Is seoid é an cnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid Thaidhg Mhic Dhonnagáin, dar le Caoimhe Ní Laighin, a bheadh foirfe mar bhronntanas Nollag.
Ní fhéadfadh duine gan dúil a chur sa chnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, Tadhg Mac Dhonnagáin.Aniar: Voices and Verse from the Edge of the World atá mar theideal ar an saothar seo, agus is cinnte gur éirigh leis an triúr comhoibrithe a bhí bainteach leis atmaisféar ar leith a chruthú ann – tá rian den “Saol Eile” le braith go láidir uaidh. Leabhar dathannach beoga faoi chlúdach crua is ea *Aniar *a bhfuil dánta ó réanna éagsúla le fáil ann. Clúdaítear dánta de chuid fhilí na fichiú haoise mar Joe Steve Ó Neachtain agus Johnny Chóil Mhaidhc, mar aon le dánta traidisiúnta ón ochtú agus naoú haois déag agus ortha na tréimhse réamhChríostaí. Tá nótaí dátheangacha ar chuile phíosa véarsaíochta scríofa ag Mac Dhonnagáin chomh maith, a chuireann eolas suimiúil i dtaobh na ndánta agus na bhfilí os comhair an léitheora.Is é an snáth a cheanglaíonn na dánta ar fad le chéile ná go bhfuil siad ar fad bunaithe ar véarsaíocht dhúchasach Chonamara. Tá dlúthdhiosca ceoil agus aithriseoireachta ar fáil leis an gcnuasach, a ndéanann leathbhádóir rialta Mhic Dhonnagáin, John Ryan, éacht leis ó thaobh na dánta a thabhairt chun beatha don éisteoir. I mo thuairimse, áfach, tá íomhánna taibhsiúla Chiara Conway – ar grianghrafadóir áitiúil na Ceathrún Rua í – ar an ghné is cumhachtaí den saothar seo. Tá focail iomarcach i gcás na ngrianghraf seo. Is gá breathnú orthu lena n-áilleacht a thuiscint.Measaim go bhfuil *Aniar *ar cheann de na saothair is suimiúla atá léite agam le tamall mar gheall ar go n-éiríonn leis rud éigin thar a bheith bunúsach a mhúscailt sa léitheoir. Baineann sé go láidir le dúchas na nÉireannach agus tugann cuid den véarsaíocht – dánta na tréimhse réamhChríostaí ach go háirithe – léargas draíochtach dúinn mar gheall ar ré dhiamhair.Is é an véarsa is fearr liom sa chnuasach ná ortha dar teideal “Ortha na Seirce”:
"Ortha a chuir Muire in im
Ortha seirce agus síorghrá.
Nár stada do cholainn
Ach d’aire a bheith orm,
Go leana go ghrá mo ghnaoi,
Mar a leanas an bhó an lao,
Ón lá seo go huair mo bháis."
Seanainm ar an ngrá atá i gceist leis an bhfocal “searc” (nó “seirce” sa tuiseal ginideach), ar focal nach gcloistear sa ghnáthchaint rómhinic é.Is é an fáth a ndeachaigh an ortha seo i bhfeidhm orm ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile. Ta siombail na Críostaíochta inti (Muire) ach de bhrí gur ortha í, baineann sí leis an tréimhse réamhChríostaí fosta. Mar a deir an nóta a scríobh Mac Dhonnagáin sa leabhar ina taobh: “Chuireadh fear í ar chailín óg a raibh súil aige uirthi, i ngan fhios di, féachaint len í a mhealladh....[ach] bhí feidhm phoiblí aici chomh maith – dhéantaí í a aithris le linn bainise agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige.”Proiséas Cruthaitheach
Labhair mé le Mac Dhonnagáin le gairid faoin bpróiseas cruthaitheach ar thug sé féin agus a leathbhádóirí Ryan agus Conway faoi leis an cnuasach seo a chur ar fáil.
“Dhá bhliain ó shin agus mé féin agus John Ryan ag obair ar chnuasach véarsaíochta ó bhéaloideas Chonamara – an leabhar agus dlúthdhiosca do ghasúir ar bhaist muid Gugalaí Gug! air – chinn muid ar Aniar, atá dírithe ar dhaoine fásta, a chruthú.”Is as Contae Mhaigh Eo ó dhúchas é Mac Dhonnagáin, ach tá cónaí air i gConamara le blianta fada anois. “Ó chuir mé spéis sa Ghaeilge, is é an rud is mó a bhfuil dúil agam ann ná fuaimeanna, nó ‘aeistéitic’, na teanga. Is iad na fuaimeanna áille a dhéanann cainteoirí dúchais Chonamara a mheall mé chuig an teanga.”Ní haon iontas é go bhfuil spéis aige i bhfuaimeanna teanga mar is gabha focal é Mac Dhonnagáin é féin. Léiriú ar chumas Mhic Dhonnagáin agus é i mbun pinn ná na haistriúcháin Bhéarla atá déanta aige ar an véarsaíocht Ghaeilge in Aniar.
“Theastaigh uaim a bheith chomh dílis agus ab fhéidir do bhrí na véarsaí agus iad á n-aistriú agam. Ach, dár ndóigh, ní féidir véarsaíocht a aistriú go díreach. B’éigean dom mo rian féin a fhágáil orthu, go pointe, agus meadaracht a bhaint amach sa Bhéarla a bheadh taitneamh don léitheoir. Theastaigh uaim go seasfadh na haistriúcháin Bhéarla ina n-aonar mar dhánta. Mar sin cumadóireacht go pointe áirithe, seachas aistriúchán, a bhí i gceist.”DlúthdhioscaAr an dlúthdhiosca, tá triúr aisteoirí aitheanta ó Chonamara – Peadar Ó Treasaigh, Áine Ní Dhroighneáin agus Darach Ó Tuairisg – le cloisteáil agus iad ag déanamh aithrise ar an bhfilíocht. Rian amháin atá suntasach ná an coiriú atá déanta ar dhán dar teideal “Faoiseamh a Gheobhadsa” de chuid Mháirtín Uí Dhireáin, file arbh as Oileáin Árainn ó dhúchas dó. Sa dán seo, tá Ó Direáin ag lorg faoisimh – tá sé ag iarraidh a bheith ar ais ar an oileán as ar tháinig sé.Úsáideann Ryan agus Mac Dhonnagáin seift éifeachtach chun brí chomhaimseartha a chruthú don dán seo ar an dlúthdhiosca – tá fuaimeanna tráchta le cloisteáil sa chúlra agus aithris á déanamh air. Mar a deir Mac Dhonnagáin, “theastaigh uaim na dánta a lonnú in Éirinn an lae inniu.”
Caithfidh mé a admháil nach raibh sé i gceist agam ar dtús léirmheas a scríobh ar an saothar seo – níor shíl mé go mbeinn cáilithe lena haghaidh mar gheall ar nach bhfuil an oiread sin cur amach agam ar chúrsaí filíochta. Bhí sé ar intinn agam i dtosach agallamh a chur ar Mhac Dhonnagáin i dtaobh an phróisis chruthaithigh amháin. Ach i ndiaidh dom an saothar a léamh, theastaigh uaim a chur in iúl do léitheoirí Beo! chomh speisialta is atá sé. Ní duine mór filíochta mise, ach bhain mé an oiread sin taitnimh as an gcnuasach seo. Ach b’fhéidir gurb é sin an moladh is airde a d’fhéadfaí a thabhairt ar véarsaíocht – go bhfuil sé thar a bheith cumhachtach don ghnáthdhuine mar aon le hí a bheith cumhachtach don té atá oilte uirthi.Beidh mé ag ceannach roinnt cóipeanna mar bhronntanais Nollag. Fiú más tútaigh amach is amach iad na faighteoirí, beidh siad buíoch díom mar táim cinnte go mbreathnóidh Aniar *go hiontach ar a mbord íseal!Tá tuilleadh eolais i dtaobh *Aniar ar fáil ag http://www.futafata.com/Tá fáil ar na rianta ón dlúthdhiosca ar www.itunes.comIs í Caoimhe Ní Laighin eagarthóir na hirise seo