Cuireann Balor fáilte roimh Phríomhfheidhmeannach nua Fhoraois na Gaeilge.
“Cé hé an Fear Dia Mac an Ali seo?” a d’fhiafraigh mé de Bhalor an Scolardach Scolártha, i ndiaidh dom léamh i bpreasráiteas ó Fhoraois na Gaeilge go raibh an fear sin ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach i gcomharbacht ar an fhíor-Joe MacDonagh. “Cé hé an Fear Dia Mac an Ali áirithe sin?” a d’fhreagair Balor le díchreideamh. “Níl ann ach an t-aon Fhear Dia Mac an Ali. Bhris siad an múnla i ndiaidh a chruthaithe. Oireann an dea-aimsir seo go breá dó nó ní thugtar aird ar bith ar an luisne shíoraí a bhíonn ar a ghnúis chruinn fhiata. Fear aimhleasta ainscianta allta amach is amach atá ann. Nuair a rugadh é thug a mhuintir sracfhéachaint ar an ghnúis scéiniúil sin agus bhaist siad Fear le Dia air. Ach, agus é ag fás aníos, shíl siad go raibh an t-ainm sin rud beag amscaí agus fuighleach, mar a bhí an páiste féin, agus ghiorraigh siad é go Fear Dia. D’fhóir an leasainm go breá dó nó ní raibh gasúr riamh chomh cráifeach nó chomh diaganta leis.”
“Ach cad é faoin shloinne, Mac an Ali, a Bhaloir? Ní sloinne Gaelach é sin,” a dúirt mé leis. “Rugadh é i gContae Thír Eoghain, tá a fhios agat, agus mar is eol duit is de bhunadh na hIaráine muintir an chontae sin. Gobshiites gach aon uile dhuine dá shinsear, bíodh a fhios agat; Gobshiites cruthanta! Ná creid na seanscéalta a chuala tú ar scoil fá dtaobh de mhuintir Uí Néill agus Lámh Dhearg Abú agus Cogadh na Naoi mBliana agus an cac sin ar fad. Níl iontu sin ach finscéalta curtha amach ag na sagairt chun an chuid eile de mhuintir na hÉireann agus na fíor-Ghaeil fhíor-Ghaelacha a shásamh. Muintir na hIaráine a chuir fúthu ar dtús sa cheantar sin. Ali Baba a bhí mar shin-sin-sin-sin-seanathair aige agus ba í Ali McGraw a shin-sin-sin-sin-seanmháthair.
“Agus é ina bhuachaill óg thug sé aghaidh ar Acadamh Naomh Pádraig nó theastaigh óna mhuintir go bhfaigheadh sé scoth na scolaíochta agus cúpla clabhta faoin chluas gach lá chun béasaí a chur air. Ní raibh de cheist ag an Monsignor Denis air ach: ‘An bhfuil tú i do Ghobshiite Caitliceach nó i do Ghobshiite Protastúnach?’ Mhaígh Fear Dia os comhair an tsaoil gur Gobshiite Caitliceach a bhí ann ó bharr a bhlagaide go bun a chrúibe. (Bhí sé maol fiú agus é ina ghasúr scoile, cionn is go mbíodh sé ag tarraingt amach a chuid gruaige le teann bamba, tá a fhios agat.) Ach nuair a d’fhógair Fear Dia é sin bhí leis. Seacht gclabhta gach uair an chloig a fuair sé faoina chluasa, díreach le go dtuigfeadh sé an dóigh cheart le déileáil le daoine, agus d’éirigh go breá leis san Acadamh. Mhúin siad cúpla focal Gaeilge dó, chomh maith leis an Ghréigis agus an Laidin ar mhaithe le tuin na hIaráinise a ruaigeadh óna chuid cainte. Níor éirigh leo go hiomlán sa mhéid sin, nó tá sé fós le sonrú, má éisteann tú go cúramach, agus é ag gabháil don ‘í í í ú ú ú...’ sin a bhíonn aige go rialta. Iarsma de rosc catha é sin a bhíodh ag a mhuintir fadó agus iad in imise chatha leis na Gobshiites Protastúnacha thart orthu.
“Bhí go maith agus ní raibh go holc agus d’éirigh le Fear Dia áit a fháil i gColáiste na Ríona i mBéal Feirste, áit a raibh sé in aon rang le Pasha Paisley agus Tariq Trimble agus Dhakwan Donaldson agus roinnt mhaith eile de na Gobshiites Protastúnacha. Ach níor tháinig sé faoina dtionchar beag ná mór. A mhalairt a tharla. Maíonn siad siúd go mórtasach agus go caithréimeach go dtí an lá atá inniu ann gur ó Fhear Dia Mac an Ali a d’fhoghlaim iad a stalcacht agus a stuacacht agus a stollaireacht.
“Nuair a thosaigh na Trioblóidí dhírigh an chléir ar an dá thaobh aird an phobail ar Fhear Dia Mac an Ali mar eiseamláir dóibh siúd a bhí ag iarraidh an dá thrá a fhreastal. ‘Gobadán foirfe é Fear Dia,’ a mhaígh siad lena muintir. ‘Féachaigí cé chomh furasta agus atá sé in ann an dá thraidisiún, an Gaelachas agus an Gobshiiteis, a shnaidhmeadh le chéile ina phearsantacht agus ina charachtar agus ina mheon. Glacaigí a shampla, a phobail Dé.’ Ach i ndáiríre píre, cé go raibh cuma na fusachta ar a chuid iarrachtaí, ní raibh an méid sin éasca a dhéanamh. Bhí sé doiligh go leor ar Fhear Dia nósanna fíor-Éireannacha a ghlacadh chuige féin, ach chuidigh a cheanndánacht agus a chadrántacht go mór leis. Níorbh fhada go raibh sé ag baint sult as bagún agus piontaí agus rollaí leithris. Níorbh eiseamláir go dtí é.
“Nuair a chuaigh sé isteach i bhForaois na Gaeilge, agus nuair a bhí siad siúd ag lorg duine le tionscadal tras-teorainn a bhunú, cé eile a gheobhaidís ach Fear Dia? Cé eile a mbeadh tuigbheáil chomh leathan sin aige; cé eile a mbeadh taithí chomh mór sin aige ar an dá thaobh de gach rud a fheiceáil?
"Chuir George Bush fios air, ar son NASA, le fáil amach cén dreach a bhí ar an taobh eile de Pluto, ach ní raibh Éamó Ó Caoimhnis sásta scaradh leis, fiú ar an trí chéad milliún a bhí na Poncánaigh ag tairiscint.
"Chuir an Pápa scairt air le fáil amach an raibh bunús ar bith le Cód Da Vinci, nó an mbeadh sé sásta a rá leis cén chuma a bhí ar an phictiúr cháiliúil sin, An Suipéar Deireanach, i Milano, i dtús ama. Ach dhiúltaigh Ó Caoimhnis fiú d’iarratas an Phápa.
"Bhí Kofi Annan ag iarraidh é a chur isteach i mBéarút mar idirghabhálaí idir muintir Iosrael agus muintir an Hezbollah, ach arís eile ní raibh Ó Caoimhnis sásta. ‘Is linne é agus tá sé i gceist againn é a choinneáil,’ a dúirt Aire na Galltachta. ‘Tá sé i bhfad róluachmhar le ligean amach ar cíos. Tá jab i bhfad níos deacra ná ceann ar bith de na tascanna sin le déanamh aige i bhForaois na Gaeilge. Beidh sé doiligh fiú ar Fhear Dia an Dá Thaobh na heití ar fad san áit sin a shocrú agus a shásamh; ach níl fear níos fearr ná é chun iarracht a dhéanamh.’
“Guíonn muintir *Beo Ar Éigean *gach rath ar Fhear Dia Mac an Ali ina phost úr. Cuideoidh sé leis go bhfuil a chuid gruaige tarraingthe amach aige cheana féin. Nó b’fhéidir nach gcuideoidh.”