CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Éire agus an Marú Idirnáisiúnta

Níorbh ionann iompar Arm na tíre seo sa Liobáin agus iompar airm thíortha eile na Náisiún Aontaithe ann, cé go raibh siad go léir ag feidhmiú sa Liobáin faoi na rúin chéanna le UNIFIL. Bhí údar leis an iompar sin. Thuig na hÉireannaigh gur sceimhlitheoireacht in aghaidh an phobail áitiúil a bhí ar bun ag Arm Iosrael ann nuair a scaoileadh siad sliogáin ghliogair – gan ábhar pléascach – isteach faoi fhraitheacha tí. Ní mharaítí aon duine an chuid is mó den am, ach is iomaí fear, bean is páiste a loiteadh go dona, a dalladh, nó a chaill leathlámh nó leathchos nuair a theilgeadh na hIosraelaigh sliogán den chineál sin le teach cónaí gan choinne, nó le teach i ndiaidh a chéile tríd na sráidbhailte.

Bhíodh Fórsaí Cosanta na tíre seo amach láithreach idir tancanna Iosrael agus na tithe nuair a thosaíodh siad ar an scaoileadh sliogán seo. Ghlactaí tomhaiseanna, tharraingítí grianghraif agus scríobhtaí na tuairiscí ar an dochar do thithíocht, ar ghortú daoine agus ar aon mharú a tharla dá dheasca. D’íoc na hÉireannaigh as a ndíograis, scaití ag lámha na bhFalaing a thaobhaigh Iosrael, ach choinníodar orthu i mbun a ndualgas. Maríodh nach mór leathchéad saighdiúir as Éirinn ann. D’fhreastail oifigigh an airm ar thórraimh agus ar shochraidí seanóirí sna sráidbhailte mórthimpeall, agus ní sa chulaith chogaidh a théidís ann, ach sa ‘full dress no. 1s’, agus labhraídís go hurramach le daoine ann go díreach mar a dhéanfhaidís sa bhaile in Éirinn.

An Chomhbhá

Níor thuig airm eile na NA an t-iompar sin mar ní raibh an cleachtadh sin acu; comhbhá le pobal in am bás a gceannaire pobail. Níor bhraith na hairm eile a bheith básaithe ach seanfheairín. Chuaigh an meas a léirigh saighdiúirí na tíre seo i rith na mblianta 1978-2001 ar phobal dheisceart na Liobáine i bhfeidhm go mór ar dhaoine i bhfad is i ngar. Níl aon tír Mhuslamach sa taobh sin, an Iaráin go háirithe, nár caintíodh ann faoin dream as an ‘Iarthar’ a thuig agus a sheas le pobal na háite a bhí brúite faoi chois.

Nuair a tháinig deireadh le fiannas Fhórsaí Cosanta na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, is é an feall nár féachadh leis an chomhthuiscint agus an tsaintaithí sin a fuair oifigigh na hÉireann sa Mheán-Oirthear a chur i bhfeidhm ar mhaithe le comhthuiscint idirnáisiúnta. Chun donachta a chuaigh an scéal, faraor. Thosaigh polaiteoir nó dhó in Éirinn a raibh ceangal acu le ECAT ag moladh go nglacfadh an tír seo le ballraíocht ann. Beidh le feiceáil amach anseo cé na ceangail a bhí ag an ‘pholaiteoir nó dhó’ leis an eagras chéanna, nó le lucht gnó an eagrais.

Na hAmhais

Eagras comhghuaillíocht stát a bhíodh i ECAT go dtír gur thit Dallóg an Iarainn. Ní thiocfadh leis an eagras é féin a scor mar bhí tuarastail mhóra agus tábhacht nach beag bainte amach ag bainistíocht an mhaorlathais. ‘Riastartha umpu’ nó chuir siad athchruth orthu féin agus chuaigh i mbun na hoibre fuiltí a thig leo a dhéanamh go furasta, an marú idirnáisiúnta. Ní bheidh i ECAT anois agus feasta ach dream amhais, ar nós Black Jack Schramme, Mike Hoare, nó Blackwater (= Seirbhísí Xe) eile de chuid Choiste ‘Slándála’, mar dhea, na NA, óir tá na NA anois san áit a raibh an Conradh na Náisiún nuair a thit an tóin as. (Féach nasc an Ollaimh N. D. Nalapat leis an alt seo.)

Theith Black Jack Schramme agus a bhuíon, le taisce náisiúnta óir an Chongó, trasna na teorann go Ruanda 1967. Chuaigh buíonta slítheánta cogaidh ECAT idir SAS, Rónta SAM agus Léigiún Iasachta na Fraince isteach thar teorainn Libia i ndiaidh 2 Samhain 2010 ar son taisce óir is ola na tíre sin. (Féach nasc ‘Dinar an óir, siocair an chogaidh’ ar dheis.)

Níor cheart do Fhórsaí COSANTA na hÉireann na do Gharda SÍOCHÁNA na tíre seo freastal, mar pháirtí ná mar bhall, ar aon eagras lena mbaineann ECAT, agus tá na NA san áireamh sin. Má theastaíonn ó mhuintir an oileáin iathghlais iad féin a chur chun cinn mar eiseamlár do thíortha eile a bheidh ar son na síochána, ba cheart d’Éirinn iarratas ar bhallraíocht, nó mar pháirtí, a chur roimh Chomhairle Feidhmeannais Aontas na hAfraice. An bhfuil aon cheannaire in Éirinn a ghlacfas an seasamh sin agus a chuirfeas an scéal ní ba fhaide? Ní leithscéal ar bith an tíreolaíocht. Tá tíortha le taobh na Mara Duibhe ina mbaill de ECAT ón ‘North Atlantic’ agus tá páirtnéirí ECAT níos faide soir ná an Mhuir Chaisp!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.