Míníonn Antain Mag Shamhráin an tairbhe a bhaineann sé as an London Review of Books a léamh ar bhonn rialta.
Tá mé ag léamh an *London Review of Books *ó foilsíodh de chéaduair é cúig bliana is fiche ó shin, i 1979. Is é cuimhne atá agam air, cé bith acu fíor bréagach an chuimhne, gur stailc i gcuid nuachtán *Times *Londan a ghríosaigh baicle bheag d’aos liteartha na Breataine le páipéar úr le haghaidh na léirmheastóireachta is na hiriseoireachta liteartha a chur ar bun. Bhí bearna sa mhargadh, mar a déarfá, ó tharla a leithéid sin de lón léitheoireachta gan a bheith ar fáil ón *Times *ar feadh fada go leor tráth na stailce.
Tá mearchuimhne agam ar litir nó ar alt a scríobh Frank Kermode áit éigin ag moladh dá chomrádaithe i saol na litríochta sa Bhreatain eiseamláir an *New York Review of Books *a leanúint nuair a bhí an fhaill acu. Dá gcuirfí bonn faoi pháipéar nua nuair ba lú an iomaíocht, dar leis, mhairfeadh sé nuair a d’fhillfeadh an *Times *ar na seilfeanna. Nó sílim gurbh é Frank Kermode a scríobh (tá súil agam nach bhfuil mé ag déanamh éagóra ar dhuine ar bith); tá seisean ar bhord eagarthóireachta an *London Review of Books *ón tús. *Éminence *i saol na hacadúlachta sa Bhreatain atá in Frank Kermode agus béim mhór aige ar an aiste léannta a bheith soléite. As Oileán Mhanann dó agus sílim gur léigh mé tráth in alt eile leis gur leagan é ‘Kermode’ den sloinne Mac Diarmada.
I leabharlann na hollscoile i gCúil Raithin a tchínn an páipéar nuair a tháinig sé amach i dtús ama. Is dócha gur choinnigh mé súil amach dó ón uair a léigh mé an t-alt úd. Níor nós liom cuid foilseachán an Times a léamh mórán roimhe sin ná ní raibh eolas ar bith agam ar pháipéar Nua-Eabhraic roimhe sin ach oiread, ach chuir mé dúil sa *London Review of Books *ón chéad lá.
In aghaidh na coicíse a fhoilsítear anois é ach ní cuimhin liom cad é mar a bhí ar dtús. Níorbh fhada ar scor ar bith go mbínn ag dréim go mór le gach eagrán nua sa leabharlann agus féadaim a rá go bhfuil mé á léamh go measartha rialta ó shin. Ní hé gur léigh mé achan eagrán ó shin ná gur léigh mé a bhformhór fiú. Léigh mé go rialta sna blianta tosaigh é, léigh mé ó am go chéile ar feadh fada go leor ina dhiaidh sin é, agus tá mé á fháil ar síntiús na saolta deireanacha seo. Is leor sin lena chur ina luí orm féin go bhfuil mé á léamh go rialta ón tús. Is treise an t-imprisean ná an fhírinne bunús an ama.
Níl a fhios agam cén saoi a chum an chaint úd fá dhuine coinneáil bord ar bhord lena chuid aineolais. Is iomaí duine a d’aithris na focail chéanna ó shin agus tá mé ag déanamh gur leagadh ar níos mó ná duine amháin iad. Is ag iarraidh breith ar eireaball mo chuid aineolais a bhímse agus is ar a shon sin a léim an London Review of Books. Is mó go mór an cíocras léinn is litríochta is díospóireachta atá orm ná an t-áiméar atá agam ar a shásamh; ná an cumas atá ionam a shásamh, leoga. In imeacht bliana cuirtear an dúrud téamaí, agus saothar an dúrud scríbhneoirí, i mo láthair sa London Review of Books; scríbhneoirí is téamaí nach gcasfaí dom de ghnáth taobh amuigh de shainfhoilseacháin an luchta léinn.
Téamaí
Ba liosta le háireamh na hailt atá ligthe i ndearmad ar fad agam ach tá siad seo a leanas ar na daoine agus ar na téamaí a bhí faoi chaibidil sna hailt is cuimhin liom as measc ar léigh mé le dornán beag blianta anuas: Rupert Murdoch, William Shakespeare, D. H. Lawrence, Ted Hughes, Dylan Thomas, Bob Dylan, Rimbaud, Mallarmé, Ungaretti, an t-aistriúchán, an mhatamaitic, an gréasán domhanda, Bill Gates, John Nash, deirfiúr Neitzsche, Bonnie Prince Charlie, Macpherson, Art Pepper, Prokofiev, JFK, New Labour, the Bush family coup, an tuar (a tháinig fán tairngreacht ar ball) go rachadh clann George Herbert Walker Bush chun cogaidh le clann Saddam Hussein, tionscal an Holocaust sna Stáit Aontaithe, an Siónachas agus an tacaíocht a fuair sé ó na frith-Ghiúdaigh, an Phalaistín, Edward Said, an Chaismír, Tarik Ali, Pablo Escobar, tógáil beostoic i Meiriceá Theas, an tsíocanailís, an t-oideachas tríú leibhéal, Camembert, Conrad, Camilla Parker Bowles, Lady Gregory, Colm Tóibín, Paul Muldoon, Heaney, an Oxford English Dictionary, J. M. Coetzee, Auerbach agus mimesis, creach na hÁise ag an tSeapáin aimsir an dara cogadh domhanda agus baint na Stát Aontaithe leis.
*And there’s more! *Níl ansin ach cuid de na hailt is cuimhin liom gan dul a ransú na n-iareagrán atá ag carnadh ar fud an tí (agus ag teacht sa chosán ar bhean an tí a bhíonn ag iarraidh ord agus eagar a choinneáil orainn uilig sa bhaile chomh maith lena jab féin a dhéanamh). Aistí léirmheasa is mó atá iontu, ach bíonn colúin rialta agus aistí tuairimíochta de chineálacha éagsúla sa pháipéar, chomh maith le dánta; níor cheart na dánta a ligean i ndearmad, cé gur annamh a léim iad sin.
Cén tairbhe atá le baint as léirmheasanna nuair is annamh a bhíonn seans agam na leabhair féin a fheiceáil gan trácht ar iad a léamh? Bhuel, mura mbím ar scoil castar na scoláirí orm. Tugann na haistí léargas beag éigin dom ar chuid de na díospóireachtaí agus de na conspóidí i saol na polaitíochta agus i saol an léinn. Ní bhíonn a fhios agam, leis an fhírinne a rá, cé acu a thugann údair na n-aistí cuntas cruinn ar na leabhair faoi léirmheas nó nach dtugann. Níl a fhios agamsa ach go gcastar eolas agus anailís agus tuairimíocht dom i ngach eagrán nach bhfeicfinn áit ar bith eile faoi láthair. Tugann gach eagrán lón machnaimh dom nach bhfaighinn i bhfoilseachán Gaeilge ar bith. Cuirtear ar mo chumas aistear iontais a dhéanamh ar fud mo chuid aineolais féin. Cluinim cling na gcloigíní á mbaint sa mhearchuimhne atá agam ar ar léigh mé agus ar ar fhoghlaim mé cheana, agus cuirtear craiceann úr ar dhreach agus ar dheilbh m’intinne.
Nuair a chluala mé ar na mallaibh gur bhain Mark Haddon duais litríochta Whitbread i Sasana lena úrscéal The Curious Incident of the Dog in the Night-Time *bhí a fhios agam gur léigh mé léirmheas air sin sa *London Review of Books, agus má fhiafraíonn duine ar bith díom ar léigh mé an leabhar go fóill déarfaidh mé leis go bhfuil sí agam agus go bhfuil súil agam í a léamh, nuair a bheas mé réidh le beathaisnéis an mhatamaiticeora John Nash, má bhíonn faill agam ar chor ar bith air. Níor thosaigh mé á léamh sin go bhfaca mé an scannán den teideal céanna, A Beautiful Mind, ach tá mé ag déanamh gur léigh mé léirmheas ar an leabhar nuair a tháinig sé amach i 1998, cé nach cuimhin liom an léirmheas anois.
Scríobh Nash tráchtas dochtúireachta i 1950 a ghnóthaigh Duais Nobel dó i 1994 ach sa bhliain 1959 bhí sé in ospidéal meabhairghalair i gcuideachta Robert Lowell, in Bowditch Hall mar a raibh Sylvia Plath agus Ray Charles ar ball fosta. Scitsifréine pharanóiach a deirtear a bhí ar Nash (atá air i gcónaí is dócha, cé gur tháinig biseach éigin air ó shin), an galar céanna a deirtear linn a bhí ar Sheosamh Mac Grianna a cuireadh isteach in ospidéal Leitir Ceanainn cúpla bliain roimhe sin, tuairim is 1957, sílim. Ní mór an cuntas atá againn ar Sheosamh Mac Grianna ná ar an ghalar a bhí air d’ainneoin a bhfuil scríofa faoi, agus an chéad uair eile a léifidh mé *Dá mBíodh Ruball ar an Éan *beidh drithle bheag éigin sholais agam as scéal Nash leis an eolas a dhéanamh dom a fhad le tuiscint ar leabhar an Ghriannaigh nár bhain mé amach roimhe.
Iarracht atá sa léitheoireacht seo ar fad ar ghréasán tagartha a fhí as na snáithíní eolais a bhíonn á gcruinniú agus á scaipeadh de shíor ag iomghaoth m’aigne; iarracht ar thaithí agus ar fhoghlaim áirithe a ghreamú sa ghréasán sula roiseann an díchuimhne iad. Osclaíonn gach alt fuinneog dom ar réaltacht eile; tugann leis amach mé ar chomhréir chraobhach an bhriathair bheo agus ar ais arís le léargas eile ar an réaltacht fhíorúil seo agam féin. Níor rug mé riamh ar eireaball mo chuid aineolais, agus ní bhéarfaidh.
Agus an rud is mó a bhfuil cuimhne agam air as ar léigh mé sa London Review of Books *in imeacht na mblianta sin ar fad? Fógra beag pearsanta a foilsíodh ar eagrán éigin i bhfad ó shin: *writer seeks man to do for him in Spain.
Is é Antain Mag Shamhráin údar *Litríocht, Léitheoireacht, Critic (1986), agus ba é comheagarthóir an irisleabhair bhliantúil Oghma (1989-98). Is ball é d’fhoireann eagarthóireachta an Ghúim ó 1980 i leith. Is as Contae Dhoire ó dhúchas é ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath anois.*