AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Faisnéis faoin Iaráic lochtach, easnamhach
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Cáineadh seirbhísí faisnéise na hAstráile i dtuarascáil a foilsíodh le gairid ach measann Dáithí Ó Colchúin gur beag dochar a dhéanfaidh sé seo don rialtas sa chéad toghchán eile.

Íomhá
Príomhaire na hAstráile, John Howard: níl aon aiféala air féin ná ar a rialtas

Foilsíodh tuarascáil ag deireadh na míosa seo caite faoin bhfaisnéis a bhí ag rialtas na hAstráile agus a bhí mar bhunús aige a bheith páirteach san ionradh ar an Iaráic. Sa tuarascáil, dúirt an t-iarthaidhleoir agus iarspiaire Philip Flood go raibh an fhaisnéis “gan téagar, débhríoch agus easnamhach”.

Cháin sé na seirbhísí faisnéise ar a lán bealaí, cé gur éirigh leis corrfhocal molta a rá freisin - go raibh ag éirí go maith leo “i gcoitinne”. Níor mhínigh sé cén chaoi ar réitigh an moladh leis an gcáineadh a bhí le fáil go fairsing sa tuarascáil.

An mhí seo caitetuarascálacha mar é sna Stáit Aontaithe agus sa mBreatain agus ba é an scéal céanna go bunúsach a bhí iontu sin. Bhí an fhaisnéis lochtach. Ach ar ndóigh ní míbhuntáiste ar bith a bhí ansin mar réitigh sé le dearcadh polaitiúil an rialtais sna trí thír. Bhain sé sin go háithrid leis an eolas a cuireadh ar fáil faoi na “hairm ollscriosta” a dúradh a bhí ag an Iaráic agus a bhí ag bagairt an domhain. Níor fritheadh na hairm sin fós, má tá siad ann.

Is léir gur bréaga a bhí i gcuid mhaith de na cúiseanna a tugadh. Ach tá seanchleachtadh ag rialtas na hAstráile ar an mbréag a úsáid nuair a fheileann sé dhó. In 2001, roimh an toghchán náisiúnta is deireanaí, dúirt an rialtas, le cuidiú an chabhlaigh, go raibh daoine a bhí ag lorg dídine ar bhád ar chósta thiar na hAstráile ag caitheamh a gcuid páistí i bhfarraige. Bréag a bhí ansin freisin ach mheas an rialtas go gcuideodh sé leo sa toghchán agus, faoin am a thaispeánfaí gur bréag a bhí ann, go mbeadh an toghchán thart. Agus bhí an ceart acu sa méid sin.

Ceann de na rudaí ba shuimiúla ná nach raibh sa dá phríomhthuarascáil a cuireadh ar fáil don rialtas roimh an ionradh ach chúig leathanach go leith ar fad. Dúirt iarspiaire amháin go raibh míniú an-simplí air sin - go raibh fhios acu roimh ré cén polasaí a bhí ag an rialtas agus nach raibh aon mhaith a bheith ag cur ina choinne. Rud eile a tharraing aird ná nach raibh aon teanga “eachtrannach” ach ag 4% de na spiairí i gceann de na rannóga faisnéise. Is léir go bhfuil cuid mhaith den dearcadh céanna ag fórsaí míleata na Stát Aontaithe. I measc 67 oifigeach caidrimh phoiblí a bhí ag obair acu san Iaráic cúpla mí ó shin, ní raibh ach triúr a raibh Araibis acu.

In ainneoin cé chomh lochtach is a bhí an fhaisnéis roimh an ionradh, dúirt an rialtas go ndéanfaidís an cleas céanna arís agus nach raibh aiféala ar bith orthu. Ní raibh siad sásta freagracht ar bith a ghlacadh as chomh lochtach agus chomh claonta is a bhí an t-eolas a tugadh dóibh nó faoin gcaoi ar bhain siad úsáid as.

Rinne an freasúra tréanionsaí ar an rialtas de bharr na tuarascála seo - dúirt siad gur thaispeáin sé go raibh bunús bréagach leis an ionradh. Ach an ndéanfaidh an tuarascáil aon dochar don rialtas sa toghchán a bheas ann go gairid? Ní cosúil go ndéanfaidh. Tá an pobal chomh cleachtach sin ar an mbréag anois nach dtugann siad mórán airde uirthi.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.