CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
Fealsúnacht Phoiblí: Essays and reviews, 1959-2002 by Bernard Williams
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Fuair John-Paul Mc Carthy lón machnaimh, agus sásamh dá réir, i leabhar le Bernard Williams a dhíleá ar na mallaibh, leabhar a threabh iomairí na fealsúnachta is an dlí.

Íomhá
Nietzsche, 1882
(le Walter Kaufmann, Vicipéid)
Íomhá
Shirley Williams, iarbhean chéile Bernard
(le Keith Edkins ar Vicipéid)
Íomhá
Essays and reviews, 1959-2002 Bernard Williams
(le Princeton Press)
Íomhá
Ionaid Oideachais & Iarsmalainne an Uileloiscthe i Skokie (le Eddau ar Vicipéid)

D’fhág an fealsamh Briotanach Bernard Williams rian intleachtúil uathúil ar ghnéithe éagsúla den fhealsúnacht acadúil a foilsíodh i mBéarla le linn a shaoil, rian atá fós le brath in argóintí a bhaineann le Plato, Descartes, Kant, agus le fadhbanna na fírinne agus na náire.

D’fhág Williams rian ní ba thábhachtaí fiú ar an gcomhrá poiblí sa Bhreatain freisin. Tar éis d’Ollscoil Princeton an cnuasach cumhachtach seo a chur i dteannta a chéile, is féidir linn léargais mhórálacha agus pholaitiúla Williams a iniúchadh i gceart. Agus réimse intleachtúil Williams á dhíleá - staid an Anglacánachais, reachtaíocht rúnda oifigiúil tar éis chogadh na Falklands, oideachas poiblí, cearta frithghiniúna na mban, srianta dleathacha ar an bpornaghrafaíocht, caint dhoicheallach - b’fhuraist an rud é treithe an bricoleur a chur ina leith. Ach laistiar des na haistí agus den léirmheastóireacht ilghnéitheach seo ó 1956 go dtí 2002, is féidir linn bunáitimh leanúnacha a thabhairt fé ndeara. Áis, acmhainn nó uirlis fheidhmiúil ab ea an fhealsúnacht dar le Williams, a thugann misneach don chine daonna timpeallacht níos fearr a chruthú.

Bhí go Leor ar a hAire Aici

Más ea, caithfimid greim daingean docht a choiméad ar bhunchoinceapanna cosúil le ‘fírinne’ agus ‘daonnacht’. Níor mhaith leis in aon chor argóintí a chomhghleacaí Mheiriceánaigh Richard Rorty a chaith anuas ar thábhacht na heolaíochta mar shampla. Ba ghráin leis argóintí cáiliúla B.F. Skinner sna seachtóidí a rinne ionsaí ar choincheap na saoirse daonnaí. Ina alt ar Beyond Freedom and Dignity san Observer i 1972, mhínigh Williams gurbh é Skinner an t-aigneolaí:
[who] pioneered a particular kind of behaviourist theory based on the idea of selectively reinforcing by reward certain spontaneously produced patterns of behaviour.

Dá mba rud é go raibh an ceart ag Skinner ó thaobh fhoinsí an iompair dhaonna de, ní foláir nó gur madraí Phavlov muid gan aon mothúcháin mhórálacha, gan an daemon inmheánach sin dar bhreac Plato agus an t-anam á mhíniú. “It is rambling, repetitive, optimistic, rather well written, and dauntingly stupid.

(Rinne céad bhean chéile Williams, an t-aire Lucht Oibre Shirley Williams gearán nuair a theip ar an bpósadh go gcuireadh fíochmhaireacht Bernard le linn easaontais as di ar uairibh. Is féidir an fhíochmhaireacht sin a fheiceáil anseo, agus í fite fuaite tríd an leabhar ar fad. Agus an leabhar anróiteach stairiúil, Religion and Public Doctrine de chuid Maurice Cowling á mheas aige, rinne Williams gearán go raibh achoimrí fealsúnachta éagsúla Cowling “about as appealing and lifelike as a police photo-montage of a wanted man.”)

Agus cé go ndearna Williams dianmhacnamh ar an gCéad Leasú de Bhunreacht na Stát Aontaithe le linn dó tuarascáil tábhachtach a scríobh ar chonspóidí na pornaghrafaíochta do Rialtas na Breataine, níor réitigh an traidisiún Meiricéanach ó thaobh cumarsáide poiblí leis ar chor ar bith. Ina aiste bhreá ar fheachtas Catharine Mac Kinnon i gcoinne aon chosaint dhleathach a thabhairt d’fhoilseacháin phornaghrafaíochta, rinne Williams comparáid ghéarchúiseach idir cur chuige Theach na dTeachtaí i Londain agus cur chuige na Cúirte Uachtaraí i Washington DC. Mar fhreagra ar iadsan a deir gur chóir “caint” a chosaint seachas “iompar” - seanchomhairle Michael D. Higgins in Éirinn fiú - scríobh Williams:

the extremely obvious problem is that some speech acts just are intimidating…; or, to put it the other way round, some acts of an intimidating kind take the form of ‘mere’ speech.

Cóimheá: Ceart Dom, Ceart Duit

Ba dheacair an rud é dó an cóimheá ait Meiriceánach a thuiscint agus conspóid Skokie, Illinois á scrúdú. Nuair a bheartaigh Páirti Naitsíoch Mheiriceá mórshiúil a eagrú trín gcomharsanacht sheanda Ghiúdach i 1978, thug an Chúirt Uachtarach cead dóibh.

This line of interpretation seems particularly perverse in light of the fact that in other connections, especially in relation to conditions of employment…legal action can be taken against sexual and racial discrimination, which may include verbal and related kinds of harassment.

Más ea, thug na cúirteanna cosaint do mhaslaithe frith-Ghiúdacha na Naitsithe, ach a mhalairt an scéal ar fad ó thaobh bagairtí gnéasacha san earnáil fostaíochta. Is ceart agus is cóir cuimhneamh ar an ngearán seo ó Williams nuair a dhéantar tagairt d’ardmheas na Meiriceánach ar chearta cainte i ndíospóireacht pholaitiúil. Cé ná ceapfaí é seo ó ghuth muiníneach Williams, bhí grá ina aigne freisin, ach go háirithe dá beau idéal fealsúnach, an Gearmánach grámhar, Friedrich Nietzsche. “It is certain”, dar le Williams tar éis dó an masladh frith-Ghiúdach i gcoinne Nietzsche a bhréagnú, “even if not everyone has yet come to see it, that Nietzsche was the greatest moral philosopher of the last century. This was, above all, because he saw how totally problematical morality, as understood over many centuries, had become…

Ní féidir linn éalú ó smaointí an Ghearmánaigh dar le Williams agus muid ag iomrascáil le healaín, náire, foréigean, macántacht agus leis an morálachas ann féin. Más ea, b’é leabhar Williams a léirigh na fiacha ba shoiléire do Nietzsche an leabhar déanach ba cháiliúla uaidh, sin Shame and Necessity, a rinne cúngacht ár sainmhínithe ar an náire a bhéimniú. Cnuasach “deeply pleasurable and deeply important” an cnuasach seo dar leis an scoláire Shakespeare Stephen Greenblatt, agus b’shin lomchlár na fírinne.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.