Tá sé mar aidhm ag córais nua mar eFlow plódú tráchta i mBaile Átha Cliath a laghdú ach tá Diarmuid Mac Mathúna in amhras faoi chuid de na hathruithe atá i ndán do chomaitéirí na hardchathrach.
Tá a lán athruithe i ndán do dhaoine a bhíonn ag taisteal timpeall Bhaile Átha Cliath, idir chártaí nua leictreonacha don bhus agus an córas nua leictreonach eFlow ar dholadhroichid an M50. Ní hamháin gur gá dóibh dul i ngleic leis an bplódú tráchta a bhíonn i gceist arís ag an am seo den bhliain agus na páistí fillte ar scoil, ach caithfidh siad dul i dtaithí ar chórais nua theicniúla. Ní laghdóidh na hathruithe seo leibhéal struis na gcomaitéirí san ardchathair, ar dream iad a bhraitheann faoi léigear cheana féin.Ar ndóigh, deirtear linn gur ar mhaithe le cabhrú linn atá na córais nua seo á gcur ar fáil – tá siad ann chun ár saol a dhéanamh "níos éasca" agus chun "am a shábháil", a mhaítear. Dé réir na mbileog ildaite atá curtha ar fáil leis na cártaí "simplí" don bhus a mhíniú dúinn, tá gá leis na ticéid nua chun gur féidir linn taisteal ar an mbus agus ar an traein araon agus iad inár seilbh againn.Anois, aontaím leis an tuairim go bhfuil gá le córas comhtháite éigin a chuirfidh ar ár gcumas taisteal timpeall na hardchathrach ar Luas nó Dart nó ar bhus leis an ticéad céanna. Ach nílim cinnte an bhfuil córas na dticéad bus maith go leor
fós.Tóg, mar shampla, na ticéid Travel 90 lenar féidir taisteal ar bhusanna difriúla a fhad is go ndéanann tú do chuid turas éagsúil ar fad laistigh de 90 nóiméad. Roimhe seo, cheannaíteá leabhrán ticéad agus d’úsáidteá ticéad amháin in aghaidh an turais. Ag tús an chéad turas, chlóbhuaileadh an meaisín an t-am a bheadh an 90 nóiméad ídithe ar an gcárta. Anois, ní chlóbhuailtear aon rud ar an gcárta agus caithfidh tú súil ghéar a choinneáil ar d’uaireadóir chun luach iomlán an ticéid a fháil.Is crá beag é sin, is dócha, ach tá cúrsaí éirithe casta go leor ar an M50. Agus an t-alt seo á scríobh agam, níl fágtha ach cúpla lá go dtí go dtiocfaidh an córas nua eFlow (http://eflow.ie/) i bhfeidhm ag doladhroichid an M50 agus de réir tuairiscí sna nuachtáin, tá go leor daoine fós ag fanacht ar na clibeanna leictreonacha atá ordaithe acu. Agus is cinnte go dtiocfaidh fadhbanna eile riaracháin chun cinn leis an gcóras seo, mar a thagann le haon tionscadal teicneolaíochta den scála seo. Costais ardaCaithfidh mé a admháil go bhfuil an prionsabal taobh thiar den chóras nua go maith, ach ní maith liom an tslí a bhfuil sé curtha i bhfeidhm agus na costais arda a bhaineann leis. Ní thuigim, mar shampla, cén fáth a bhfuil táille riaracháin de €1 á gearradh ar chuntais leictreonacha tiománaithe gach mí? Is táille bhreise, chiniciúil í a mbeadh leithéidí Ticketmaster agus Ryanair bródúil as.Má oibríonn na córais leictreonacha seo i gceart, tá gach seans ann go ndéanfaidh siad saol chomaitéirí na hardchathrach beagáinín beag níos fearr. Léirigh rathúlacht an Luas – agus an cárta snasta dátheangach a ghabhann leis – gur féidir cúrsaí iompair a fheabhsú. Ach an maith
an rud é go ndéanfar taifead leictreonach dár dturais ar fad? Agus go mbeidh muid "á leanúint" i mbunachar sonraí mór lárnach ar nós Big Brother?
I Londain, tá an cárta Oyster tar éis an córas taistil a athrú go mór, ach tá go leor daoine buartha go bhfuil an iomarca eolais phríobháidigh á bhailiú mar gheall orthu de thairbhe an córas sin a bheith i bhfeidhm. Agus tá bradaithe ag cur spéise sa chóras freisin (féach "Hackers Crack London Tube Oyster Card" ar fáil ag: http://www.darknet.org.uk/2008/06/hackers-crack-london-tube-oyster-card/). Beidh sé suimiúil féachaint cén chaoi a n-éireoidh leis na córais nua i mBaile Átha Cliath. Tá súil agam go n-éireoidh go maith leo, ach tá mé chun mo rothar a úsáid go ceann mí nó dhó, ar eagla na heagla!
Tá an gramadóir "Ceart", a chabhraíonn le daoine gramadach agus litriú doiciméad Gaeilge a chinntiú go huathoibríoch, foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag www.cruinneog.com, i bpáirt le Kevin Scanell. Tá an leagan Apple Mac de "Ceart" ar fáil cheana féin agus tá an leagan Windows le foilsiú go luath chun dul i bpáirt leis an litreoir GaelSpell (www.gaelspell.com).