Tá an beart déanta. Is cuma linn anois cén praghas a chuireann na margaí ar iasachtaí na tíre. Ní bheidh orainn dul ag lorg airgid uathu arís go ceann trí bliana. Tá geallúint tugtha ag an Aontas Eorpach (AE), Banc Ceannais na hEorpa (BCE), an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), agus ag trí thír Eorpach nach bhfuil an euro mar airgeadra acu – an Bhreatain, an tSualainn agus an Danmhairg – go dtabharfaidh siad €67.5bn dúinn ar iasacht. Déanfaidh seo freastal ar riachtanais airgid an stáit as seo go ceann trí bliana.
Tarrtháil nó Pianseirbhís?
Deir roinnt daoine nach fiú dúinn an t-airgead seo d’fháil toisc go gceapann siad go bhfuil an ráta úis, 5.83% p.a., ró-ard. Cinnte, tá an ráta os cionn 1% níos airde ná an ráta ab éigean dúinn a íoc le blianta beaga anuas, ach tá an ráta níos ísle ná an ráta 6.05% a d’íocamar ag an gceant deireanach a bhí againn mí Meán Fómhair. Is léir gur thuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, a eisíonn na bannaí ar son an stáit, nach mbeidis in ann bannaí a dhíol ar phraghas measartha nuair a chuir siad ar ceal na ceantanna a bhí le bheith acu i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna. Bhí sé de ghéarchúis acu réamhsholáthar ar ár riachtanais airgid ar feadh tréimhse sé mhí agus níorbh éigean dóibh an t-airgead a aimsiú ag an am sin. Tá an ráta ard ach an raibh an darna rogha againn? Má tharlaíonn gur féidir linn bannaí a eisiúnt sa mhargadh ar ráta níos ísle amach anseo, ní gá dúinn an t-airgead geallta a tharraingt. Faraoir, níl anseo ach tús an scéil. Ní mór dúinn ciorruithe géara a chur i bhfeidhm, breis cánach a ghearradh and tuairisc ráithiúil a sholáthar d’ár n-iasachtóirí go bhfuil an toradh ceart ar ár gcuid iarrachtaí sula n-íocfar an t-airgead linn. Agus, mar a dhearbhaigh an Rialtas céad lá na míosa (féach an nasc ar dheis), ’sé an chéad choinníoll ná go nglacfar leis an gcáinaisnéis a ghearrann €4bn de chaiteachas an stáit agus a leagan €2bn cáin breise.
An Córas Baincéireachta
Roimh 1998, is ó thaiscí a gcuid custaiméirí is mó a d’aimsigh bainc na tíre an t-airgead lenar thugadar iasachtaí. Sa deich mbliain idir 1998 agus 2008 nuair a thosaigh an ghéarchéim airgeadais, ní raibh muintir na hÉireann ag coigilt a ndóthain chun freastal ar riachtanais iasachta na tíre. Ina ionad, d’aimsigh bainc na tíre €200bn ó na margaí idirnáisiúnta agus thug na bainc an t-airgead seo ar iasacht do chomhlachtaí agus do thomhaltóirí sa tír.
Ón 30 Meán Fómhair 2008 ar aghaidh, bhí sé de chumas ag bainc na tíre airgead a fháil trí bhannaí a eisiúint ’sna margaí idirnáisiúnta le ráthaíocht ón rialtas. Chomh fada is a bhí muinín an mhargaidh ag an rialtas, bhí na bainc in ann teacht ar an airgead a bhí de dhíth orthu. Ach, tháinig drogall ar na margaí bannaí a cheannach fiú le ráthaíocht nuair a d’éirigh siad amhrasach faoin tír féin i lár na bliana seo.
In ainneoin an réiteach a rinne an Rialtas le AE/BCE/CAI, tá an córas baincéireachta fós i dtrioblóid. Níl na margaí toilteanach déileáil le bainc na tíre seo mar go bhfuil siad fós in amhras fúthu. Tá iontas orthu a laghad atá An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bhainistíocht Sócmhainní ag íoc leo as a n-iasachtaí do fhorbróirí réadmhaoine. Baineadh geit astu arís nuair a nochtadh le gairid go raibh caipiteal breise de dhíth ar Bhanc Aontas Éireann. Dá dheasca, tá na bainc s’againne ag brath ar Bhanc Ceannais na hEorpa agus ar Bhanc Ceannais na hÉireann chun a gcuid riachtanais airgid a sholáthar. Ag deireadh mí Dheireadh Fómhair, bhí €130bn faighte ag na bainc ón BCE agus bhí €34bn breise faighte acu ónár mbanc ceannais féin.
Ní nach ionadh, bhí fonn ar an BCE stop a chur leis an spleáchas seo. Deirtear gurb iad siúd a scaip an scéala go raibh an tír ag lorg cabhrach agus a chuir tús leis an bhfeachtas tarrthála a d’eascair as. Tá an Rialtas chun €10bn de chuid an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean a infheistiú láithreach ’sna bainc chun muinín an mhargaidh a chothú. Mar chuid den socrú, ní mór do na bainc an t-airgead atá ar iasacht acu ón BCE a aisíoc thar thréimhse. Ní mór do na bainc a sóchmhainní eachtrannacha a dhíol agus gearradh siar ar a n-iasachtaí sa bhaile chun an t-airgead a aimsiú chun é seo a dhéanamh. Is léir go mbeidh sé deacair iasacht d’fháil agus na bainc faoin mbrú seo. Bhíodh na bainc róthoilteanach iasachtaí a thabhairt dúinn tráth; an é a mhalairt faidhbe a bhéas againn as seo amach?
Comhartha Dóchais?
Don tríú mí as a chéile, tá líon na ndaoine atá dífhostaithe ag titim. Tá an méid cánach a íocadh i rith na bliana go dtí seo faoi mar a rabhthar ag súil leis. Tá feabhas suntasach tagtha ar iomaíochas na tíre toisc go bhfuil an ráta boilscithe an-íseal le dhá bhliain anuas. Tá cáil orainn go bhfuilimid solúbtha, go bhfuilimid toilteanach cibé athruithe is gá a dhéanamh a dhéanamh. Tá náire orainn gur gá dúinn cúnamh a lorg. Deir daoine gurb ionann seo agus caillteanas flaithiúnais. Agus b’fhéidir go bhfuil roinnt den fhírinne ann.
Ach tá sé fós ar ár gcumas an scéal a chur ina gceart. Is léir nach mbeidh an caighdeán maireachtála céanna againn arís go brách. An drochrud é sin? Ar imigh an rachmas chun tairbhe dúinn? B’fhéidir go dtuigfimid gur leor níos lú. Agus, má éiríonn linn dul chun cinn arís, b’fhéidir nach mbeimid chomh sotalach an chéad iarraidh eile.