‘Is fearr aon ghreim de choinín ná dhá ghreim de chat’ más fíor an seanfhocal. Saol seo na heach-mhairteola agus Lá Fhéile Pádraig, ní mór a admháil go raibh Fir Féine – Gaeil na Luath-Chríostaíochta – chomh cam céanna le sliocht a sleachta i dtaca le réiteach na feola don bhord.
Shiúil Pádraig Aspal an dá mhíle bealaigh ag lag trá trasna Chuan Shligigh go hInis Uí Mhaolchluiche d’fhonn teampall a bhunú ar an oileán, ach bhí sé ag dréim le greim de choinín mar dheoladh tráthnóna fosta. Chinn ar fhear an tí aon choinín a cheapadh is cad é a rinne sé ach an cloigeann is an ruball a bhaint den chat agus réitíodh an fheoil sin don naomh. Leagadh ar ball an soitheach amach ar an tábla agus a baineadh an claibín de. Má baineadh, léim corp an chait aníos as an tsoitheach agus lig éamh caointe cait as bun a scóige agus d’imigh ina shiota amach ar an doras. Bhunaigh Naomh Pádraig an chill ar tír mór dá bhrí sin, ach d’achtaigh sé go mbeadh áiméar lag trá ag muintir an oileáin achan lá le siúl amach le haghaidh an aifrinn agus tá sé amhlaidh ó shin.
Ail na Róimhe, Petrus Romanus
Ní i bhfad a chuaigh caint ar chomharba Pheadair gur dhúisigh muintir youtube scéal Thuar Mhaolmhaodhóig Uí Mhorgair (+ 1148), Comharba Phádraig. Ní hiontas go dtí Pápacht Eoin Pól I mar ba é ‘De Meditate Lunae’ (= den Leath Gealaí) a bhí tuartha ag Ó Morgair dó. Ní raibh an cur is cúiteamh faoin teideal sin tosaithe i bhfad nuair a fuair an Pápa Eoin Pól bás i mbeagán achair, 33 lá, nó Leath na Gealaí!
Is é Ail na Róimhe – Petrus Romanus – an Pápa deiridh ar áireamh Uí Mhorgair. Chan amháin sin, ach ní haon dea-scéala atá aige dúinn ach oiread:
‘Cothóidh Petrus Romanus, Comharba Pheadair, a thread le linn an-mhórán ainnise céasadh deiridh déanach Eaglaise Naofa na Róimhe. Scriosfar cathair na seacht gcnoc agus bhéarfaidh Breitheamh an Uafáis breith ar na daoine.’
An Dea-Scéala
Beidh sinne, Éireannaigh, bailithe go poll tí liabáin seacht mbliana roimh ré, buíochas le Dia, óir tá sé tuartha i ndán atá leagtha ar Cholm Cille, ‘Éist riom, a Bhaoithín Bháin (/Bhuain), i naoi gcinn de lámhscríbhinní Mhá Nuat, go múchfar Éire faoin fharraige (: Acus co tī muir tarsa vii bliadna ria mbrat).
Iasachtaí go barra bachaill sé bliana ó shin, boscaí dubha SAM ceannaithe ag an tSín, Éire ag íoc na téiléireachta don Eoraip, muintir na Gréige ag ithe a chéile agus an Chipir ag ithe na Rúiseach – níl léamh, scríobh ná insint béil ar a bhfuil ag titim amach ar domhan. An bocht ag íoc leis an bhanc agus an banc ag íoc leis an tsaibhir. Luaigh dán de chuid Cholaim, go mbeadh na baincéirí ag diúltú iasachtaí a thabhairt agus go mbeadh córas cam tráchtála i bhfeidhm. Más é a scríobh an chéad lá riamh, ba iontach é nó is minic ráite ar na saolta seo, ‘ní fhéadfá é a chumadh’ -you couldn’t write this stuff.