TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
EUROPUS Teoranta
Áine Ní Chonghaile Áine Ní Chonghaile

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Áine Ní Chonghaile, EUROPUS Teoranta, An Cheathrú Rua, Conamara.

Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin in EUROPUS?

Is mise stiúrthóir an chomhlachta.

  1. Cathain a bunaíodh an comhlacht agus cé a bhunaigh é?

Bhunaigh mé féin é i 1996.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Chreid mé gur theastaigh comhlacht comhairleoireachta teanga agus aistriúcháin le freastal a dhéanamh ar an nGaeilge agus bhí mé ag iarraidh freisin dul i mbun gnó dom féin.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe in EUROPUS?

Naonúr faoi láthair.

  1. Cén obair a dhéantar sa chomhlacht ó lá go lá?

Déanaimid aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla agus soláthraímid sainseirbhís in aistriúchán an dlí sa dá theanga sin. Cuirimid seirbhís aistriúcháin ar fáil ar an bhfón freisin.

Cuireann EUROPUS seirbhís fotheidealaithe ar fáil do TG4 agus do RTÉ. Tá an córas fotheidealaithe is fearr ar domhan á úsáid againn sa chomhlacht.

Cuireann EUROPUS seirbhís chomhairleoireachta teanga ar fáil freisin do gach gné de riachtanais na Gaeilge agus an Bhéarla.

  1. Céard iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?

Tagann ár n-ioncam ó dhíol ár gcuid seirbhísí. Fuaireamar na gnáthdheontais ó Údarás na Gaeltachta nuair a thosaíomar.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

seasamh bainte amach ag an gcomhlacht ó thaobh a chuid oibre agus na seirbhíse a chuirimid ar fáil. Táimid ag iarraidh tógáil air sin.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gcomhlacht?

ganntan mór ann ó thaobh seiceálaí mhaith litrithe agus gramadaí mar atá ar fáil i mBéarla.

Tá deacracht ann daoine oilte a fháil agus tógann sé tamall fada oiliúint a chur ar dhaoine.

Deacracht eile ná nach leagann comhlachtaí stáit dóthain ama síos le haghaidh an achair a thógann sé aistriúchán a chur ar fáil.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag EUROPUS faoi cheann cúig bliana.

Foireann oilte a bheith againn. Cáil mhaith a bheith orainn ó thaobh caighdeáin agus seachadta seirbhíse ar bhonn náisiúnta. EUROPUS a bheith ina chomhlacht maith le hoibriú ann ó thaobh sásaimh oibre, pá, dul chun cinn agus coinníollacha oibre de gach sórt.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

Í a bheith chomh fairsing agus chomh folláin agus nach mbeidh aon chall níos mó a bheith á slánú - gur gnáthchuid den saol ag gach leibhéal a bheidh inti.

Is féidir níos mó eolais a fháil faoi EUROPUS ag http://indigo.ie/~europus/europus1.htm

Ríomhphost: europus@indigo.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.