AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Erectus na Gaeilge
Balor Balor Balor

Casadh go leor daoine spéisiúla ar Bhalor ag príomhfhéile na Gaeilge le gairid.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Arnie: ag cuartú mná le crúbáil

Chaith Balor deireadh na míosa seo a chuaigh thart thíos i dTrá Lí ag Oireachtas na Gaeilge: “An tErectus”, mar a thugtar go geanúil ar fhéile mhór seo mhuintir na Gaeltachta agus mhuintir na Gaeilge. Fuair Balor a chéad bhlas ar fhéile na bliana seo agus é ar a bhealach isteach go hÓstan an Brandon. Casadh dó cara leis ag teitheadh amach an doras ar cosa in airde. “Cad é mar atá cúrsaí istigh?” a d’fhiafraigh Balor den teifeach. “Tá an tErectus ina cock-up!” a d’fhreagair mo dhuine thar a ghualainn agus é ag rith leis, mar a bheadh an ghaoth Mhárta, i dtreo Stáisiún na dTraenach.

Ní mar sin go díreach a chuirfeadh Balor féin síos ar imeachtaí dheireadh seachtaine mór Gaeilge na Samhna, nó tógadh go múinte é, ach ní bheadh ach péas cleite sa difear idir sin agus an fhírinne. Tá athruithe móra san Erectus i mbliana. Bhí ráfla ag dul thart tamall ó shin nach mbeadh Erectus ar bith ann: gur scoireadh an Coiste agus gur cuireadh an t-iarAire Rialtais Micheál Mac an Adhmaid isteach ina n-áit; gur dhíol Mac an Adhmaid an rud ar fad le hord rialta ar €100 agus go raibh sé sásta gur margadh maith a fuair sé. Ní raibh ann ach ráfla, ach ...

Is é an chéad difríocht shuntasach a thug Laoch na Litríochta fá deara nuair a shiúil sé isteach sa Brandon an easpa gleo. Ní raibh ann ach a trí a chlog ar maidin ach fós bhí rudaí iontach ciúin - go maith faoi bhun a naoi ar an Scála Richter. Isteach leis sa bheár, agus iontas na n-iontas, ní raibh ach thart ar ocht míle go leith duine ann! Bhí spás trí troithe cearnach den urlár nach raibh duine ar bith ina sheasamh nó ina luí air! Níos amhrasaí fós, chonaic sé dhá thábla nach raibh leathamadáin inteacht in airde orthu, ag pocléimnigh thart ar nós tarbh ar dáir.

Ar a laghad bhí na “usual suspects” ar fad i láthair. Nuair a tháinig Balor ‘fhad leo bhí Seathrún Donaldson ón UUP agus Máirtín Chóil Nana Pháidín ón RCUP (Ráth Cairn Unionist Party) ag windeáil a chéile agus iad ar véarsa trí chéad tríocha is a naoi de “Óró ‘Mhíle Grá”. Bhí an Ginearál John de Chastitybelt ó Cheanada ag díchoimisiniú cúig bhairille Guinness a bhí curtha i dtaisce, ar eagla na hEaglaise, ag Gearóid “Glór na nGael” Ó Mórdha. Bhí Gobharnóir úr Cholifórnia, Arnie Swartze Knickers, ag dul thart ag cuartú mná le crúbáil, ach b’éigean dó éirí as de cheal spáis.

I gcoirnéal eile bhí rudaí i bhfad níos ciúine. Bhí baicle bheag ceithre chéad cloigeann bailithe thart ar an Urramach Willie McCrae, a bhí ag ceol go binn, gan a bhosca ceoil, leagan sean-nóis de “O Salutaris Hostia” i Laidin bhlasta. “Omnes Testes Est!” a dúirt Balor leis féin agus ar aghaidh leis go dtí an chéad choirnéal beag ciúin eile. Nead suaimhnis a bhí sa choirnéal seo: coirnéal na scéalaíochta. Bhí Liam Lawless Lawlor ("Trí-el” mar a thugann a chuid cairde air, an bheirt acu atá fágtha) leath bealaigh fríd scéal fada fiontach Fiannaíochta. Gach aon uair ar chríochnaigh sé ceann de heachtraí móra gaiscíochta bhain sé Bíobla amach as a phóca agus mhionnaigh sé go díochra nach raibh ann ach an fhírinne ghlan.

Ar a bhealach chuig an chéad choirnéal eile chuaigh Balor thar Mhicheál Mór Ó Grúdlainne, iar-shaoiste Fhoraois na Gaeilge, agus corn mór airgid ina láimh aige. Bhí an Ghrúdlann ag maíomh gur bronnadh an chéad duais sa damhsa ar an sean-nós air, agus nach raibh sé ach ag siúl suas fríd an scaifte go dtí an beár ag an am. Díreach in aice leis, agus ag ól as an chorn, bhí an t-asal beag dubh dreancaideach a tháinig sa dara háit. Agus in aice leis siúd bhí Leamh Ó Cuinneagáin fós ag fanacht, go foighdeach agus go gortach, lena dhinnéar.

Bhí caviar *ar an bhiachlár ag Dinnéar Mór an *Erectus i mbliana, ar mhaithe linne a bhfuil taithí againn ar a leithéid. Nuair a tháinig an freastalaí ‘fhad le Leamh chuir sí ceist air an raibh sé ag iarraidh roinnt caviar. “Cad é sin?” a d’fhiafraigh Leamh go grod. “Uibheacha éisc,” a mhínigh an freastalaí go fadaraíonach. “Beidh péire acu sin agam,” a dúirt Ó Cuinneagáin, “bruite go maith.” Is doiligh an mhóin a bhaint as fear an phortaigh, mar a deir an seanfhocal Béarla. Nó, mar a deirtí i bpluais Bhalor fadó: Cuir cac isteach agus gheobhaidh tú cac amach.

Sa choirnéal deireanach bhí fógra mór “Fáilte Abhaile” crochta ar an bhalla. Míníodh do Bhalor go raibh an coirnéal seo curtha ar leataobh go speisialta dóibh siúd nár ghnách leo teacht ag an Erectus *go rialta ach a raibh a spiorad mar chuid den fhéile. Bhí Éamonn an Chnoic ann agus Mo Ghile Mear. Bhí Fear a’ Bhàta ag damhsa cor beirte le Neansaí ‘Mhíle Grá. Bhí Cúnla ‘Chroí ag dul thart ag insint do dhaoine go raibh tochas ina bhonnachaí. D’iarr sé Úna Bhán an tochas a scríobadh agus b’éigean don tSeanbhean Bhocht a ladar a chur isteach sa scéal le beatha Chúnla a shábháil. Bhí Buachaill an Chúil Dualaigh ag crúsáil leis agus é ag caochadh a shúile le Jimmy Mo Mhíle Stór. Bhí an Ciarraíoch Mallaithe ag siúl thart agus an Poc ar Buile ar téad aige. Bhí cluiche “daichead a cúig” ar siúl idir Róisín Dubh, Cáit Ní Dhuibhir agus an Cailín Gaelach; An Droimeann Donn Dílis agus an Goirtín Eornan a bhí mar dhuais ag an bhuaiteoir, agus thiocfadh leis an bheirt eile bheith ag Casadh an tSúgáin. Bhí Seán Ó Duibhir an Ghleanna ag Seoladh na nGamhna suas síos fríd an seomra agus bhí boladh an chaca ag cur isteach go mór ar an Spailpín Fánach. Bhí na Connerys díreach tagtha abhaile ós na New South Wales agus iad ar mire. “Tá muid ag cuartú an húirín sin Coimín mallaithe,” a mhínigh siad do thuairisceoir *Beo Ar Éigean, “Agus nuair a thiocfaidh muid air beidh sé ag ceol go cuachach go deireadh a ré.” Ba leor an smaoineamh sin lenár laoch a chur ar ais chuig an bheár go pras fá choinne cúig nó sé phionta gasta.

Is fíor don té a dúirt: “Tá an tErectus ina cock-up!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.