AR NA SAOLTA SEO
Dúshlán mór i ndán do Kenny
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Agus an Dáil ina suí arís caitheann Uinsionn Mac Dubhghaill súil ghéar ar an obair mhór atá roimh cheannaire nua Fhine Gael, Enda Kenny.

Íomhá
Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael
Íomhá
An Taoiseach, Bertie Ahern

Má bhí Enda Kenny ag súil le tús maith spleodrach a chur lena fheachtas chun Fine Gael a tharrtháil, agus an Dáil ina suí arís i ndiaidh laethanta saoire na Nollag, theip go dona air. I ré seo na *soundbytes *níor chualathas aon ráiteas beacht cliste uaidh ar an teilifís. Sa Dáil féin rinne sé ceap magaidh dó féin nuair a thagair sé don Iaráin in áit na hIaráice, agus an díospóireacht faoi eitiltí na Sionainne faoi lánseol.

Is ar éigin gur thug éinne an botún faoi deara, áfach. B’fhéidir gur teist é sin ann féin ar an bhfear agus ar an gcaoi nach bhfuil ag éirí leis aird an phobail agus na meán a tharraingt air féin. Samhlaigh dá ndéarfadh Bertie a leithéid: bheadh sé ar chéad leathanach an *Indo *an lá dár gcionn. Is cuma céard é do mheas ar an Taoiseach, tugtar aird ar an méid a deir sé.

Nuair a toghadh ina cheannaire ar Fhine Gael é, i ndiaidh thoghchán na tubaiste 2002, mheas tráchtairí áirithe nach raibh an taithí ná na scileanna ag Enda Kenny chun an páirtí a athbheochan. Seacht mí níos faide anonn, tá sé beagáinín róluath le rá go fóill cé acu an bhfuil ag éirí leis nó nach bhfuil. Tar éis an tsaoil, tasc ollmhór atá roimhe agus tógfaidh sé cúpla bliain ar a laghad air a mharc a fhágáil ar an bpáirtí. Agus ar aon nós téann fadhbanna Fhine Gael i bhfad níos sia agus níos doimhne ná fadhbanna sa gceannasaíocht.

Agus an méid sin ráite, áfach, níor éirigh leis teacht i dtír ar dhrochíomhá an rialtais san fhómhar, nuair a sceitheadh an t-eolas faoi na ciorruithe móra a bhí beartaithe ach a coinníodh faoi rún aimsir an olltoghcháin. Níor éirigh leis lámh a leagan ar an Taoiseach i Seomra na Dála: níl aon radharc go fóill uaidh ar an nguth údarásach mar cheannaire an fhreasúra.

Níos measa fós, tá ceannaire úr ag Páirtí an Lucht Oibre atá sa tóir ar an lipéad úd a bhronn na meáin chumarsáide ar Dick Spring tráth: “fíorcheannaire an fhreasúra”. Má éiríonn le Pat Rabbitte an lipéad sin a chrochadh air féin, beidh Kenny i dtrioblóid mhór.

Éirimiúil

Ar bhealach, bheadh trua agat do cheannaire Fhine Gael. Is duine éirimiúil é, agus níl aon amhras ann ach go bhfuil sé dáiríre. B’fhéidir beainín ródháiríre, más ceadmhach a leithéid a rá faoi cheannaire polaitiúil. Ach an bhfuil an splanc speisialta sin ann a thabharfas ar dhaoine tacaíocht a thabhairt dó agus dá pháirtí, beag beann ar a chuid polasaithe agus ar a chuid dáiríreachta?

Tá an splanc sin ag Bertie. Sin an fáth a dtugtar “Bertie” ar an Taoiseach, seachas “Ahern”. Sin an fáth ar dhírigh Fianna Fáil a bhfeachtas toghchánaíochta ar phearsantacht an Taoisigh. Sin an fáth ar thug seisean bóithre na tíre air féin agus feachtas mire ar siúl aige lámh a chroitheadh leis an méid is mó daoine taobh istigh den achar is lú. Agus d’éirigh leis.

Nuair a toghadh Kenny ina cheannaire ar Fhine Gael chuir sé “Grúpa Athbhreithnithe Straitéise” ar bun, faoi chathaoirleacht Frank Flannery, iarstiúrthóir toghchánaíochta an pháirtí. Sa tuarascáil inmheánach a réitigh an grúpa cuireadh béim ar leith ar iarrthóirí maithe a aimsiú don pháirtí do na toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn.

Dúradh chomh maith go raibh gá le preab a bhaint as lucht an pháirtí, nár thuig a bhformhór go fóill an tsáinn ina bhfuil Fine Gael. Insíonn na staitisticí loma an scéal: thit a vóta ó 39.2% i 1982 faoi Garret the Good (an rud sin faoi ainmneacha arís) go 22.5% i mí na Bealtaine na bliana seo caite. Muna n-éiríonn leis an bpáirtí greim a fháil ar an bpobal in athuair beidh sé ar an imeall amach is amach faoin am a thiocfas an chéad olltoghchán eile.

Tháinig an Páirtí Daonlathach ach go háirithe, agus an Comhaontas Glas go pointe, i dtír ar easpa eagair Fhine Gael i 2002. Níl fáth ar bith nach n-éireodh le hEnda Kenny na vótóirí sin a mhealladh ar ais, agus tuilleadh vótóirí a mhealladh ó Pháirtí an Lucht Oibre, páirtí a thréig a chuid préamhacha sóisialacha go hiomlán le linn na 1990í.

Chun é sin a dhéanamh, áfach, ní mór dó é féin a chur in iúl go héifeachtach go luath, taobh istigh agus taobh amuigh den Dáil. Tá mí na meala thart, agus muna dtagann feabhas mór ar chúrsaí idir seo agus an samhradh beidh faobhar á chur ar na sceana arís.

D’fhéadfadh sé tosú lena shuíomh gréasáin féin. Níl ach abairt amháin as Gaeilge ar an gcéad leathanach aige, agus tá dhá bhotún litrithe san abairt sin. In áit eile ar an suíomh, faoi cheannteideal a thagraíonn d’imeachtaí reatha, tá liosta cruinnithe a tionóladh an samhradh seo caite.

Cogar i do chluas, a Enda, a mhac. Muna bhfuil tú in ann do shuíomh a choinneáil suas chun dáta, b’fhearr deireadh ar fad a chur leis seachas rud as dáta a bheith le feiceáil ann. Seo comhairle in aisce duit ... agus ádh mór sa bhliain úr.

*Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois agus ag obair mar shaoririseoir. Chaith sé seal ag obair mar eagarthóir Gaeilge an *Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.