéanamh ar a léithéid.
Cuairt ar na mórshuímh
Tá sé an-taitneamhach a bheith ag tabhairt cuairte ar na mórshuímh thurasóireachta, leithéidí an Taj Mahal, toisc gurb iad na hIndiaigh féin tromlach na gcuairteoirí. Bíonn siad cairdiúil, fiosrach, bródúil agus bíonn fonn cainte nó cumarsáide orthu, fiú muna bhfuil aon teanga eachtrannach ar eolas acu.
Tá sé suimiúil freisin dul isteach i stáisiún traenach. Caitheann daoine agus ainmhithe a saol ansin agus fiú na taistealaithe Indiacha agus iad ag feitheamh ar thraein, bíonn siad ina suí ar an urlár ag réiteach béilí, ag ithe nó fiú ina gcodladh. Ligtear do na ba naofa dul i ngach aon áit agus ní chuirtear isteach riamh orthu. Bíonn na stáisiúin i gcónaí gnóthach agus sa tranglam caithfidh tú an t-ardán agus an traein cheart a aimsiú. Nuair a thagann tú go dtí an caráiste cuí, bíonn leathanach ó ríomhaire ar an doras le liosta de na paisinéirí. Caithfidh mé a admháil gur baineadh geit asam an chéad uair a chonaic mé m’ainm Gaelach féin i measc na n-ainmneacha Indiacha go léir (agus é litrithe i gceart, ar ndóigh). Is gné spéisiúil den tír é go mbíonn saol na meánaoiseanna agus saol na ríomhaireachta le feiceáil taobh lena chéile mar seo go minic.
I measc na ndaoine a mbuailtear leo ann is iontach an fear é an “dhobi wallah” - fear nite na n-éadaí. Ní dóigh liom go bhfuil meaisín níocháin ar bith le fáil sa tír agus bíonn na fir sin le feiceáil ar bhruach gach abhann ag bualadh na n-éadaí ar na clocha. Ní bhíonn léamh ná scríobh acu agus nuair a thugann tú do chuid éadaí salacha dóibh déanann siad sórt mionscrúdú orthu, agus ort féin freisin, sula gcaitheann siad iad sa charn mór éadaí a bhíonn le ní acu. Ansin, nuair a bhíonn siad nite acu, bíonn siad in ann na héadaí a aithint agus a thabhairt ar ais don duine ceart! Is miorúilt amach is amach do mo leithéidse é an cumas seo - caithfidh mise gach aon rud a scríobh síos.
Gan aon amhras, faightear tuiscint nua ar an saol san Ind agus fágann an tír rian ar éinne a théann ann.
Is as Baile Átha Cliath í Máire Nic Canna. Tá sí díreach tar éis céim a bhaint amach sa Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sí seal ag obair mar státseirbhíseach roimhe sin.