CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Earraí leictreonacha gan úsáid
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Éiríonn le comhlachtaí áirithe earraí leictreonacha gan úsáid a dhíol leis na tomhaltóirí, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Is breá liom bheith ag siopadóireacht. Aon uair go dtugaim faoi deara go bhfuil cúpla pingin bhreise agam i mo phóca, isteach liom sa chathair go dtí siopa a dhíolann trealamh leictreonach. Ach go minic, tar éis dom tamall fada a chaitheamh i gceann de na siopaí sin, siúlaim amach as agus mé cráite – gan rud ar bith ceannaithe agam. Ní hé nach bhfeicim gléasanna suimiúla, ach chun an fhírinne a rá is beag rud atá ar díol sna siopaí sin atá úsáideach – agus tá líon níos lú fós atá sa chatagóir “riachtanach”. Nuair atá ríomhaire agat agus printéir agus b’fhéidir eochair USB is beag rud eile atá ag teastáil chun feidhmiú go héifeachtach. Agus is beag rud a bheadh in ann do “shaol leictreonach” a fheabhsú go mór. Ach níl aon easpa earraí leictreonacha ar fáil atá as an ngnách - ar na cúiseanna míchearta. Seo thíos roinnt de na gléasanna gan mhaith (dar liom!) atá ar an margadh faoi láthair:5. Aleratec DVD/CD ShredderTá mise chomh paranóideach le gach aon duine eile – ach gléas a ghearrann suas do DVDanna agus dlúthdhioscaí? Dar leis na déantóirí: “We all know that shredding paper mail is a smart and effective way to protect you from identity theft, but what if you’re one of the many who backup documents digitally to CD and DVD media?” Bhuel, ar a laghad gearrann sé suas páipéar freisin.

  1. Digital Photo KeyringMura gceapann tú gur leor gnáthghrianghraif i do vallait seo an gléas duitse: “The Mini Digital Photo Key Ring can be used as a keychain or pendant. Show all of your favourite pictures to your friends and family wherever you go.” Níl gloine formhéadúcháin san áireamh, faraor. 3. Satellite Suitcase – The Complete Satellite KitIs breá liom laethanta saoire chomh maith le siopadóireacht – ach seo gléas nach dtabharfaidh mé liom an chéad uair eile a bheidh mé ag dul ag campáil. “Camping suitcase [satellite tv] system with 39cm dish”. Cad atá cearr le tine bheag, roinnt marshmallows agus cúpla amhrán? 2. Wireless Outdoor Solar SpeakerMura leor bheith ag féachaint ar an teilifís agus tú ag campáil, seo slí chun gleo a chruthú i do ghairdín féin – agus is féidir leat airgead a shábháil ar chadhnraí freisin: “Whether you’re chillin’ in the garden, partying on the patio or boogie-ing round the barbecue, the Wireless Solar Speaker is bound to become an indispensable outdoor accessory.” Hmmm, b’fhéidir.

  2. Sony Internet Telephone "Mouse Talk"Seo an ceann is fearr liom – luch do do ríomhaire a fheidhmíonn mar fhón nuair a osclaíonn tú é. “This extraordinary mouse functions both as Internet telephone and USB optical mouse!” Nach bhfuil cuma olc go leor ort cheana féin agus ríomhaire glúine agat i gcaife? Seo slí iontach chun a chinntiú go gceapfaidh daoine thart timpeall ort go bhfuil tú as do mheabhair ar fad ar fad! Is ábhar iontais leanúnach dom na gléasanna nua ar fad cosúil leo seo a thagann ar an margadh nach bhfuil úsáideach in aon chor. Tá siad ann toisc gur féidir le comhlachtaí iad a chruthú – ní toisc go bhfuil siad ag teastáil ó dhaoine. Mar a mhíníonn John Kenneth Galbraith sa leabhar The Economics of Innocent Fraud is beag cumhacht atá ag an tomhaltóir na laethanta seo – caitheann comhlachtaí an-dua ar fad, agus an-chuid airgid, ar fhógraíocht chun a insint do thomhaltóirí cad go díreach atá uathu. Ach caithfidh mé a admháil go bhfuil roinnt dul chun cinn úsáideach á dhéanamh de réir a chéile. Tá buntáistí ag baint le gléasanna nua nach raibh ag gléasanna de “ghlún” níos óige. Mar shampla, bhí orm fón siúil nua a cheannach an lá cheana ach fuair an cadhnra bás go tobann toisc nach raibh seans agam é a athluchtú sa bhaile. Bhí áthas orm a thabhairt faoi deara go bhféadfaí é a cheangal le mo ríomhaire le sreang USB chun cumhacht bhreise a thabhairt dó – ní raibh orm soicéadluchtaire cadhnra oiriúnach a aimsiú. B’fhéidir, mar sin, go bhfuil spás do ghléas nua nó dhó i mo shaol. Anois cá bhfuil an siopa leictreonach is cóngaraí?

Tá GaelSpell 2007, leagan nua den litreoir cáiliúil a oibríonn le Microsoft Office 2007, díreach foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag www.cruinneog.com i bpáirt le Kevin Scanell. Tá Diarmaid i gceannas ar chúrsaí léiriúcháin sa chomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.