TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Feachtas
Seán Ó hAdhmaill Seán Ó hAdhmaill

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlachtinstitiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Seán Ó hAdhmaill, Feachtas, Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge, Baile Átha Cliath.

Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin in Feachtas agus cén fhad atá tú sa phost?

Tá mé ag feidhmiú go lánaimseartha mar dhuine d’Oifigigh Forbartha Feachtas agus tá mé sa phost ó chríochnaigh mé mo chéim le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i samhradh na bliana 2004.


2. Cathain a bunaíodh Feachtas agus cé a bhunaigh é?

Bhunaigh iarbhaill de Chonradh na Gaeilge agus d’Ógras é i 1980, Mícheál Mac Gréil, Seán Ó Fearaíl, Aoife Nic Lughadha agus Pádraigín Nic Gearailt ina measc.

3. Cén fáth ar bunaíodh é?

An phríomhchúis ar bunaíodh é ná mar gheall ar an easpa neamhspleáchais a bhí ag Ógras ó Chonradh na Gaeilge, dar leis na bunaitheoirí.


*4. Cé mhéad duine atá fostaithe ag an eagraíocht anois? *

beirt fhostaithe lánaimseartha ag obair le Feachtas, mé féin agus Peadar Ó Catháin, an Rúnaí Ginearálta. Tá Félim Borland ag obair go lánaimseartha le Feachtas mar chuid dá thaithí oibre ón ollscoil, ach beidh sé ag obair go páirtaimseartha leis an eagras nuair a thosóidh an bhliain nua acadúil.

*5. Cén obair a dhéantar in Feachtas ó lá go lá? *

Athraíonn sé ó lá go lá agus ag brath ar an am den bhliain atá i gceist. Is féidir linn bheith amuigh ag bunú clubanna óige, ag déanamh béaltrialacha le haghaidh na bhfáinní óir agus airgid, ag eagrú imeachtaí ar nós Chath na mBannaí agus deirí seachtaine oiliúna. Tá muid ag iarraidh réimse níos

leithne seirbhísí a chur ar fáil dár mbaill agus do scoileanna, ceardlanna idirlín agus raidió ina measc. Tá ár nOifigeach Forbartha eile, Félim Borland, ag eagrú ceardlainne ar phleanáil teanga, dírithe ar oibrithe na n-óg-eagraíochtaí, i gcomhar leis an Dr. John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoi Chiste Comhthraenála Chomhairle Náisiúnta na nÓg. Tá an bheirt againn ag díriú ar champa samhraidh nua a bhunú i bhFionnghlas, an chéad cheann dá chineál sa cheantar sin.

6. Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?

Faigheann muid ár mbunmhaoiniú ó Rannóg Gnóthaí Ógra na Roinne Oideachais agus Eolaíochta faoin Phlean Forbartha Náisiúnta, 2000 – 2006. Faigheann muid maoiniú d’imeachtaí faoi leith ó Fhoras na Gaeilge, mar shampla ár gcampa samhraidh anuraidh sa Mhuileann gCearr. Chomh maith leis sin, comhlánaítear roinnt dár gcostais trí tháillí na mball. Ní leor é agus an eagraíocht ag iarraidh freastal ar an éileamh le haghaidh ógsheirbhísí Gaeilge atá amuigh ansin. Tá muid i mbun idirbheartaíochta leis an Roinn ina leith seo agus tá plean straitéiseach á fhorbairt againn i láthair na huaire chun fadhb seo an easpa maoinithe a réiteach.

*7. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? *

Ba iad na bunspriocanna ná clubanna óige a bhunú agus imeachtaí a chur ar fáil do dhaoine óga trí Ghaeilge. Ó thaobh clubanna óige de, tá fás tagtha ar líon na gclubanna le roinnt blianta anuas. Tá líon agus caighdeán na n-imeachtaí ag forbairt i rith an ama, agus tá muid ag cur le líon na gcampaí samhraidh atá againn.

caidreamh láidir againn le hÓgras agus leis na hóg-eagraíochtaí eile anois, rud a bhíonn le feiceáil ag Scléip na hÓige le linn Oireachtas na Samhna agus ag na himeachtaí a ritear le maoiniú ón Chiste Comhthraenála. Bhí sé le feiceáil fosta le linn an fheachtais a d’eagraigh Na Gaeil Óga chun tuarthéacs trí Ghaeilge a bhaint amach.

8. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le Feachtas?

An laige is mó a bhaineann le Feachtas ná go bhfuil muid ag brath ar dhea-thoil an Rialtais chun maoiniú ceart a thabhairt dúinn, rud nár tharla go dtí seo. Dá dheasca seo, is deacair freastal i gceart ar óg-chlubanna lasmuigh de Chúige Laighean atá ag iarraidh bheith páirteach san eagraíocht.

9. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Feachtas faoi cheann cúig bliana.

· Oifigigh forbartha lánaimseartha (ceann i mBaile Átha Cliath, ceann sna sé chontae ar an teorainn, ceann lonnaithe i nGaeltacht de chuid an iarthair, Gaillimh is dócha, agus ceann i ndeisceart na tíre) maoinithe ó fhoinsí éagsúla chun freastal ceart a dhéanamh ar chlubanna ar bhonn náisiúnta. D’fhéadfaí ansin réimse leathan imeachtaí (Cath na mBannaí, comórtais spóirt, damhsa hip-hop, etc.) agus oiliúint (ceardlanna raidió, idirlín, cumadh amhrán, caidrimh phoiblí agus bailiúcháin) a chur ar fáil dár mbaill.

· Óg-chomhairle bheith bunaithe a bheadh ag feidhmiú mar scátheagras na n-óg-eagraíochtaí, ag cur le chéile polasaithe, ag cur oiliúint cháilithe ar fáil d’oibrithe na n-óg-eagraíochtaí, ag spreagadh rannpháirtíocht Gaeilgeoirí óga sna hóg-eagraíochtaí Gaeilge.

10. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

Go mbeadh sí mar ghnáth-theanga sa tír, go mbeadh comhlachtaí príobháideacha, státseirbhísigh agus muintir na tíre in ann agus toilteanach úsáid a bhaint as an Ghaeilge atá acu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.