CÚINNE NA nEALAÍON
Éirim cheoil Nina Simone
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Tá Colm Ó Snódaigh splanctha i ndiaidh Nina Simone i ndiaidh dá chuid suime a bheith múscailte inti in athuair le déanaí.

Íomhá
Nina Simone
Íomhá
Ba leis an amhrán "My Baby Just Cares for Me" a bhain Simone cáil idirnáisiúnta amach
Íomhá

Sa charr ag tiomáint ó dheas i dtreo Bhrí Chualainn. Oíche dhorcha. An bháisteach a bhí ag titim an mhí ar fad ag teacht go leanúnach. Soilse na gcarranna eile do mo dhalladh. Leaba agus codladh uaim.Ar an raidió, tá ceol á sheinm ag Dónal Dineen, draoi cheoil Today FM. Ceol ildaite a roghnaíonn sé – ceol a bhogann mé ó áit go háit go héasca. Go tobann, tá draíocht ghleoite ag teacht tríd an gcóras fuaime. Moillím an carr. Éistim. Ciúnaím. Ardaím an fhuaim. Níl aon ní atá éasca faoin gceol seo. Nina Simone. “Sinnerman”.

“... Sinnerman where you gonna run to ...”

An drumadóireacht a thugaim faoi deara ar dtús. Buillí rithimeacha, cuisleacha, ar na ciombail troitheáin. Samhlaím an drumadóir ina shuí taobh thiar de na drumaí, a shúile ag faire go cúramach ar gheáitsíocht Nina agus í ag déanamh réidh le haghaidh an t-amhrán a chanadh. É ag cinntiú freisin go bhfuil na buillí beacht, go bhfuil an fhuaim i gceart, go bhfuil an luas, an luascadh agus an mothúchán cuí – óir is eisean atá ag cinntiú go bhfuil gach rud socair tríd an amhrán ar fad. Is mian leis go mbeidh an t-amhrán mar a bheadh peacach ag teith – é ag saothrú anála, allas ag sileadh go trom uaidh, é ag lorg faoisimh nó maithiúnais.

Ansin, tosaíonn Nina ag canadh - ní gá dom níos mó a rá ná go bhfuilim ceannaithe, beannaithe, díolta agus múchta aici.

“...Sinnerman where you gonna run to ...”


Ba thrí fhógra teilifíse de chuid Chanel No 5 a tarraingíodh aird an domhain mhóir ar Nina Simone i 1987. Cinnte, bhí cáil uirthi roimhe sin, go mór mór sna Stáit Aontaithe. Ach de thoradh an fógra a bheith á thaispeáint timpeall na cruinne gach lá ar feadh cúpla mí, níorbh fhada go raibh an t-amhrán “My Baby Just Cares for Me” *le cloisteáil ar gach stáisiún raidió. Ba é seo an hit *ba mhó a bhí aici riamh. Íorónta go maith, b’amhrán óna céad albam é, a bhí taifeadta aici chomh fada siar le 1958. B’amhrán éadrom é nach raibh mórán téagair ag baint leis, a cheap sí féin!

Rugadh Eunice Kathleen Waymon, nó Nina Simone mar is fearr aithne uirthi, sa bhliain 1933 in South Carolina. Duine d’ochtar clainne ab ea í a raibh féith an cheoil inti riamh – ina croí, ina méara agus ina guth. Agus í dhá bhliain d’aois, thosaigh sí ag seinn an phianó agus bhí sí páirteach sa chór eaglasta ó bhí sí ábalta canadh. Ach bhí fearg inti freisin. Nuair a bhí sí aon bhliain déag d’aois, bhí sí ag seinn lá amháin i halla áitiúil. Dúirt sí leis an slua a bhí i láthair nach mbeadh sí sásta leanúint ar aghaidh lena cuid seanma mura dtabharfaí cead dá tuismitheoirí teacht ar ais go dtí a gcéad rogha suíochána bhí chun tosaigh – i ndiaidh gur tugadh a suíocháin do dhaoine geala. Aimsir dhorcha ab ea é sna Stát Aontaithe ó thaobh an chiníochais de. Ní nach ionadh, mar sin, go raibh sí iomlán gafa, agus í ina duine fásta, le gluaiseacht na gCeart Sibhialta a bhí ar siúl faoi stiúir Martin Luther King.

Guth mór, crosta, maorga na gluaiseachta ab ea í a raibh amhráin mar “Mississippi Goddam”, “Young Gifted and Black” agus “We Shall Overcome” aici.


Tar éis dom “Sinnerman” a chloisteáil, chuaigh mé chuig Tower Records i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus cheannaigh mé trí albam dá cuid le go bhféadfainn mé féin a bhá ina ceol! Tá mé báite!

Agus anois tá mé suite sa seomra suí ag éisteacht leis an rithim sa chéad chúpla soicind de “See-line Woman”. Tá mé ag glaoch, go sceitimíneach, ar mo dheartháir, le rá leis go bhfuil rithim den scoth aimsithe agam. Tá deora i mo shúile

agus mé ag éisteacht le leochaileacht na mothúchán in “The Other Woman”agus “I’ll Look Around” agus “In my Prime”. Cloisim an dóigh a ndeachaigh an oiliúint a fuair sí ó thaobh an cheoil chlasaicigh de chun sochair di – tá sé le sonrú sa chomhcheol agus i struchtúr an cheoil é féin. Santaím saoirse agus spraoi an snagcheoil. Ceiliúraim boige agus cumhacht a gutha. Smaoiním ar a héirim cheoil agus samhlaím í sa stiúideo le ceoltóirí a banna, ag pleidhcíocht le smaointe ceoil, ag ceardaíocht, ag múnlú, ag fiosrú agus “African Mailman”, *nó “He Needs Me”nó “You’ll Never Walk Alone” *á seinm acu.

Thart fá chúig bliana ó shin, rinne mé iarracht “Feeling Good” a fhoghlaim.

“... It’s a new dawn, a new day, a new life, for me

And I’m feeling good ...”

Bhí sé ródheacair mo rian féin a fhágáil air – bhí modh seinnte agus amhránaíochta ag Simone a bhí chomh cliste, oilte, snoite agus snasta go mbeadh sé deacair ar dhuine aon ní nua a chur leis an amhrán. Ach anois – agus mé faoi uisce, báite agus briste – tá mé ag luí isteach ar an amhrán arís. Mar sin, má fheiceann tú mé i lár tráchta agus mé ag screadáil liom os ard mar a bheadh amadán orm, cuir an locht ar Nina Simone. Agus ar Dhónal Dineen, dar ndóigh!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.