CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Éire Bheag agus an Domhan Mór
Íomhá
Bunaitheoir Blackwater Erik Prince
(le Gordon Coombes ar Picasaweb)
Íomhá
Mahdi al Harati, un commandant militaire de Tripoli
(le Magharebia ar Picasaweb)
Íomhá
Simon Mann
(le Rama ar Vicipéid)

Is fada ó friothadh amach nárbh é an bull’s wool an t-éide saighdiúra ab fhearr faoin ghréin do theas na hAfraice. Tá sé ag bordáil ar leathchéad bliain ó thug saighdiúirí na hÉireann aghaidh ar Katanga agus ar an Chongó. Mar thaca leis na Náisiúin Aonthaithe a chuadar ann. D’fhostaigh Ian Smith roinnt de mhuintir na hÉireann ag an am le bheith ag cúléisteacht (i nGaeilg) lena gcuid cumarsáide Gaeilge ar raidió an airm.

Is iomaí arm a ndeachaigh na Gaeil ag troid ar a shon i bhfad i gcéin. Tharraing siad idir cháil agus dhroch-chlú ar an tír seo in imeacht na gcéadta bliain. Mar amhais a chuaigh siad thar lear le hairm Shasana, na Stát Aontaithe, na Fraince, na Beilge srl. nó le comhlachtaí príobháideacha. Bíonn siad amhlaidh i gcónaí, ar ndóigh, ag troid ar nós dream Ghurkha i dtíortha gur chuma leo saoirse nó beatha daoine in Angola, an Congó, Vítneam srl. anuas na blianta. Is beag is féidir le héinne a dhéanamh mar gheall ar dhaoine a bheith ag taisteal chuig cogaí thar lear. Mar a mheabhraíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála:

cead taistil ag aon saoránach Éireannach ar bhun a phas Éireannnaigh.

Cé Tá Chugainn?

Baineann gné eile leis an scéal seo fosta.

Nuair a thiteann seanrí de leataobh i dtír thar lear, bíodh sé trí uisce faoi thalamh nó trí éirí amach ina choinne, is chuig tír ‘neodrach’ ar nós Éireann is breá leis na cumhachtaí a gcuid dídeanaithe a chartadh. Ghlac Éire le lucht tacaíochta an tseanrí Idris nuair a baineadh an chumacht de i Libia, agus ghlac Éire chomh maith le ‘muintir na mbád’, mar a tugadh orthu, as Vítneam nuair a theith arm Mheiriceá as an tír sin agus a thréig iad. Glacadh le lucht dídine nach iad fosta agus go deimhin, ba chóir glacadh leo.

Ní amach amháin a shaothraíonn an Gaeil, nó ‘an tÉireannach Nua’ ach oiread, an dea-cháil, ach is féidir leis an duine a thiocfas isteach chun na tíre cur linn mar dhream daoine nó baint dínn agus b’fhéidir an fháilte a cuireadh roimhe a choilleadh. Is é an trua má shalaíonn an mionlach dea-theist an mhóraimh, óir is iad na hÉireannaigh Úra ceann de na imeachtaí is fearr a tharla inár leith le tamall. Is gairid go mbeidh céimithe sa tír seo, a bhreathnós orthu féin ina gcroí is ina gcnámha mar Éireannaigh, ag tabhairt aghaidh ar an saol go hilteangach agus iad ag saothrú i mbun gach cineál gnó.

Is é an trua go mbeadh tíortha eile ag baint leas as daoine mar iad le huisce faoi thalamh a dhéanamh in aghaidh daoine in Éirinn, nó leis na seanfhaltanais a shocrú thar lear, faoi náisiúnú BP i Libia fágaim, le rialtais a chur de dhroim seoil i dtíortha thar lear d’fhonn teacht ar thoibreacha ola agus mar sin de. Is cosúil go síleann na ‘cairde’, SAM, Sasain (agus ná déanaimis dearmad ar Iosrael a áireamh agus sinn ag cuimhneamh ar chlóicheadanna) gur cúige dá gcuid nach ndlítear dó an urraim chuí mar stát ‘neodrach’. Cé déarfas nach mar gheall ar an ‘neodracht’ an easpa urraime sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.