Lig Liz Curtis a scíth le gairid i bhfolcadáin fheamainne i gContae Shligigh.
Tagann an fharraige isteach is téann sí amach, isteach is amach, agus í mealltach marfach, flaithiúil fealltach. Is foinse bia dúinn í, chomh maith le bealach taistil agus áis siamsaíochta. Cothaíonn sí na néalta a uiscíonn na plandaí a choinníonn beo muid, ach bíonn sí mar uaigh dhomhain chorrach ag cuid againne fosta.
Chuaigh mé go dtí áit bheag dheas ar na mallaibh inar féidir an-taitneamh a bhaint as an fharraige agus a torthaí, is é sin An Leathros, nó Strandhill, cúig mhíle siar ó Shligeach. Seans go raibh tú ann tú féin.
Is ionad beag saoire cois farraige é An Leathros, ag bun Chnoc na Riabh, cnoc mór daingean dronuilleogach a bhfuil carn ollmhór ar a bharr. Deirtear gur uaigh Mhéabha an carn sin, cé gur tógadh thart fá 3,000 RC í - sin i bhfad sular tháinig na Ceiltigh go hÉirinn agus sular chum siad scéal Bhanríon Chonnacht.
Is féidir siúl suas go dtí Carn Mhéabha - ní ghlacann sé ach leathuair. Tá an carn féin iomlán agus maorga, agus tá radharc an-álainn le feiceáil uaidh. Tá sléibhte le feiceáil ag cuilitheáil ag bun na spéire, agus an fharraige ag lonrú amach ón chósta.
Ar an mhagh taobh thiar de Chnoc na Riabh, tá grúpa mór tuamaí meigiliteacha atá níos sine fós ná an carn féin. Reilig Mheigiliteach na Ceathrún Móire a thugtar ar an áit, agus is féidir dul thart ar thuras le treoraí. Síltear gur tógadh an chuid is mó de na tuamaí thart fá 4000 BC agus b’fhiagaithe-cnuasaitheoirí iad lucht a dtógtha, nach raibh talmhaíocht acu go fóill.
Ach bhí an méid sin bia mara ann - oisrí agus diúlicíní, cuir i gcás - agus an méid sin géim sna foraoisí, nach raibh orthu bogadh. Is cosúil go raibh saol an mhadaidh bháin acu, agus neart ama leis na tuamaí móra a thógáil.
Tá An Leathros féin suite i measc dumhcha. Tá trá ollmhór ann agus carrchlós in aice leis. Bíonn scata maith daoine i mbun marcaíochta toinne ansin, cé go bhfuil fógra ann a chuireann cosc ar shnámh. Is féidir siúlóid bhreá a dhéanamh ar an trá thart ar cheanntíre go Trá Choillín na mBodhar, áit a bhfuil sé sábháilte dul ag snámh.
Áis iontach atá ag An Leathros ná na folcadáin fheamainne. Cé go mbíodh roinnt mhaith acu scaipthe ar chósta na hÉireann blianta ó shin, níl ach thart fá thrí cinn fágtha. Tá áis eile mar seo i gContae Shligigh, ag Inis Crabhann; bunaíodh na folcadáin seo i 1912 agus tá siad galánta, seanaimseartha. Agus tá ceann thíos i mBaile an Bhuinneánaigh, Contae Chiarraí.
Is iomaí úsáid thairbheach is féidir a bhaint as an fheamainn, ar ndóigh. Cuirtear ar an talamh mar leasachán í, itear í, agus baintear úsáid go forleathan aisti mar fhoinse ailgionáití. Is cineál de ghlóthach iad na hailgionáití a úsáidtear le roinnt mhaith gnáthrudaí a dhéanamh tiubh nó a chobhsú - uachtar reoite, mar shampla, agus beoir.
Teiripe mhaith
Tháinig an-tóir ar shnámh san fharraige sa 19ú aois, agus síleadh gur teiripe mhaith a bhí ann. Ag deireadh na haoise sin, d’oscail an Dr. Louis Bagot institiúid i Roscoff sa Bhriotáin a bhain úsáid as uisce te mara agus feamainn le feabhas a chur ar dhaoine a raibh dathacha orthu nó ar tharla timpiste dóibh.
Tugtar *thalassotherapy *ar an leigheas sin, agus tháinig rath air sna seascaidí nuair a chuaigh an curadh-rothaí Louison Bobet go dtí an t-ionad ag Roscoff i ndiaidh dó timpiste tráchta tromchúiseach a bheith aige. Tháinig biseach dochreidte air, ansin chuidigh sé le hionaid nua a chur chun cinn.
Anois tá caoga ionad *thalassotherapy *ar chóstaí na Fraince, agus iad ag gealladh gur féidir leo chóir a bheith achan easláinte faoin spéir a leigheas. Tá folcadáin fheamainne na hÉireann níos cúthalaí, agus tá mé ag déanamh go bhfuil siad i bhfad níos saoire fosta!
Tá cuma bhreá gheal ar na “Celtic Seaweed Baths” san Leathros.. Tá caife beag in aice leis an bhealach isteach, agus siopa fosta a dhíolann táirgí feamainne, mar fholtfholcadh agus glóthach ceatha. Is féidir folcadh feamainne a fháil ar €16, ansin suathaireacht a fháil ina dhiaidh sin chomh maith. Is gá iad a chur in áirithe roimh ré - tá sonraí le fáil ar www.celticseaweedbaths.com.
Bhunaigh fear óg áitiúil, Neil Walton, na folcadáin seo i 1999. Curadh-lúthchleasaí atá ann a chaith tamall san Astráil. Chuala sé faoi bhuanna na bhfolcadán feamainne maidir le dochair spóirt a leigheas.
Feamainn den sórt fucus serratus atá i gceist. Mhínigh Neil an scéal domh: “Piocann muid í ar an chósta idir Béal Trá agus Iascaigh. Gearrann muid trí cheathrú bealaigh síos í, sa dóigh is go mbeidh sí ábalta fás arís taobh istigh de sé mhí. Ansin tugann muid chuig na folcadáin í. Níonn muid í agus galann muid í ag 120 céim. Scaoileann sé sin glóthach ailgineach, iaidín agus mianraí.”
Ar fheabhas
Bhuel, cad é mar a bhí an folcadh feamainne? Shíl mé go raibh sé ar fheabhas, cé gur beag fonn a bhí orm roimh ré ceann a bheith agam.
Tá neamhréiteach idir an dá choincheap, feamainn agus folcadh, dar liom. Nuair a théim isteach san fharraige, déanaim mo dhícheall an fheamainn a sheachaint. Soit! Bíonn cuma ghlaech uirthi, agus ní bheadh a fhios agat cad é an saghas mionchréatúir a bheadh i bhfolach inti.
Ag An Leathros, téann tú isteach i seomra folctha, agus é maisithe go maith. Tá cubhachail ceatha ann atá ina sheomra gaile fosta. Galaíonn tú ar feadh cúig bhomaite, ansin téann tú isteach san fholcadán.
Agus cad é bhí ann? Bhí sé lán feamainne, í ar snámh in uisce te mara. Soit! Níor mhaith liom mo chos a chur isteach. Ach rinne, ansin mo chorp iomlán, ansin mo cheann fosta.
Bhí mé sna flaithis! Tagann ola mhín amach as an fheamainn, agus cludaíonn sí do chorp.. Cinnte, mothaíonn sé aisteach a bheith i measc an fhásra dhorcha sin. Ach luíonn tú siar agus éistíonn tú le fuaim na farraige agus í ag teacht isteach agus ag dul amach (dlúthdhiosca dar teideal “Bruth an Aigeáin” atá ann i ndáiríre, ach is cuma.)
I ndiaidh leathuaire, tháinig mé amach. Chuir mé an fheamainn i mbuicéad, de réir treoracha ar fhógra, a dúirt go dtabharfaí an fheamainn go feirm orgánach agus go n-úsáidfí mar leasachán í.
Mhothaigh mo chraiceann an-bhog, agus i ndiaidh tamaillín tháinig an-fhuinneamh chugam. Bhí mé réidh le siúl suas ar Chnoc na Riabh go Carn Mhéabha.
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.