TEANGA AGUS CULTÚR
Eoin Mac Thiarnáin: laoch de chuid na nGael Meiriceánach
Eoghan Ó Néill Eoghan Ó Néill

D’oibrigh Eoin Mac Thiarnáin go crua ar son na Gaeilge agus chultúr na hÉireann le linn a shaoil agus anois tá airgead a bhronn sé ina thiomna chun dul go mór chun sochair don oideachas trí Ghaeilge sna Sé Chontae. Tuairisc ó Eoghan Ó Néill.

Íomhá

“Bhí croí Eoin Mhic Thiarnáin istigh sa Ghaeilge ar feadh a shaoil.

An comhrá deiridh a bhí agam leis labhair muid i nGaeilge agus labhair muid faoi chás na teanga. Dar leis go raibh an Ghaeilge lárnach do leas na tíre, do thodhchaí na hÉireann. Bhí imní air faoin bhrú a bhí ar an teanga ó dheas ach ba mhór an tógáil croí dó an borradh a bhí faoi chúrsaí ó thuaidh.”

Léargas beag ó Niall O’Dowd, foilsitheoir an Irish Voice, ar Eoin Mac Tiarnáin, duine de na Gaeil Mheiriceánacha is tábhachtaí agus is aitheanta le céad bliain anuas.

Mí Iúil seo caite cailleadh Eoin in aois 89 bliain ach má tá sé imithe ó chlár an domhain seo tá a lámh fhial thacúil fós gníomhach, go háirithe sa tuaisceart.

Nó tháinig sé chun solais ar na mallaibh gur fhág Eoin $40,000 le huacht ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta, an eagraíocht ó thuaidh atá freagrach as maoiniú na nGaelscoileanna. Íocshláinte faoi leith an scéal seo ón Oileán Úr dar le Pilib Ó Rúnaí, ceannasaí ar an Iontaobhas.

“Táimid ag streachailt chun freastal ar an éileamh atá ar an Ghaelscolaíocht anseo,” a deir sé. “Tá easpa airgid ann go háirithe cionn is nach bhfuil aon chinnteacht go mbeidh maoiniú ag teacht ón stát fad is atá an Tionól ar ceal. Mar sin, is tábhachtaí ná riamh síntiús mar seo ó Eoin Mac Thiarnáin, fear an-chumasach, an-phraiticiúil a thuig tábhacht an Ghaeloideachais do thodhchaí na tíre. Déanfaidh seo difear buan do scoileanna agus do pháistí agus cuirfidh sé leis an bhorradh atá faoin Ghaelscolaíocht sa taobh seo tíre.”

Ar an 16 Márta in Óstán an Hilton i mBéal Feirste, ag oíche bhliantúil na

nGaelscoileanna ó thuaidh, fógrófar sonraí an chiste a bhunófar le hairgead Eoin Mhic Thiarnáin. Déanfaidh an ciste nua comóradh ar bhean chéile Eoin, Jeanette O’Callaghan-Mc Kiernan, díograiseoir teanga eile. Tá an tIontaobhas ag iarraidh deontóirí eile a aimsiú chun a chinntiú go dtig leo borradh a choinneáil faoin Ghaelscolaíocht ó thuaidh, fiú in éagmais tacaíocht cheart ón stát.

De réir figiúirí atá díreach foilsithe, tá 3,731 páiste ag fáil scolaíocht trí mheán na Gaeilge sna Sé Chontae agus tá 354 múinteoir agus cúntóir fostaithe ann. Aon mhúinteoir amháin a bhí ann i 1971 agus seachtar páistí. Tá an líon seo ag fás i gcónaí, in ainneoin na n-ainneoin. Naíscoileanna nua ar an Bhaile Manach, ar an Iúr, i Machaire Fíolta agus i nDoire - sin cuid de na tionscadail a thiocfaidh chun blátha i bhfómhar na bliana seo - mar aon le bunscoil nua ar an Ómaigh agus b’fhéidir scoil eile i nDún Geanainn.

Paisean

I Manhattan a rugadh Eoin Mac Thiarnáin i 1915. Éireannach ab ea a mhatháir agus ba Ghael Meiriceánach a athair. Chaith sé cuid dá óige in Éirinn agus, le linn dó bheith ansin, músclaíodh a phaisean don Ghaeilge. Sna 1960í thóg sé post mar cheannasaí ar Roinn an Bhéarla in Ollscoil Naomh Tomás, St Pauls, Minnesota. I 1962, bhunaigh sé an Irish American Cultural Institute, eagras atá ag dul go tréan go fóill. Sna daichead bliain ina dhiaidh sin scríobh Eoin agus chuir sé i láthair 16 scannán agus 53 clár faisnéise ar litríocht, bhéaloideas, theanga agus chultúr na hÉireann do chraoltóirí seirbhísí poiblí.

Lena chois sin, bhronn sé na céadta míle dollar chun scéimeanna a mhaoiniú a thug deis do Ghaeil Mheiriceánacha óga seal a chaitheamh in Éirinn. Agus thug sé na céadta ealaíontóir, ceoltóir agus aisteoir de chuid na hÉireann go Meiriceá.

Ba é thar éinne a bhain áit faoi leith amach don Léann Éireannach in ollscoileanna Mheiriceá, a bhí doicheallach go maith roimhe tráth. I rith an ama scríobh sé, d’fhoilsigh sé leabhair agus irisí, agus thacaigh sé go fonnmhar leis an iliomad tionscadal Gaelach agus Éireannach.

“An lá a fuair na Gaeil isteach sa Teach Bán den chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig i 1992,” arsa Niall O’Dowd, “ba iad Eoin Mac Thiarnáin agus an dlíodóir Paul O’Dwyer an chéad bheirt istigh. Beirt fhathach gan amhras.”

Ach ba é ab iontaí faoi Eoin gur éirigh leis an oiread sin tionchair a imirt in Éirinn agus i Meiriceá agus é lonnaithe ní i Washington ná i Nua-Eabhrac ach amuigh i Minnesota.

Crothnófar é.

Is iriseoir leis an nuachtán Lá é Eoghan Ó Néill. Tá cónaí air i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.