AR NA SAOLTA SEO
Easpa muiníne an phobail san Eaglais Chaitliceach
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Tá an t-úrscéal agus an scannán The Da Vinci Code cáinte go láidir ag an Eaglais Chaitliceach ach is é iompar na heaglaise féin, seachas na saothair sin, atá ag tiontú daoine i gcoinne na hinstitiúide, dar le Dónall Ó Maolfabhail.

Íomhá
Radharc ón scannán The Da Vinci Code
Íomhá
Ceann de Scrollaí na Mara Mairbhe
Íomhá
An t-iareaspag, Eamon Casey

Amaidí agus ábhar maslach, a deir urlabhraithe na hEaglaise Chaitlicí é an scannán The Da Vinci Code agus go háirithe an tuairim a chuireann sé chun cinn go bhfuil cumhacht na hEaglaise Caitlicí bunaithe ar bhréag, bréag atá á ceilt leis na mílte bliain. Ach an mhí seo caite léirigh pobalbhreith a deineadh sa Bhreatain go bhfuil ar a laghad duine as cúigear sa tír sin a chreideann go bhféadfadh a leithéid a bheith fíor. Is deacair a shamhlú nach mbeadh an tuairim chéanna le fáil sa tír seo.

Má chreidimid The Da Vinci Code, ní fear singil a bhí in Íosa Críost ach gnáthfhear a bhí pósta ar Mháire Mhaigdiléana, a fuair bás go nádúrtha agus nár aiséirigh riamh ó na mairbh. Ní hamháin sin ach is cumadóireacht iad go leor de na scéalta atá sa Bhíobla. Scríobhadh iad sa cheathrú haois le cumhacht impire Rómhánach na linne, Constantine, a threisiú. Is ar cháipéisí ársa, na Scrollaí Coptacha a fuarthas i Nag Hammadi san Éigipt, agus Scrollaí na Mara Mairbhe a fuarthas i bpluais i Wadi Qumran (trí mhíle dhéag soir ó Iarúsailéim), atá na teoiricí seo bunaithe. Ní haon ionadh é go ndearna an Eaglais Chaitliceach gach iarracht fianaise na gcáipéisí seo a choimeád faoi rún nuair a aimsíodh iad den chéad uair i lár na haoise seo caite.

Is cuma cé acu stair Impireacht na Róimhe, stair an Wild West nó stair na hÉireann a bhí i gceist, níor fhoinse iontaofa riamh iad cuid scannán Hollywood. Tá an ceart acusan, mar sin, a deir nach bhfuil i The Da Vinci Code ach finscéal agus nár chóir brath air le haghaidh fíricí staire ná creidimh. Ní hionann sin is a rá, áfach, gur amaidí iad na teoiricí go léir a chuirtear chun cinn sa scannán, ná gur amadán aon duine a thugann creidiúint ar bith dóibh.

Ar nós fhormhór na gCaitliceach, níl dóthain eolais agamsa le rá cé acu ar chóir muinín a chur i

gcáipéisí ar nós Scrollaí na Mara Mairbhe nó nár chóir. Ach má spreag scannán Neil Jordan muid chun gach ar fhoghlaim muid faoi dhúnmharú Mhíchíl Uí Choileáin i mBéal na mBláth a cheistiú, cuireann The Da Vinci Code sinn ag machnamh ar bhunteagasc na heaglaise agus an méid a múineadh dúinn roimhe seo.

Is léir, áfach, go gcreideann údaráis na hEaglaise Caitlicí ní hamháin gur amaidí é teagasc na heaglaise a cheistiú ach go bhfuil eagla orthu roimh a leithéid freisin. Tá siad imníoch go mbainfidh a leithéid de cheistiú bonn ó chreideamh na ndaoine. Ní dóigh liom go bhfuil mórán Caitliceach a chasfaidh a ndroim ar a gcreideamh díreach mar gheall ar an scannán The Da Vinci Code a fheiceáil. Ach is amaideach an mhaise d’údaráis na heaglaise a cheapadh go dtabharfadh daoine neamhaird ar gach teoiric de chuid na heaglaise atá contráilte.

Má tá an ceart ag údar The Da Vinci Code go bhfuil creideamh na heaglaise maidir le hÍosa Críost bunaithe ar bhréag, agus nílim ag rá go bhfuil, ní hé seo an chéad uair go raibh an eaglais mícheart. Tar éis an tsaoil, seo an eaglais chéanna a dúirt le Galileo go raibh a theoiric go dtéann an domhan timpeall ar an ngrian mícheart agus ansin a chuir é faoi choimeád agus a rinne cinsireacht iomlán ar a chuid scríbhinní. Seo an eaglais chéanna a dhiúltaíonn glacadh le teoiric Charles Darwin go bhfuilimid uilig síolraithe ó mhoncaithe. Thóg sé 350 bliain ar an eaglais a admháil go poiblí go raibh an seasamh a ghlacadar i leith Galileo mícheart. Cén fhad a bheidh orainn fanacht go dtí go n-admhóidh siad gur ó mhoncaithe atá an cine daonna síolraithe agus ní ó Ádhamh agus Éabha?

Dhá eachtra

Níl aon dabht ach nach ionann an eaglais a bhí ann le linn aimsir Galileo agus an eaglais sa lá atá inniu ann. Mar sin féin, an mhí seo caite, agus an chaint ar fad ar siúl faoin scannán The Da Vinci Code,tharla dhá eachtra a léiríonn go bhfuil deacracht fós ag an eaglais le daoine a nochtann tuairimí atá contrártha le creideamh na heaglaise.

Ar Dhomhnach Cásca, bheartaigh triúr sagart Agaistíneach ó Dhroichead Átha Aifreann a cheiliúradh in éineacht le ministir Protastúnach. Go gairid ina dhiaidh bhí ar an Athair Richard Goode, an tAthair Noel Hession agus an tAthair Iggy O’Donovan leithscéal i scríbhinn a ghabháil le hArdeaspag na hÉireann, leis an Nuinteas Aspalda agus le ceannasaí ord na nAgaistíneach agus ag am céanna geallúint phoiblí a thabhairt nach ndéanfaidís a leithéid arís go deo.

Thart ar an am céanna, díbríodh criú teilifíse de chuid RTÉ amach as an Vatacáin toisc gur ghléasadar bean mar easpag agus iad i mbun scannánaíochta. Nuair a fheiceann tú údaráis na heaglaise ag teacht anuas go trom i gcásanna mar seo, déanann sé níos inchreidte teoiric The Da Vinci Code go mbeadh an eaglais sásta rud ar bith a dhéanamh le rún a bhfuil a gcumhacht iomlán ag brath air a cheilt.

Ach thar aon rud eile is é an tuairim i measc an phobail nach bhfuil aon leisce ar urlabhraithe na heaglaise bréag a insint nuair a oireann sé dóibh agus seo an príomhchúis, dar liom, go bhfuil go leor daoine ann nach bhfuil ag diúltú amach is amach do theoiricí The Da Vinci Code.

Is beag duine a bhí níos glóraí ag cosaint theagasc na heaglaise ná an tEaspag Eamon Casey agus an tAthair Michael Cleary. Ach ag tús na nóchaidí, fuarthas amach gur fimínigh den chéad ghrád a

bhí iontu beirt, nuair a cruthaíodh go raibh páistí acu araon. Ansin i 1994, le linn don Athair Brendan Smyth a bheith á chúiseamh i gcúirt i mBéal Feirste, tháinig fianaise chun solais a léirigh go raibh údaráis na heaglaise ní ba bhuartha faoi a chinntiú nach dtarraingeofaí droch-chlú ar an institiúid ná mar a bhíodar faoi pháistí na tíre a chosaint ar bhithiúnach ar nós Smyth. Mar a scríobh an colúnaí Fintan O’Toole ag an am, “Each time he was sent to a parish, whispers of scandal would begin to emerge. Each time he would be sent back to Ireland and then posted off to another parish.”

Má chroith na scannail ghnéis uilig pobal na hÉireann, ba í an tslí mhí-ionraic a phléigh údaráis na heaglaise leis na scannail chéanna a chinntigh nach mbeadh muinín níos mó ag formhór na ndaoine as focail na heaglaise. Bhí taithí againn mar phobal ar an gclaonadh a bhí ag na polaiteoirí a bhí ag reáchtáil na tíre gan an fhírinne iomlán a insint i gcónaí agus anois bhí an rud céanna ar bun acu siúd atá in ainm is treoir mhorálta a thabhairt dúinn. Mar a dúirt an tAthair Brian Darcy le déanaí, ní nach ionadh nach bhfuil muinín níos mó ag daoine ina bhfuil le rá ag an eaglais, nuair a chuireann tú san áireamh chomh mór ar strae is a bhí compás morálta na heaglaise agus iad ag plé le líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí.

Níos lú ná caoga bliain ó shin chreid formhór mhuintir na hÉireann rud ar bith a thiocfadh as béal urlabhraithe de chuid na heaglaise. Is deacair an lá sin a fheiceáil ag teacht arís, ach muna dtagann ní ar an Uasal Dan Brown ná ar Hollywood a bheidh an locht.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.