Tugadh an cuntas seo thíos nuair a seoladh leabhar, móide dlúthdhioscaí, ar na mallaibh as bailiúchán Dögen atá curtha in eagar ag Róise Ní Bhaoill.
Ulster Gaelic Voices: Bailiúchán Doegen 1931, Róise Ní Bhaoill. Iontaobhas Ultach, Béal Feirste. £22 (2 dhlúthdhiosca san áireamh).
Béal Feirsteach a bhfuil a ainm in airde sa chathair agus sa tír a thug rabhadh fán tonn bháite a bhí ag scuabadh iarsmaí an tseanchultúir Ghaelaigh de chlár an oileáin sa 19ú haois déag. Roibeárd Mac Ádhaimh a bhí ann a rinne cion fir é féin lenar fhéad sé a shábháil do na glúinte a bhí le teacht.
Mar a thuar an ‘Ciúin Mac Ádhaimh’, fuíoll an áir amháin a bhí fágtha de chultúr béil na Gaeilge nuair a shocraigh rialtas an tSaorstáit i 1926 go raibh idir ríthábhacht agus róphráinn ag baint le samplaí den teanga bheo i ngach ceantar inar mhair sí a chur ar an taifead go buan. Bhí an t-ádh ar Éireannaigh go raibh an duine ceart ar fáil don tionscnamh, mar a bhí scoláire sároilte Gearmánach, an Dr Wilhelm Dögen, a bhí i dtosach cadhnaíochta léann na foghraíochta sna blianta roimh an Dara Cogadh Domhanda. Trí Choiste Léann na Gaeilge de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann a cuireadh an scéim i gcrích agus b’éifeachtach, scolártha mar a gcéanna an mheitheal a chuaigh ina bun, Éamonn Ó Tuathail, Myles Dillon, M.A. O’Brien agus Séamus Ó Néill, ainmneacha atá ar eolas ag saol an léinn uilig inniu. Béal Feirsteach ‘onórach’ eile, an tEilbhéiseach Heinrich Wagner a bhí ina ollamh le Ceiltis in Ollscoil na Ríona i lár na haoise seo chuaigh thart a rinne an chéad iarracht eile le taifeadadh eolaíochtúil a dhéanamh ar theanga bheo na Gaeilge ar fud réigiúin na Gaeltachta, agus gan dearmad á dhéanamh aige de na ceantair bheaga thréigthe taobh amuigh de na mórlimistéir Ghaeilge san iarthar, san iarthuaisceart agus san iardheisceart. Rescue dialectology a thugadh sé féin ar a raibh ar siúl aige agus bhí a dhearcadh agus an cur chuige a bhí aige ina ábhar inspioráide ag na scoláirí óga a lean é. Ina measc siúd bhí an tOllamh Gearóid Stockman agus Colm Ó Baoill, ollamh emeritus de chuid Ollscoil Obar Dheathan anois, a rinne sáriarracht cuid d’ábhar Doegen ó oirthear Uladh a shoiléiriú dúinn i 1967.
Tá níos mó ná glúin iomlán imithe ón uair sin agus féadaimid a bheith buíoch go bhfuil an duine ceart ar an fhód arís leis an ábhar luachmhar céanna a chur inár láthair ar bhealach cuimsitheach. Bean í Róise Ní Bhaoill a bhfuil scoth an eolais aici ar an Ghaeilge ó dhúchas – le cois oidhreacht éagsamhalta sa traidisiún béil – agus de bharr a cuid oiliúna agus tá sí i ndiaidh an chuid is fearr den nua-theicneolaíocht a chur chun feidhme le glórtha sinseartha seo na draíochta a chur inár gcluasa an athuair. Is mór an moladh atá ag dul do Róise as an dua atá caite aici ag baint céille as na taifeadtaí stairiúla seo atá ag tabhairt ár ndúshláin le tamall chomh fada sin agus tréaslaítear léi a fheabhas a d’éirigh a cuid oibre léi, go háirithe sna limistéir taobh amuigh de Dhún na nGall áit a raibh sí ag tabhairt míniú ar ghlórtha agus iad ag labhairt i gcanúintí nach ann dóibh feasta. Is mór an áis sa chás iad na nótaí canúna agus eagarthóireachta (lgh 47-57, 356) atá curtha ar fáil aici, gan trácht ar an rannóg treorach chun úsaid an leabhair féin (lch 71), agus is saothar ealaíne iontu féin iad in amanna a cuid aistriúchan Béarla, cf lgh 229, 231: ‘The Man who had Three Sisters’).
Ag Caomhnú agus ag Roinnt an tSaibhris
Ní beag an chomaoin ach oiread atá curtha orainn ag Róise san aiste scolártha de réamhrá a scríobh sí le hábhar an leabhair a chur ar ná súile dúinn. Tá an tuairisc chéanna feistithe amach le léarscáileanna maiseacha, léirmhínitheacha ag tabhairt cuntais ar chúlú na teanga ar fud Chúige Uladh agus an oileáin ar fad (athfhoilsiú an taighde a chuir Garrett Fitzgerald i gcló in imeachtaí Acadaimh Ríoga na hÉireann i 2003-04), agus tá comhleagan den tráchtaireacht curtha ar fáil fosta i dteanga Bhéarla atá tarraingteach, soléite. Is é atá againn in oidhreacht na dtaifeadtaí agus na leathanach de chur síos ar na faisnéiseoirí a théann leo, a d’fhág tionscnamh Doegen ina dhiaidh agus atá curtha inár láthair ar shlí chomh soiléir sin ag Róise, ná grianghraf, grianghraf a glacadh ag am faoi leith i saol na hÉireann ina dtairgíonn daoine a choinnigh greim – in amanna greim an fhir bháite – ar ar mhair dá gcultúr béil, samplaí de na gnéithe a ba luachmhaire leo féin: seanscéalta agus amhráin, agus, lena chois sin uaireanta, eachtraí as a saol féin. Tarlaíonn sé go dtaispeánann radharc as saol duine aonair dúinn an méid a bhí ag titim amach ar an stáitse náisiúnta fosta. Cuir i gcás Máire Nic Daibhéid as Tír Eoghain (lgh (220, 222) a tógadh ar ghannchuid an Bhéarla agus nár dhearmad go lá a báis an drochléasadh a fuair sí óna hathair ina hóige as fanacht lá ón scoil – láthair sealbhaithe na teanga coimhthí a bhí de dhíth ar chách. Sin pictiúr a insíonn dúinn níos fearr ná fiche alt léannta an tiomáint chun an Bhéarla a bhí ag dul ar aghaidh ar fud móran den tír san am.
Caomhnóirí Más inaitheanta ainmneacha cuid de na scoláirí a stiúraigh an scéim, níl muid dall inniu féin ach oiread ar chuid de na faisnéiseoirí, go hairithe i nDún na nGall – macasamhail seanchaithe Rann na Feirste, Johnny Shéimisín agus Feidhlimidh Dhomhnaill Phroinsias, nó scríbhneoir ‘na Gaeltachta Láir’, Seaghan Bán Mac Meanman a bhfuil Scoil Éigse bhliantúil á reáchtáil anois ina onóir.
Agus tá iomrá fosta ar chuid de na cainteoirí a chuir ar fáil ábhar ó thaobh amuigh de Dhún na nGall. Cuirim i gcás Eoin Ó Cianáin, ar bhunaigh an tOllamh Éamonn Ó Tuathail, Coláiste na Tríonóide, ar ar tráchtadh cheana air, leabhar iomlán ar a chuid seanchais. Ós ag caint ar a leithéid atá mé, ní miste cuimhniú ar cheannródaithe eile a bhí gníomhach sa ghort céanna: is ábhar iontais dúinn an méid amhrán a chruinnigh Énrí Ó Muirgheasa i dTír Eoghain agus in oirthear Dhún na nGall dá dhá shaothar a tháinig i dtús cadhnaiochta, Céad de Cheóltaibh Uladh agus Dhá Chéad de Cheóltaibh Uladh agus an t-ábhar a fuair an Canónach Coslett Ó Cuinn atá á chur os ár gcomhair i rith an ama. Lenár linn féin cuimhnímid, go háirithe, ar an obair éachtach athshealbhaithe atá ar bun ag Pádraig Ó Baoighill ar shean-Ghaeltacht Chúige Uladh, ag an Dr Pádraigin Ní Uallacháin ar oidhreacht amhrán agus amhránaíochta Oirialla agus, in Oirthear Uladh trí chéile, ar réimse na canúineolaíochta agus a stairgrafaíochta, ag an Dr Ciarán Ó Duibhín lena nglactar buíochas mar dhuine de lucht tacaíochta an tsaothair seo féin. Mar a mhínítear i réamhrá Ulster Gaelic Voices, fuair an scoláire teangeolaiochta, Heinrich Wagner, a luadh cheana, ábhar dá Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects ó chuid de na daoine céanna a chuidigh le foireann Dögen, agus chruinnigh Seán Ó hEochaidh, béaloideasóir cáiliúil Dhún na nGall, ábhar traidisiúnta fíorluachmhar ó chuid acu.
Mar thoradh ar iarracht fhiúntach sháreagarthóir an leabhair seo, tá glórtha daoine i bpáirteanna de Chúige Uladh nach eol do bhunús phobal ár linne iad a bheith Gaelach riamh i ndiaidh aiséirí a dhéanamh, agus tá guthanna na nglúinte i nDún na nGall, a d’fhág a gcuid focal ar pár ach a bhí imithe iad féin gan ghlór, tugtha ar ais i saothar seo Róise Ní Bhaoill dóibh. Lena chois sin tá comhthéacsú na ré inar cuireadh tionscnamh Doegen i gcrích déanta ar an teanga, ar phobal a labhartha, ar na faisnéiseoirí agus ar an ábhar a chuir siad seo ar fáil. In ainneoin na ngléasanna scolártha sin ar fad, níl ceist ar bith ach gur leabhar don ghnáthléitheoir é seo fosta, nó, mar is dual dó, iompraíonn sé a chulaith léinn ar bhealach chomh héadrom, modhúil leis an údar a shaothraigh é. Déantar comhghairdeas arís léi féin agus le Iontaobhas Ultach as an saothar seo a chur i gcrích Is mór an maisiú é ar an obair thábhachtach atá á déanamh le seal chomh fada de bhlianta anois ag Aodán Mac Póilin agus ag a chomhghleacaithe díograiseacha.
- B’fhiú do dhuine súil a chaitheamh ar Chomórtas na Míosa.
Nasc: Wagner http://www.celt.dias.ie/publications/cat/e/e2-7-1.html