Nóta ón Eagarthóir: Chuir Beo! cosc ar Bhalor triall ar an Irish Fest i Milwaukee i mbliana mar gheall ar na nithe maslacha, suaracha a bhí le rá aige faoi dhuine mór le rá i saol na Gaeilge in eagrán na míosa seo caite. Cuireadh cosc air chomh maith alt a chur ar fáil don iris arís go dtí mbeadh sé sásta leithscéal a ghabháil. Níor tháinig an leithscéal sin go fóill. I ndiaidh d’Fhear na Súile Nimhe roinnt mhaith impí agus caoineacháin a dhéanamh, ámh, thug muid cead dó ráiteas seasca focal a chur ar fáil.
“Mo sheacht mallacht ar Éamonn Ó Doornail, eagarthóir na liarlóige leimhe lofa Beo ar Éigean, nach raibh sásta ligean do Bhalor an Phinn Chruinn triall ar Fhéile Miller Milwaukee i mbliana. Marbhfháisc air féin agus ar an ghlámhánach sin Leamh Ó Cuinneagáin. Beidh mé ar ais! Agus ní ghabhfaidh mé leithscéal go deo le fear na gnúise cruinne biata fiata!”
Nóta eile ón Eagarthóir: Beidh le feiceáil – mar a deir siad ar “Nuacht TG4”.